I.R. Uimh. 219/1982 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1982

Type Statutory Instrument
Publication 1982-07-07
State In force
Text As published
articles 6

This is the act as published. Later amendments are not folded into the text below: each one is a separate act in this repository and an entry in this law's history.

Reform history JSON API

De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitístíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) agus an tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean) 1981 (I.R. Uimh. 97 de 1982) ordaímse, PHARALÁN Ó h-EACTHAIRN, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo, mar a leanas:—

1.

1.

An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) 1982, is teideal don Ordú seo.

2.

2.

Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3.

3.

Baineann an tOrdú seo le gach-gnóthas de na gnóthais seo a leanas is é sin le rá, na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

4.

4.

Baileofar staidrimh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) sa bhliain 1982, maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo.

5.

5.

Is iad na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo, agus tá sraith díobh sin agus iad sínithe ag an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6.

6.

Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistiochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun críche an staidrimh, maidir le haon gnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓTHAÍ

Fuinneamh agus Uisce

Baint ghuail agus mhóna, astarraingt ola agus gáis nádúrtha (lena n-áirítear ullmhú láithreán) mar aon le sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna, ola mhianrúil a mhínghlanadh agus fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur agus a dháileadh, déanamh gáis in Oibreacha Gáis, soláthar agus dáileadh uisce..

Mianraí Neamhfhuinniúla

Mianraí neamhfhuinniúla agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróisiú agus sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna (lena n-áirítear ullmhú láithreán).

Tionscail Déantúsaíochta

Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochló go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil comhpháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.

Foirgníocht

Foirgníocht agus Cothabháil Oibreacha ag Iarnróid, Údaráis Áitiúla agus Údarais Phoiblí eile, lena n-áirítear Foirgnimh, Oibreacha Séarachais agus Siltin, Canálacha, Cuanta agus Dugaí, Bóithre Poiblí agus Droichid agus Oibreacha eile den saghas sin.

CUID II

Is leis an mbliain 1981 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEÁlN AGUS SONRAÍ

CAIBIDIL I

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar cheann amháin nó níos mó de na foirmeacha a shonraítear i gCuid III (A) den Sceideal seo.

Uimh. 1.—Sonraí Ginearálta

( a ) Ainm, Seoladh agus Uimhir Theileafóin na Príomh-Oifige

( b ) Bliain an Tuairisceáin

Uimh. 2.—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana

( a ) Méaduithe ar na Sócmhainni Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

( b ) Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

Uimh. 3.—Stoic agus Obair ar Siúl

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an bunachas agus a bhí ullamh chun a ndíola, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.

Uimh. 4.—Táirgi a Monaraíodh agus Obair a Rinneadh i rith na Bliana

( a ) Cainníocht agus luach gach ceann faoi leith de na príomhtháirgí arna chur síos ar leithligh. Sonraí ar na táirgí eile go léir agus luach iomlán na dtáirgí sin le chéile.

( b ) Na suimeanna a fuarthas as an obair go léir a rinne fostaithe an bhunachais, lena n-áirítear na suimeanna a fuarthas as an obair a rinneadh ar ábhair a sholáthraigh daoine eile agus na suimeanna a fuarthas as deisiúcháin a rinneadh do dhaoine eile.

Uimh. 5.—Ábhair agus Comhábhair a Úsáideadh

Sonraí na mbunábhar agus na gcomhpháirteanna go léir a úsáideadh ag táirgeadh nó ag déanamh na dtáirgí i rith na bliana agus ag déanamh na hoibre, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo.

Uimh. 6.—Costas Coimeádán, Deisiúchán, etc.

Costas coimeádan agus ábhair phacála eile a díoladh leis na hearraí; costas na n-ábhar a ceannaíodh le deisiú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar ghléasra ag fostaithe an bhunachais; suimeanna a íocadh as obair chonartha a rinne daoine eile ar ábhar a chuir an bunachas ar fáil i ndáil leis na táirgí a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo; suimeanna a íocadh le gnólachtaí eile as deisiú agus cothabháil gléasra, innealra, feithiclí agus foirgneamh.

