I.R. Uimh. 291/1981 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1981
This is the act as published. Later amendments are not folded into the text below: each one is a separate act in this repository and an entry in this law's history.
De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agùs 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) ordáimse, Gearóid Mac Gearailt, Taoiseach, leis seo, mar a leanas:—
1.
An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) 1981, is teideal don Ordú seo.
2.
Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) , leis an ordú seo.
3.
Baineann an tOrdú seo le gach gnóthas de na gnóthais seo a leanas is é sin le rá, na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shomaítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.
4.
Baileofar staidreamh (dá ngairtear “an staidreamh” san ordú seo) sa bhliain 1981, maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh ata leagtha amach i gCuid II'den Sceideal a ghabhann leis seo.
5.
Is iad na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo, agus tá sraith díobh sin atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.
6.
Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) , a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.
AN SCEIDEAL
CUID I
TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓ THAÍ
Fuinneamh agus Uisce
Baint ghuail agus mhóna, astarraingt ola agus gáis nádúrtha (lena n-áirítear ullmhú láithreán) mar aon le sirtheoireacht nó taiscéalaiocht i ndáil leis an geéanna. ola mhianrúil a mhínghlanadh agus fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur agus a dháileadh, déanamh gáis in Oibreacha Gáis, soláthar agus dáileadh uisce.
Mianrai Neamhfhuinniúla
Mianraí neamhfhuinniúla agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróisiú agus sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna (lena n-áirítear ullmhú láithreán).
Tionscail Déantúsaíochta
Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochló go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil compháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.
Foirgníocht
Foirgníocht agus Cothabháil Oibreacha ag Iarnróid, údaráis áitiúla agus údaráis Phoiblí eile, lena n-áirítear Foirgnimh, Oibreacha Séarachais agus Siltin, Canálacha, Cuanta agus Dugaí, Bóithre Poiblí agus Droichid agus Oibreacha eile den saghas sin.
CUID II
Is leis an mbliain 1980 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).
EOLAS, TUAIRISCEáIN AGUS SONRAí
Caibidil I
Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh, ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar cheann amháin nó níos mó de na foirmeacha a shonraítear i gCuid III (A) den Sceideal seo.
Uimh. 1.—Sonraí an Bhunachais
- (a) Ainm trádála.
- (b) Seoladh Príomh-Oifige.
- (c) Seoladh iomlán poist an bhunachais.
- (d) Uimhir theileafóin.
Uimh. 2—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana
- (a) — Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—
- (i) Costas gléasra, innealra, trealaimh agus feithíclí
- (ii) Foirgnimh (lena n-áirítear méaduithe agus athruithe substaintiúla) agus gach uile obair tógála eile.
- (iii) Costas na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).
- (b) — Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—
- (i) Toradh díolachán gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.
- (ii) Toradh díolachán foirgneamh.
- (iii) Toradh díolachán na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).
Uimh. 3—Stoic agus Obair ar Siúl
Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an bunachas agus a bhí ullamh chun a ndíola, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.
Uimh. 4—Táirgi a Monaraíodh agus Obair a Rinneadh i rith na Bliana
- (a) Cainníocht agus luach gach ceann faoi leith de na príomhtháirgí a chur síos ar leithligh. Sonraí ar na táirgí eile go léir agus luach iomlán na dtáirgí sin le chéile.
- (b) Na suimeanna a fuarthas as an obair go léir a rinne fostaithe an bhunachais, lena n-áirítear na suimeanna a fuarthas as an obair a rinneadh ar ábhair a sholáthraigh daoine eile agus na suimeanna a fuarthas as deisiúcháin a rinneadh do dhaoine eile.
Uimh. 5—ábhair agus Comhábhair a úsáideadh
Cainníochtaí agus costas (sna hoibreacha) na mbunábhar agus na gcomhpháirteanna go léir a úsáideadh ag táirgeadh nó ag déanamh na dtáirgí i rith na bliana agus ag déanamh na hoibre, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo.
