I.R. Uimh. 439/1981 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógail), 1981

Type Statutory Instrument
Publication 1981-12-21
State In force
Text As published
articles 6

This is the act as published. Later amendments are not folded into the text below: each one is a separate act in this repository and an entry in this law's history.

Reform history JSON API

IONSTRAIMÍ REACHTÚLA.

I.R. Uimh. 439 de 1981.

AN tORDÚ STAIDRIMH (MÓRÁIREAMH AR FHOIRGNÍOCHT AGUS AR THÓGAIL), 1981.

I.R. Uimh. 439 de 1981.

AN tORDÚ STAIDRIMH (MÓRÁIREAMH AR FHOIRGNÍOCHT AGUS AR THÓGAIL), 1981.

De bhun na gcumhachtaí a thugtar le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú) 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) agus an tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean) 1981 ( I.R. Uimh. 395 de 1981 ) ordaímse FEARGHAS O BRIAIN, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo, mar a leanas:—

1.

1.

An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1981, is teideal don Ordú seo.

2.

2.

Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3.

3.

Baineann an tOrdú seo le gnóthais atá ag gabháil d'obair fhoirgníochta agus thógála lena n-áirítear mórbhealaí, séaracht, draenáil agus oibreacha eile den chineál céanna.

4.

4.

Baileofar sa bhliain 1981 staidreamh (dá ngairtear “an staidreamh” san Ordú seo), maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

5.

5.

Is iad na foirmeacha a thaispeántar i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú, agus tá sraith díobh sin, agus iad sínithe ag an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6.

6.

Is é an duine ag a mbíonn an gnóthas ar siúl, agus ar a ndéanfar leor-éileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

Is leis an mbliain 1980 a bhaineann ábhar na Coda seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEÁIN AGUS SONRAÍ

Uimh. 1—Athruithe ar na Sóchmhainní Caipitil Dochta i rith na Bliana.

A—Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

B—Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

Uimh. 2—Stoic ar Láimh agus Obair idir Lámha.

Luach stoc agus obair idir lámha i dtús agus i ndeireadh na bliana, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu:—

Uimh. 3—Obair agus Earraí a Rinneadh i rith na Bliana.

Uimh. 4—Ioncam ó Ghníomhaíochtaí Eile.

Uimh. 5—Ábhair a Úsáideadh i rith na Bliana.

Costas na n-ábhar uile a úsáideadh san obair a n-éilítear sonraí in a taobh faoi Uimh. 3 thuas.

Uimh. 6—Breosla, Leictreachas 7rl, a úsáideadh i rith na Bliana.

Sonraí i dtaobh costais olaí peitriliaim, gáis, leictreachais agus breosalaí eile a úsáideadh.

Uimh. 7—Suimeanna ab Iníoctha le Fochonraitheoirí.

Luach obair a rinneadh i gcaitheamh na bliana don ghnióthas ag gnólachtaí eile ar chronarthaí a foligeadh chucu i ndáil leis an obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 3 thuas, ag idirdhealú idir:—

Uimh. 8—Costais Saothair.

A—Iomlán an tuarastail agus an phá a íocadh i rith na bliana ag idirdhealú idir íocaíochtaí le:—

B—Costais eile saothair—méid na muirear nó na gcostas i gcaitheamh na bliana mar gheall ar ranníoc fostóra i leith ciste aoisliúntais; íocaíochtaí pinsean seachas iad sin a íocadh as an gciste; ranníocaí fostóra don Scéim Arachas Shóisialaigh Pá-Choibhneasa; íocaíochtaí iomarcaíochta cnapshuime a rinneadh, lúide aisíocaíochtaí a fuarthas; íocaíochtaí (lúide aisíochaíochtaí) a rinneadh faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967; préimheann árachais a íocadh thar ceann fostaithe i leith breoiteachta nó díobhála; costais eile saothair.

Uimh. 9—Sonraí i dtaobh Costais Eile a Tabhaíodh.

Uimh. 10—Daoine ar Fostú.

An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar laethanta saoire le pá sa ghnóthas ar feadh na seachtaine pá nó le linn aon chuid den tseachtain phá dar chríoch an 20ú Meán Fómhair, 1980, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir:—

Uimh. 11—Cánacha ar Láimhdeachas agus Cánacha Indíreacha.

Uimh. 12—Cánacha ar Inchur.

Uimh. 1—Athruithe ar na Sóchmainní Caipitil Dochta i rith na Bliana.

A—Méaduithe ar na Sóchmhainní Caipitil Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

B—Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

Uimh. 2—Stoic ar Láimh agus Obair idir Lámha.

Luach stoc agus obair idir lámha i dtús agus i ndeireadh na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

Uimh. 3—Obair agus Earraí a Rinneadh i rith na Bliana.