Uimh. 7.—Breosla, Leictreachas, etc., a úsáideadh i rith na Bliana

Ní foláir sonraí a thabhairt i dtaobh cainníocht agus costas (sna hoibreacha) gach ceann de na saghsanna éagsúla breosla, olaí agus leictreachais, etc., a usáideadh i rith na bliana.

Uimh. 8.—Fostaíocht agus Tuarastail agus Pá a Íocadh

A—Maidir le bunachais a bhfuil sé riachtanach tuairisceáin a thabhairt ina leith i ngach ceann de na foirmeacha atá sonraithe i gCuid III (A) den Sceideal seo:

( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 19 Meán Fómhair, 1981, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—

( b ) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite in Uimh. 8A (a) (ii) go (vii).

Caibidil II

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (B) den Sceideal seo. Caithfear na sonraí atá sonraithe in Uimh. 1 go hUimh. 11, go huile den chaibidil seo a sholáthar i leith gach fiontar tionscail ina raibh fiche duine nó níos mó fostaithe i rith na seachtaine dár chríoch 19 Meán Fómhair, 1981.

Uimh. 1.—Sonraí an Fhiontair

( a ) Ainm trádála.

( b ) Seoladh Príomh-Oifige.

( c ) Uimhir Theileafóin.

( d ) Sonraí na hÚinéireachta.

( e ) Seoladh gach bunachais san fhiontar agus cuntas ar an sórt gníomhaíochta a bhíonn ar siúl ann.

Uimh. 2.—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na Bliana

Méaduithe agus laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

Uimh. 3.—Stole agus Obair ar Siúl

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breoslaí, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndíola agus (d) stoic d'éarraí a ceannaíodh lena n-athdhiol gan a thuilleadh próiseála.

Uimh. 4.—Sonraí Láimhdeachais, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid iomlán a sonraíodh do chustaiméirí maidir le,

( b ) Luach earraí ceannaithe a margaíodh nó a monaraíodh.

( c ) Aon ghnéithe eile láimhdeachais.

Uimh. 5.—Sonraí Nithe a Ceannaíodh, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Costas ábhar agus breoslaí lena n-áirítear ábhair i gcomhair earraí caipitil a tháirgeadh.

( b ) Costas na seirbhísí tionscail go léir a fuarthas.

( c ) Costas earraí a margaíodh nó a monaraíodh.

Uimh. 6.—Sonraí Costas Seirbhísí Neamh-Thionscail, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Gléasra, innealra, trealamh, feithiclí etc., a fhruiliú.

( b ) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

( c ) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra agus ar áitribh.

( d ) Muirir bainc gan muirir úis a áireamh.

( e ) Gach seirbhís neamh-thionscail eile.

Uimh. 7.—Sonraí Cánach ar Láimhdeachas agus Cánacha Indíreacha, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid iomlán Cánach Breisluacha a cuireadh in aghaidh an láimhdeachais.

( b ) An méid d'aon chánacha máil a íocadh nó is iníoctha.

( c ) An méid d'aon chánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.

Uimh. 8—Sonraí Cánacha ar Inchur, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear ábhair, breoslaí, earraí le athdhíol, etc.

( b ) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear sócmhainní caipitiúla dochta.

Uimh. 9.—Sonraí i dtaobh Fóirdheontais Oibríochta

An méid a fuarthas as cistí Stáit nó ó institiúidí na gComhphobal Eorpach mar fhóirdheontais oibríochta.

Uimh. 10.—Fostaíocht agus Tuarastal agus Pá á Íocadh

( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 19 Meán Fómhair, 1981, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—

( b ) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite i bhfomhíreanna (ii) go (vii) go huile d'Uimh. 10 (a) den Chaibidil seo.

Uimh. 11.—Costais Saothair eile

Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe eile mar gheall ar—

( a ) Ranníocaí fostóirí chun stampaí árachais shóisialaigh a cheannach agus le scéim árachais shóisialaigh pá-choibhneasa.

( b ) Íocaíochtaí iomarcaíochta.

( c ) Ranníocaí fostóirí i leith cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsin eile.

( d ) Íocaíochtai pinsean nó sochair scoir seachas iad sin a íocadh as na cistí aoisliúntas.