Uimh. 6—Costas Coimeádán, Deisiúchán, etc.
Costas coimeádán agus ábhar pacála eile a díoladh leis na hearraí; costas na n-ábhar a ceannaíodh le deisiú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar ghléasra ag fostaithe an bhunachais: suimeanna a íocadh as obair chonartha a rinne daoine eile ar ábhair a chuir an bunachas ar fáil i ndáil leis na táirgí a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo; suimeanna a íocadh le gnólachtaí eile as deisú agus cothabháil gléasra, innealra, feithiclí agus foirgneamh.
Uimh. 7—Breosla, Leictreachas, etc., a úsáideadh i rith na Bliana
Ní foláir sonraí a thabhairt i dtaobh cainníocht agus costas (sna hoibreacha) gach ceann de na saghsanna éagsúla breosla, olaí agus leictreachais, etc., a úsáideadh i rith na bliana.
Uimh. 8—Fostaíocht agus Tuarastail agus Pá a íocadh.
A—Maidir le bunachais a bhfuil sé riachtanach tuairisceáin a thabhairt ina leith i ngach ceann de na foirmeacha atá sonraithe i gCuid III (A) den Sceideal seo:
- (a) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 20 Meán Fómhair, 1980, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—
- (i) Dílseánaigh agus daoine den líon tí ag obair sa ghnó gan phá.
- (ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal.
- (iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige.
- (iv) Bunfhoireann mhaoirseachta.
- (v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh.
- (vi) Printísigh.
- (vii) Tascoibrithe lasmuigh.
- (b) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite in Uimh. 8A (a) (ii) go (vii).
Caibidil II
Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (B) den Sceideal seo. Caithfear na sonraí atá sonraithe in Uimh. 1 go hUimh. 11, go huile den Chaibidil seo a sholáthar i leith gach fiontar tionscail ina raibh fiche duine nó níos mó fostaithe i rith na seachtaine dár chríoch 20 Meán Fómhair, 1980.
Uimh. 1—Sonrai an Fhiontair
- (a) Ainm trádála.
- (b) Seoladh Príomh-Oifige.
- (c) Uimhir theileafóin.
- (d) Sonraí na húinéireachta.
- (e) Seoladh gach bunachais san fhiontar agus cuntas ar an sórt gníomhaíochta a bhíonn ar siúl ann.
Uimh. 2—Athruuthe ar na Sócmhainní Calpitiúla Dochta i rith na Bliana
Méaduithe agus laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—
- (i) Féithiclí paisinéirí
- (ii) Na feithiclí eile uile
- (iii) Gléasra, innealra agus trealamh a rinne foireann an Fhiontair féin
- (iv) Gléasra, innealra agus trealamh a ceannaíodh agus a cuireadh i bhfearas
- (v) Obair foirgníochta agus tógála a rinne foireann an Fhiontair féin
- (vi) Obair foirgníochta agus tógála a rinne conraitheoirí
- (vii) Foirgnimh chríochnaithe
- (viii) Talamh
- (ix) Na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir.
Uimh. 3—Stoic agus Obair ar Siúl
Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndiola agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.
Uimh. 4—Sonraí Láimhdeachais, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
- (a) An méid iomlán a sonraíodh do chustaiméirí maidir le,
- (i) earraí a táirgeadh agus a díoladh.
- (ii) seirbhísí tionscail a cuireadh ar fáil.
- (b) Luach earraí ceannaithe a margaíodh nó a monaraíodh.
- (c) Aon ghnéithe eile láimhdeachais.
Uimh. 5—Sonraí Nithe a Ceannaíodh, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
- (a) Costas ábhar agus breoslaí lena n-áirítear ábhair i gcomhair earraí caipitil a tháirgeadh.
- (b) Costas na seirbhísí tionscail go léir a fuarthas.
- (c) Costas earraí a margaíodh nó a monaraíodh.