Uimh. 4—Ioncam ó Ghníomhaíochtaí Eile.

Uimh. 5—Ábhair a Úsáideadh i rith na Bliana.

Costas na n-ábhar uile a úsáideadh san obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 3 thuas.

Uimh. 6—Breosla, Leictreacas, 7rl., a Úsáideadh i rith na Bliana.

Sonraí costas olaí peitriliaim, gáis, leictreachais agus breoslaí eile a úsáideadh.

Uimh. 7—Suimeanna ab Iníoctha le Fochonraitheoirí.

Luach obair a rinneadh i gcaitheamh na bliana don ghnóthas ag gnólachtaí eile ar chonarthaí a foligeadh chucu i ndáil leis an obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 3 thuas, ag idirdhealú idir:—

Uimh. 8—Costais Saothair.

A—Iomlán an tuarastail agus an phá a íocadh i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh idir íocaíochtaí le:—

B—Costais eile saothair—méid na muirear nó na gcostas i gcaitheamh na bliana mar gheall ar ranníocaí fostóra i leith ciste aois-liúntais; íocaíochtaí pinsean seachas iad sin a íocadh as an gciste; ranníocaí fostóra don Scéim Arachas Shóisialaigh Pá-Choibhneasa; íocaíochtaí iomarcaíochta cnapshuime a rinneadh, lúide aisíocaíochtaí a fuarthas; íocaíochtaí (lúide aisíocaíochtaí) a rinneadh faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967; préimheann árachais a íocadh thar ceann fostaithe i leith breoiteachta nó díobhála; costais eile saothair.

Uimh. 9—Sonraí i dtaobh Costais Eile a Tabhaíodh.

Uimh. 10—Daoine ar Fostú.

An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar laethanta saoire le pá sa ghnóthas ar feadh na seachtaine pá nó le linn aon chuid den tseachtain phá dar chríoch an 20ú Meán Fómhair, 1980, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin ag idirdhealú idir:—

Uimh. 1—Obair a Rinneadh i rith na Bliana.

An méid airgid a fuarthas as obair a rinneadh mar phríomh-chonraitheoir (lena n-áirítear obair a rinne fochonraitheoirí don ghnóthas) ag idirdhealú idir:—

Uimh. 2—Obair a Rinneadh mar Fhochonraitheoir.

An méid airgid a fuarthas as obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

Uimh. 3—Ábhair agus Breosla a Úsáideadh i rith na Bliana.

Costas na n-ábhar agus an bhreosla uile a úsáideadh san obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 1 thuas.

Uimh. 4—Íocaíochtaí le Fochonraitheoirí.

Íocaíochtaí a rinneadh le fochonraitheoirí.

Uimh. 5—Pá agus Tuarastail.

An méid iomlán pá agus tuarastal a íocadh i gcaitheamh na bliana ag idirdhealú idir íocaíochtaí le daoine a bhí ag obair de réir íochonartha saothair amháin agus íocaíochtaí le gach fostaí eile.

Uimh. 6—Daoine ar Fostú.

An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar laethanta saoire le pá sa ghnóthas an tseachtain phá dar chríoch an 20ú Meán Fómhair, 1980, nó an ghnáthsheachtain phá is gaire di sin, ag idirdhealú idir:—

Uimh. 7—An Cineál Oibre a Rinneadh.

Ceanglaítear sonraí a thabhairt ar an gcineál oibre a rinneadh.

Uimh. 1—Obair a Rinneadh i rith na Bliana.

Uimh. 2—Daoine ar Fostú.

An méid daoine a bhí ag obair sa ghnóthas an tseachtain phá dar chríoch an 20ú Meán Fómhair, 1980, ag idirdhealú idir:—

Uimh. 3—An Cineál Oibre a Rinneadh.

Ceanglaítear sonraí a thabhairt ar an gcineál oibre a rinneadh.

CUID II

Foirmeacha atá le húsáid ag bailiú an staidrimh

Uimh. Thag. Foirm Uimh. Do ghnóthais a n-éilítear an t-eolas, na tuair- isceain, agus na sonraí a ordítear sa Chuid Thíosluaite den Sceideal seo ina dtaobh:—
1 C.B.C. 80 d Cuid 1 (A)
2 C.B.C. 80 c Cuid 1 (B)
3 C.B.C. 80 b Cuid 1 (C)
4 C.B.C. 80 a Cuid 1 (D)
--- ---
ARNA THABHAIRT faoi mo láimh, an 21ú lá seo de Nollaig, 1981.
FEARGHAS Ó BRIAIN,
Aire Stáit, Roinn an Taoisigh.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi.)

Is é is cuspóir don Ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil don bhliain 1980, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a cheangal tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas uile ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.

This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.

This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence. Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.