( e ) Préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe le haghaidh tinnis nó gortaithe.

( f ) Íocaiochtaí forlíontacha ie fostaithe i leith tinnis nó gortaithe.

( g ) Íocaíochtaí comhchineáil a cuireadh ar fáil d'fhostaithe.

( h ) Costais shóisialta eile.

( i ) Costais Oiliúna.

CUID III.

(A)—Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceain agus na sonraí a ordaitear i gcuid II Caibidil I den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Foirm Uimh. B Foirm Uimh. B Tionscail, Trádail nó Gnó
C.I.P. 81/111 Baint Guail
C.I.P. 81/134 Taiscéalaíocht agus Astarraingt Pheitriliam agus Gáis Aiceanta
C.I.P. 81/140 Mínghlanadh Ola Mianraí agus próiseáil torthaí Pheitríliam
C.I.P. 81/161 Giniúint agus Dáileadh Cumhacht leictreachais
C.I.P. 81/162 Oibreacha Gáis, Dáileadh Gáis
C.I.P. 81/170 Soláthar Uisce; Uisce a Bhailiú, a Íonú agus a Dháileadh
C.I.P. 81/212 Baint agus ullmhú Mianta Miotail Neamhfheiriúla
C.I.P. 81/221 Tionscal Iarainn agus Cruach
C.I.P. 81/223 Tarraingt, Fuar-rollú agus Fuarfhilleadh Cruach
C.I.P. 81/224 Táirgeadh agus Céadphróisiú Miotal Neamhfheiriúil
C.I.P. 81/231 Baint Ábhar Foirgníochta agus Créanna Teasfhulangacha
C.I.P. 81/239 Baint Mhianraí eile; Móin
C.I.P. 81/241 Monarú Cré-earraí le haghaidh Foirgníochta
C.I.P. 81/242 Monarú Stroighne, Aoil agus Plástair
C.I.P. 81/243 Monarú Earraí Coincréite, Stroighne nó Plástair le haghaidh Foirgníochta
C.I.P. 81/244 Monarú Earraí Aispeist
C.I.P. 81/245 Obair Chloiche agus Obair ar Tháirgí Mianracha Neamh-mhiotalacha eile
C.I.P. 81/246 Táirgeadh Liaga Brón agus Táirgí Scríobacha eile
C.I.P. 81/247 Monarú Gloine agus Earraí Gloine
C.I.P. 81/248 Monarú Earraí Criadóireachta
C.I.P. 81/251A Monarú Ceimicigh Thionscail Bhunata (gan leasacháin a áireamh)
C.I.P. 81/251B Leasacháin
C.I.P. 81/255 Monarú Péinteanna, Vearnaiseacha, Dúch Clóite etc.
C.I.P. 81/256 Táirgí ceimiceacha, chun críocha Tionscail agus Talmhaíochta go formhór (gan Leasacháin a áireamh)
C.I.P. 81/257 Monarú Táirgí Cógaisíochta
C.I.P. 81/258 Gallúnach, Glantóirí Tacair, Cumhráin agus Ullmhóidí Maisiúcháin
C.I.P. 81/259 Táirgí Ceimiceacha eile le haghaidh úsáide Tís agus Oifige go formhór
C.I.P. 81/260 Tionscal Snáithreach Sintéiseach
C.I.P. 81/311 Teilgcheártain
C.I.P. 81/312 Gaibhníocht, Brú agus Stampáil Mhiotal
C.I.P. 81/313 Claochló Tánaisteach, Cóireáil agus Cótáil Mhiotal
C.I.P. 81/314 Monarú Táirgí Miotail Déanmhais (lena n-áirítear Cóimeáil Chomhghafa agus Feistiú)
C.I.P. 81/315 Déantóireacht Choirí, Monarú Taiscumar, Tainceanna agus Coimeádán Leatháin Mhiotail eile
C.I.P. 81/316 [image omitted] Monarú Airnéise agus Earraí Miotail Críochnaithe agus Táirgí eile Ceardlainne Miotail
C.I.P. 81/319
C.I.P. 81/321
C.I.P. 81/322 (A) Meaisín-Airnéise le miotail a Oibriú agus Meaisín-airnéise eile