Uimh. 6—Sonraí Costas Seirbhísí Neamh-Thionscail, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
- (a) Gléasra, innealra, trealamh, feithiclí etc., a fhruiliú.
- (b) Cíosanna a íocadh ar áitribh.
- (c) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra agus ar áitribh.
- (d) Muirir bainc gan muirir úis a áireamh.
- (e) Gach seirbhís neamh-thionscail eile.
Uimh. 7—Sonraí Cánach ar Láimhdeachas agus Cánacha Indíreacha, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
- (a) An méid iomlán Cánach Breisluacha a cuireadh in aghaidh an láimhdeachais.
- (b) An méid d'aon chánacha máil a íocadh nó is iníoctha.
- (c) An méid d'aon chánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.
Uimh. 8—Sonraí Cánacha ar Inchur, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
- (a) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear ábhair, breoslaí, earraí le h-athdhíol, etc.
- (b) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear sócmhainní caipitiúla dochta.
Uimh. 9—Sonraí i dtaobh Fóirdheontais Oibríochta.
An méid a fuarthas as cistí Stáit nó ó institiúidí na gComhphobal Eorpach mar fhóirdheontais oibríochta.
Uimh. 10—Fostaíocht agus Tuarastal agus Pá a íocadh
- (a) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 20 Meán Fómhair, 1980, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—
- (i) Dílseánaigh agus a líon tí ag obair sa bhfiontar gan phá.
- (ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal,
- (iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige,
- (iv) Bunfhoireann maoirseachta,
- (v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh,
- (vi) Printísigh,
- (vii) Tascoibrithe lasmuigh.
- (b) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite i bhfomhíreanna (ii) go (vii) go huile d'Uimh. 10(a) den Chaibidil seo.
Uimh. 11—Costais Saothair eile
Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar—
- (a) Ranníocaí fostóirí chun stampaí árachais shóisialaigh a cheannach agus le scéim árachais shóisialaigh pá-choibhneasa.
- (b) íocaíochtaí iomarcaíochta.
- (c) Ranníocaí fostóirí i leith cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsin eile.
- (d) íocaíochtaí pinsean nó sochair scoir seachas iad sin a íocadh as na cistí aoisliúntas.
- (e) Préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe le haghaidh tinnis nó gortaithe.
- (f) íocaíochtaí forlíontacha le fostaithe i leith tinnis nó gortaithe.
- (g) íocaíochtaí comhchineáil a cuireadh ar fáil d'fhostaithe.
- (h) Costais shóisialta eile.
- (i) Costais oiliúna.
CUID III
(A)—Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II Caibidil I den Sceideal seo a thabhairt ina leith.
| Foirm Uimh. B | Tionscal, Trádáil nó Gnó |
| C.I.P. 80/111 | Baint Ghuail |
| C.I.P. 80/134 | Taiscéalaíocht agus Astarraingt Pheitriliam agus Gáis Aiceanta |
