I.R. Uimh. 434/1981 -Na RialacháinGhairmoideachais (Deontais i Leith Scéimeanna Bliantúla Coistí) 1981

Type Statutory Instrument
Publication 1981-12-22
State In force
Text As published
articles 7

This is the act as published. Later amendments are not folded into the text below: each one is a separate act in this repository and an entry in this law's history.

Reform history JSON API

IONSTRAIMÍ REACHTÚLA.

I.R. Uimh. 434 de 1981.

NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ) 1981.

I.R. Uimh. 434 de 1981.

NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ) 1981.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, SEÁN Ó BEOLÁIN, Aire Oideachais, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:—

1.

1.

Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1981 is teideal do na Rialacháin seo.

2.

2.

Sna Rialacháin seo:—

ciallaíonn “An tAcht” an tAcht Oideachais Ghairme Beatha 1930 (Uimh. 29 de 1930) ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais;

ciallaíonn “coiste” coiste gairmoideachais;

ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath” an limistéar gairmoideachais arb é contaebhuirg Bhaile Átha Cliath é;

ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire” an limistéar gairmoideachais arb é buirg Dhún Laoghaire é.

3.

3.

Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) leis na Rialacháin seo.

4.

4.

Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1981 an ranníoc áitiúil bliantúil a íocfaidh udarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtear an barrachas ranníoca sna Rialacháin seo) na dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúcháin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don Choiste sin, faoi alt 53 den Acht, arb é a bheidh ann:—

5.

5.

I dteannta an Deontais Bhreise féadfar deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Forlíontach) nach mó ná £328,000 den chaiteachas comhréire faoina rachaidh Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath faoi shocruithe arna gceadú ag an Aire agus arna gcomhcheadú ag an Aire Airgeadais, chun ionaid thréineála ógra a bhunú agus a chothabháil nó chun neartú no cabhrú lena gcur ar fáil agus lena gcothabháil i gcómhair limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath a íoc leis an gCoiste sin in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1981.

6.

6.

I gcás na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1981, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise na deontais seo a leanas a thabhairt faoi alt 53 den Acht:—

dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta.

7.

7.

Nuair a bheidh aon ríomh á dhéanamh de réir na Rialachán seo:—

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 22ú lá seo de Nollaig, 1981.
SEÁN Ó BEOLÁIN.

Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Airgeadais an 22ú lá seo de Nollaig, 1981.
JOHN BRUTON.

NOTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo, ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Rialaíonn na rialacháin seo íoc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an lú Eanáir, 1981.

This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.

This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence. Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.