C.I.P. 81/323 (B) Innealra agus Gabhálais Teicstíleacha
C.I.P. 81/324 Monarú Innealra le haghaidh Tionscal Bia, Tionscal Ceimiceach agus Tionscal Gaolmhar
C.I.P. 81/325 Gléasra agus Innealra do Mhianaigh, do Theilgcheartain, d'Oibreacha Cruach agus d'Innealtóireacht Shibhialta (lena n-áirítear crainn thógála) etc.
C.I.P. 81/326 [image omitted] Monarú agus cóimeáil trealamh traiseolta do chumhacht thiomána agus innealra agus trealamh do thionscail áirithe
C.I.P. 81/327
C.I.P. 81/328
C.I.P. 81/330 Monarú Innealra Oifige agus Innealra Próiseála Sonraí
C.I.P. 81/341 Sreanga agus Cáblaí Inslithe
C.I.P. 81/342 Monarú Innealra Leictreachais (lena n-áirítear mótair leictreachais, gineadóirí, claochladáin, etc.)
C.I.P. 81/343 Monarú Gaireas agus Fearas Leictreachais le haghaidh Úsaide Tionscail (lena n-áirítear batairí agus taisc-chealla)
C.I.P. 81/344 Monarú Trealamh Teileachumarsáide, Trealamh Tomhais, Trealamh Taifeadta agus Trealamh Leictriliachta
C.I.P. 81/345 Monarú Trealamh Raidió, Teilifíse agus atáirgeadh agus taifeadadh fuaime
C.I.P. 81/346 Monarú Fearas Leictreachais Tís
C.I.P. 81/347 [image omitted] Monarú (A) Lampaí Leictreachais agus Trealamh Soilsiúcháin Leictreachais
C.I.P. 81/348 (B) Trealamh Leictreachais a Fheistiú
C.I.P. 81/351 Monarú agus Cóimeáil Mótarfheithiclí
C.I.P. 81/352 [image omitted] Monarú (A) Cabhlacha d'Fheithiclí, Leantóirí, Carabháin, etc.
C.I.P. 81/353 (B) Páirteanna agus Gabhálais do Mhótarfheithiclí
C.I.P. 81/361 Déanamh Long
C.I.P. 81/362 Monarú Rothdhíle Iarnróid
C.I.P. 81/363 Monarú Rothar, Gluaisrothair, Páirteanna agus Gabhálas
C.I.P. 81/364 [image omitted] Trealamh Aeraspáis agus Trealamh Iompair eile a Mhonarú agus a Dheisiú
C.I.P. 81/365
C.I.P. 81/371
C.I.P. 81/372 Monarú Trealamh Liachta, Máinliachta, etc.
C.I.P. 81/373 [image omitted] Monarú: (A) Trealamh Optúil agus Trealamh Fótagrafaíochta
C.I.P. 81/374 (B) Uaireadóirí agus Cloig agus Codanna díobh
C.I.P. 81/411 Margairín agus Olaí agus Méithris ullmhaithe eile
C.I.P. 81/412 Marú Cóiriú agus Leasú Feola
C.I.P. 81/413 Monarú Táirgí Déiríochta
C.I.P. 81/414 Próisiú agus Leasú Torthaí agus Glasraí
C.I.P. 81/415 Próisiú agus Leasú Éisc
C.I.P. 81/416 Muilleoireacht Ghráin
C.I.P. 81/417 [image omitted] Monarú: (A) Spaigití, Macarón, etc.
C.I.P. 81/418 (B) Stáirse agus Táirgí Stáirse
C.I.P. 81/419 Arán agus Milseogra Plúir (lena n-áirítear brioscaí)
C.I.P. 81/420 Monarú agus mínghlanadh siúcra
C.I.P. 81/421 Monarú Milseogra Cócó, Seacláide agus Siúcra
C.I.P. 81/422 Beatha Ainmhithe agus Beatha Éanlaithe Clóis
C.I.P. 81/423 Monarú Táirgí Beatha Eile
C.I.P. 81/424 Driogadh agus Comhshuíomh Biotáille
C.I.P. 81/425 [image omitted] Monarú Fíona, Ceirtlise agus Deochanna Glasa