| C.I.P. 80/140 | Mínghlanadh Ola Mianraí agus próiseáil torthaí Pheitríliam |
| C.I.P. 80/161 | Giniúint agus Dáileadh Cumhacht Leictreachais |
| C.I.P. 80/162 | Oibreacha Gáis, Dáileadh Gáis |
| C.I.P. 80/170 | Soláthar Uisce; Uisce a Bhailiú, a íonú agus a Dháileadh |
| C.I.P. 80/212 | Baint agus ullmhú Mianta Miotail Neamhfheiriúla |
| C.I.P. 80/221 | Tionscal Iarainn agus Cruach |
| C.I.P. 80/223 | Tarraingt, Fuar-rollú agus Fuarfhilleadh Cruach |
| C.I.P. 80/224 | Táirgeadh agus Céadphróisiú Miotal Neamhfheiriúil |
| C.I.P. 80/231 | Baint Abhar Foirgníochta agus Créanna Teasfhulangacha |
| C.I.P. 80/239 | Baint Mhianraí eile; Móin |
| C.I.P. 80/241 | Monarú Cré-earraí le haghaidh Foirgníochta |
| C.I.P. 80/242 | Monarú Stroighne, Aoil agus Plástair |
| C.I.P. 80/243 | Monarú Earraí Coincréite, Stroighne nó Plástair le haghaidh Foirgníochta |
| C.I.P. 80/244 | Monarú Earraí Aispeist |
| C.I.P. 80/245 | Obair Chloiche agus Obair ar Tháirgí Mianracha Neamh-mhiotalacha eile |
| C.I.P. 80/246 | Táirgeadh Clocha Líofa agus Táirgí Scríobacha eile |
| C.I.P. 80/247 | Monarú Gloine agus Earraí Gloine |
| C.I.P. 80/248 | Monarú Earraí Criadóireachta |
| C.I.P. 80/251A | Monarú Ceimieigh Thionscail Bhunata (gan Leasacháin a áireamh) |
| C.I.P. 80/251B | Leasacháin |
| C.I.P. 80/255 | Monarú Péinteanna, Vearnaiseachta, Dúch Clóite etc. |
| C.I.P. 80/256 | Táirgí Ceimiceacha, chun críocha Tionscail agus Talmhaíochta go formhór (gan Leasacháin a áireamh) |
| C.I.P. 80/257 | Monarú Táirgí Cógaisíochta |
| C.I.P. 80/258 | Gallúnach, Glantoirí Tacair, Cumhráin agus Ullmhóidí Maisiúcháin |
| C.I.P. 80/259 | Táirgí Ceimiceacha eile le haghaidh úsáide Tís agus Oifige go formhor |
| C.I.P. 80/260 | Tionscal Snáithreach Sintéiseach |
| C.I.P. 80/311 | Teilgcheártain |
| C.I.P. 80/312 | Gaibhníocht, Brú agus Stampáil Mhiotal |
| C.I.P. 80/313 | Claochló Tánaisteach, Cóireáil agus Cótáil Mhiotal |
| C.I.P. 80/314 | Monarú Táirgí Miotáil Déanmhais (lena n-áirítear Cóimeáil Chomhghafa agus Feistiú) |
| C.I.P. 80/315 | Déantóireacht Choirí, Monarú Taiscumar, Tainceanna agus Coimeádan Leatháin Mhiotail eile |
| C.I.P. 80/316 C.I.P. 80/319 | Monarú Airnéise agus Earraí Miotail Críochnaithe agus Tairgí eile Ceardlainne Miotail |
| C.I.P. 80/321 | Monarú Innealra Talmhaíochta agus Tarracóirí Monarú agus Cóimeáil— |
| C.I.P. 80/322 C.I.P. 80/323 | (A) Meaisín-Airnéise le Miotail a Oibriú agus Meaisín-Airnéise eile (B) Innealra agus Gabhálais Teicstíleacha |
| C.I.P. 80/324 | Monarú Innealra le haghaidh Tionscal Bia, Tionscal Ceimiceach agus Tionscal Gaolmhar |
| C.I.P. 80/325 | Gléasra agus Innealra do Mhianaigh, do Theilgcheártain, d'Oibreacha Cruach, d'Innealtóireacht Shibhialta (lena n-áirítear |
| C.I.P. 80/326 C.I.P. 80/327 C.I.P. 80/328 | crainn thógála) etc. Innealra Ilghnéitheach agus Trealamh Ilghnéitheach |