C.I.P. 81/426 [image omitted] Monarú Fíona, Ceirtlise agus Deochanna Glasa
C.I.P. 81/428
C.I.P. 81/427A
C.I.P. 81/427B
C.I.P. 81/429 Monarú Táirgí Tobac
C.I.P. 81/431 Tionscal Olla
C.I.P. 81/432 Tionscal Cadáis
C.I.P. 81/433 Snáithíní agus Uigí Sintéiseacha, Síoda agus Síodúla
C.I.P. 81/434 Cóiriú, Sníomh agus Fiochán Lín, Cnáibe agus Ramie
C.I.P. 81/435 Tionscal Iúit
C.I.P. 81/436 Tionscal Cniotála
C.I.P. 81/437 Críochnú Teicstíleacha
C.I.P. 81/438 Brait Urláir, Líonóil agus Clúdaigh Eile Urláir
C.I.P. 81/439 Iltionscail Teicstíleacha
C.I.P. 81/441 Súdaireacht agus Cóiriú Leathair
C.I.P. 81/442 Monarú Táirgí as Leathar agus Táirgí as Bréigleathair
C.I.P. 81/451 Monarú Coisbhirt
C.I.P. 81/453A Éadaí - Éadaí Fear agus Éadaí Buachaillí, Cultacha, Cótaí Móra, Hataí, Caipíní, etc.
C.I.P. 81/453B Éadaí — Déanamh Léinte
C.I.P. 81/453C Éadaí — Éadaí Ban agus Éadaí Cailíní (seachas Góiséireacht)
C.I.P. 81/453D Éadaí — Baill Eadaigh Ilghnéitheacha agus Gabhálais
C.I.P. 81/455 Teicstíleacha Tís agus Earraí Teicstíleacha Comhdhéanta eile
C.I.P. 81/456 Fionnaidh agus Earraí Fionnaidh
C.I.P. 81/461 Sáibhéaracht agus Próisiú Adhmaid
C.I.P. 81/462 Monarú Táirgí Páirtchríochnaithe Adhmaid
C.I.P. 81/463 Monarú Comhpáirteanna Adhmadóireachta agus Siúinéireachta
C.I.P. 81/464 Coimeádáin Adhmaid
C.I.P. 81/465 Earraí Monaraithe Adhmaid Eile
C.I.P. 81/466 Earraí Coirc, Tuí, etc. Scuaba agus Scuaba Urláir
C.I.P. 81/467 Monarú Troscáin Admhaid
C.I.P. 81/471 Monarú Laín, Páipéir agus Cláir
C.I.P. 81/472 Próisiú Páipéir agus Cláir.
C.I.P. 81/473 [image omitted] Clódóireacht, Foilsitheoireacht agus Comhthrádálacha
C.I.P. 81/474
C.I.P. 81/481 [image omitted]
C.I.P. 81/482
C.I.P. 81/483 Próisiú Pleaisticí
C.I.P. 81/491 Seodra, Earraí Gabha Óir agus Gabha Ghil
C.I.P. 81/492 Gléasanna Ceoil
C.I.P. 81/493 Saotharlanna Fótografaíochta agus Cineamatagrafaíochta
C.I.P. 81/494 Bréagáin agus Earraí Spóirt
C.I.P. 81/495 Tionscail Mhonaraíochta Ilghnéitheacha
C.I.P. 81/54 Údaráis Aitiúla
C.I.P. 81/55 Canálacha, Duganna agus Calafoirt
C.I.P. 81/56 Iarnróid — Deanamh, Cothabháil agus Deisiú, gan Trealamh Iarnróid, Mótarbhusanna ná Mótarleoraithe a áireamh

Foirm A — Móraireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1981.

ARNA THABHAIRT faoi mo Láimh an 7ú lá seo de Iúil 1982.

PHARALÁN Ó h-EACTHAIRN,

Aire Stáit.

NÓTA MÍNÍUCHÁIN

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Tháirgeadh Tionscail do bhliain 1981, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don PhríomhOifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas go léir ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.

This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.

This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence. Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.