| C.I.P. 80/330 | Monarú Innealra Oifige agus Innealra Próiseála Sonraí |
| C.I.P. 80/341 | Sreanga agus Cábiaíaí Insiithe |
| C.I.P. 80/342 | Monarú Innealra Leictreachais (lena n-áirítear mótair leictreachais, gineadóirí, claochladáin, etc.) |
| C.I.P. 80/343 | Monarú Gaireas agus Fearas Leictreachais le haghaidh úsaide Tionscail (lena n-áirítear batairí agus taisc-chealla) |
| C.I.P. 80/344 | Monarú Trealamh Teileachumarsáide, Trealamh Tomhais, Trealamh Taifeadta agus Tréalamh Leictriliachta |
| C.I.P. 80/345 | Monarú Trealamh Raidió, Teilifíse agus atáirgeadh agus taifeadadh fuaime |
| C.I.P. 80/346 | Monarú Fearas Leictreachais Tís |
| C.I.P. 80/347 C.I.P. 80/348 | Monarú: (A) Lampaí Leictreachais agus Trealamh Soilsiúcháin Leictreachais |
| (B) Trealamh Leictreachais a Fheistiú | |
| C.I.P. 80/351 | Monarú agus Cóimeáil Mótarfheithiclí |
| C.I.P. 80/352 C.I.P. 80/353 | Monarú: (A) Cabhlacha d'Fheithiclí, Leantóirí, Carabháin, etc. (B) Páirteanna agus Gabhálais do Mhótarfheithiclí |
| C.I.P. 80/361 | Déanamh Long |
| C.I.P. 80/362 | Monarú Rothdhíle Iarnróid |
| C.I.P. 80/363 | Monarú Rothar, Gluaisrothar, Páirteanna agus Gabhálas |
| C.I.P. 80/364 C.I.P. 80/365 | Trealamh Aeraspáis agus Trealamh Iompair eile a Mhonarú agus a Dheisiú |
| C.I.P. 80/371 | Gléasanna agus Gaireas Tomhais, Seiceála agus Cruinnis |
| C.I.P. 80/372 | Monarú Trealamh Liachta, Máinliachta, etc. |
| C.I.P. 80/373 | Monarú: (A) Trealamh Optúil agus Trealamh Fótagrafaíochta |
| C.I.P. 80/374 | (B) Uaireadóirí agus Clog agus Codanna dóibh |
| C.I.P. 80/411 | Mairgairín agus Olaí agus Méithris ullmhaithe eile |
| C.I.P. 80/412 | Marú, Cóiriú agus Leasú Feola |
| C.I.P. 80/413 | Monarú Táirgí Déiríochta |
| C.I.P. 80/414 | Próisiú agus Leasú Torthaí agus Glasraí |
| C.I.P. 80/415 | Próisiú agus Leasú éisc |
| C.I.P. 80/416 | Muilleoireacht Ghráin |
| C.I.P. 80/417 | Monarú: (A) Spaigití, Macaróín, etc. |
| C.I.P. 80/418 | (B) Stáirse agus Táirgí Stáirse |
| C.I.P. 80/419 | Arán agus Milseoga Plúir (lena n-áirítear brioscaí) |
| C.I.P. 80/420 | Monarú agus mínghlanadh Siúcra |
| C.I.P. 80/421 | Monarú Cócó, Seacláide agus Milseogra Siúcra |
| C.I.P. 80/422 | Beatha Ainmhithe agus Beatha Eanlaithe Clóis |
| C.I.P. 80/423 | Monarú Táirgí Beatha Eile |
| C.I.P. 80/424 | Driogadh agus Comhshuíomh Biotáille |
| C.I.P. 80/425 | |
| C.I.P. 80/426 | Monarú Fíona, Ceirtlíse agus Deochanna Glasa |
| C.I.P. 80/428 | |
| C.I.P. 80/427A | Grúdaireacht |
| C.I.P. 80/427B | Brachadh |
| C.I.P. 80/429 | Monarú Táirgí Tobac |
| C.I.P. 80/431 | Tionscal Olla |
| C.I.P. 80/432 | Tionscal Cadáis |
| C.I.P. 80/433 | Snáithíní agus Uigí Sintéisteacha, Síoda agus Síodúla |
| C.I.P. 80/434 | Cóiriú, Sníomh agus Fíochán Lin. Cnáibe agus Ramie |
| C.I.P. 80/435 | Tionscal Súite |
| C.I.P. 80/436 | Tionscal Cniotála |
| C.I.P. 80/437 | Críochnú Teicstíleacha |
| C.I.P. 80/438 | Brait Urláir, Líonóil agus Clúdaigh Eile Urláir |
| C.I.P. 80/439 | Iltionscail Teicstíleacha |
| C.I.P. 80/441 | Súdaireacht agus Cóiriú Leathair |
| C.I.P. 80/442 | Monarú Táirgí as Leathar agus Táirgí as Bréigleathair |
| C.I.P. 80/451 | Monarú Coisbhirt |
| C.I.P. 80/453A | édaí, Fear agus Eadaí Buachaillí, Cultacha, Cótaí Móra, Hataí, Caipíní, etc. |
| C.I.P. 80/453B | éadaí—Déanamh Léinte |
| C.I.P. 80/453C | éadaí—éadaí Ban agus éadaí Cailíní (seachas Góiséireacht) |
| C.I.P. 80/453D | éadaí—Baill éadaigh Ilghnéitheacha agus Gabhálais |
| C.I.P. 80/455 | Teicstíleacha Tís agus Earraí Teicstíleacha Comhdhéanta eile |
| C.I.P. 80/456 | Fionnaidh agus Earraí Fionnaidh |
| C.I.P. 80/461 | Sáibhéaracht agus Próisiú Adhmaid |
| C.I.P. 80/462 | Monarú Táirgí Páirtchríochnaithe Adhmaid |
| C.I.P. 80/463 | Monarú Comhpháirteanna Adhmadóireachta agus Siúinéireachta |
| C.I.P. 80/464 | Coimeádáin Adhmaid |
| C.I.P. 80/465 | Earraí Monaraithe Adhmaid Eile |
| C.I.P. 80/466 | Earraí Coirc, Tuí, etc. Scuaba agus Scuaba Urláir |
| C.I.P. 80/467 | Monarú Troscáin Adhmaid |
| C.I.P. 80/471 | Monarú Laín, Páipéir agus Cláir |
| C.I.P. 80/472 | Próisiú Páipéir agus Cláir |
| C.I.P. 80/473 C.I.P. 80/474 | Clódóireacht, Foilsitheoireacht agus Comhthrádálacha |
| C.I.P. 80/481 | Táirgí Rubair |
| C.I.P. 80/482 | Táirgí Rubair |
| C.I.P. 80/483 | Próisiú Pleaisteach |
| C.I.P. 80/491 | Seodra, Earraí Gabha óir agus Gabha Ghil |
| C.I.P. 80/492 | Gléasanna Ceoil |
| C.I.P. 80/493 | Saotharlanna Fótografaíochta agus Cineamatagrafaíochta |
| C.I.P. 80/494 | Bréagáin agus Earraí Spóirt |
| C.I.P. 80/495 | Tionscail Mhonaraíochta Ilghnéitheacha |
| C.I.P. 80/54 | údaráis áitiúla |
| C.I.P. 80/55 | Canálacha, Duganna agus Calafoirt |
| C.I.P. 80/56 | Iarnróid—Déanamh, Cothabháil agus Deisiú gan trealamh Iarnróid, Mótarbhusanna ná Mótarieoraithe a áireamh |
(B)—Maidir le ghnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II (Caibidil II) den Sceideal seo a thabhairt ina leith.
Foirm A—Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1980.
| ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 21ú lá seo de Lúnasa 1981. | |
| GEARÓID MAC GEARAILT, | |
| Taoiseach. |
NÓTA MÍNIÚCHÁIN.
(Ní cuid den ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)
Is é is cuspóir don ionstraim seo cumacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Tháirgeadh Tionscail don bhliain 1980, míniú a thabhairt ar scóip an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don PhríomhOifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas go léir ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.
This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.
This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence.
Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.