Europol Act 1997
Ní fhéadfar na sonraí a úsáid chun críocha eile, ná ní fhéadfaidh údaráis eile iad a úsáid, seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 2 den Choinbhinsiún seo ach tar éis cead a fháil roimh ré ón mBallstát a pháirtigh na sonraí a mhéad is féidir sin faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin.
Airteagal 18
Sonraí a pháirtiú le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí
Féadfaidh Europol sonraí pearsanta atá stóráilte aige a pháirtiú le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4) agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 4:
(1) nuair is gá an beart sin i gcásanna leithleacha chun críocha cionta coiriúla a chosc nó a chomhrac a bhfuil Europol inniúil ina leith faoi Airteagal 2;
(2) nuair a áirithítear leibhéal leormhaith cosanta sonraí sa Stát nó sa chomhlacht sin;
(3) nuair atá an beart sin incheadaithe faoi na rialacha ginearálta de réir bhrí mhír 2.
I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus aird á tabhairt aici ar na himthosca dá dtagraítear i mír 3, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, na rialacha ginearálta maidir le hEuropol do pháirtiú sonraí pearsanta le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4). Ullmhóidh an Bord Bainistíochta an Cinneadh ón gComhairle agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gComhchomhlacht Maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 24.
Measúnófar leordhóthanacht an leibhéil chosanta sonraí dá dtagraítear i mír 1 arna thabhairt ag tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4), agus aird á tabhairt ar na himthosca uile atá i dtreis i sonraí pearsanta a pháirtiú; tabharfar aird go háirithe ar an méid seo a leanas:
(1) cineál na sonraí;
(2) an cuspóir atá leo;
(3) ré na próiseála arna beartú; agus
(4) na forálacha ginearálta nó sonracha is infheidhme ar na tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4).
Más Ballstát a pháirtigh na sonraí le hEuropol, ní fhéadfaidh Europol iad a pháirtiú le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí ach le toiliú an Bhallstáit. Chuige sin féadfaidh an Ballstát réamhthoiliú a thabh airt, bíodh nó ná bíodh sé ginearálta, atá inaisghairmthe tráth ar bith.
Mura Ballstát a pháirtigh na sonraí, áiritheoidh Europol nach bhfuil a bpáirtiú de chineál a dhéanfaidh:
(1) comhall cuí na bhfeidhmeanna a thig laistigh de réimse inniúlachta Ballstáit a chosc;
(2) slándáil agus ord poiblí Ballstáit a chur i gcontúirt nó dochar a dhéanamh dá leas ginearálta ar shlí eile.
Beidh Europol freagrach as dlíthiúlacht an pháirtithe. Coinneoidh Europol taifead de pháirtiú sonraí agus de na forais atá leis. Ní údarófar sonraí a pháirtiú ach amháin má thugann an faighteoir gealltanas nach n-úsáidfear na sonraí ach chun na críche ar páirtíodh leis iad. Ní bheidh sé sin infheidhme ar pháirtiú na sonraí pearsanta is gá ar Europol iad a iarraidh.
Nuair a bhaineann an páirtiú dá bhforáiltear i mír 1 le faisnéis atá faoi réir riachtanas na rúndachta, ní bheidh sé incheadaithe ach amháin a mhéad atá comhaontú maidir le rúndacht ann idir Europol agus an faighteoir.
Airteagal 19
Ceart rochtana
Aon duine ar mian leis a cheart a fheidhmiú chun rochtain ar na sonraí a bhaineann leis agus atá stóráilte in Europol nó chun go ndéanfaí na sonraí sin a fhíorú, féadfaidh sé iarraidh chuige sin a dhéanamh saor ó tháille ina rogha Bhallstát leis an údarás náisiúnta inniúil a chuirfidh faoi bhráid Europol í gan mhoill agus a chuirfidh in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhfaighidh sé freagra díreach ó Europol.
Caithfidh Europol déileáil go hiomlán leis an iarraidh laistigh de thrí mhí tar éis d'údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit í a fháil.
Déanfar an ceart ag gach duine rochtain a bheith aige ar na sonraí a bhaineann leis nó go ndéanfaí iad a fhíorú a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina ndéantar an ceart sin a éileamh, ag tabhairt aird ar na forálacha seo a leanas:
Nuair a fhorálann dlí an Bhallstáit a roghnaítear do pháirtiú a bhaineann le sonraí, diúltófar é, a mhéad is gá sin chun:
(1) a chumasú d'Europol a fheidhmeanna a fheidhmiú go cuí;
(2) slándáil agus ord poiblí na mBallstát a chosaint nó chun cionta coiriúla a chomhrac;
(3) cearta agus saoirsí tríú páirtithe a chosaint;
agus a mhéad nach bhféadfaidh dá bhrí sin sáraíocht orthu sin a bheith ag leas an duine lena mbaineann páirtiú na faisnéise.
Déanfar an ceart chun páirtiú a fheidhmiú ag urramú mhír 3 de réir na nósanna imeachta seo a leanas:
(1) i gcás na sonraí atá curtha sa chóras faisnéise atá sainithe in Airteagal 8, ní fhéadfar a chinneadh iad a pháirtiú mura mbeidh caoi tugtha don Bhallstát a d'ionchuir na sonraí agus do na Ballstáit lena mbaineann an páirtiú sin go díreach a seasamh a chur in iúl, lena n-áirítear fiú páirtiú na sonraí a dhiúltú. Cuirfidh an Ballstát a d'ionchuir na sonraí in iúl na sonraí inpháirtithe maille leis na rialacha mionsonraithe dá bpáirtiú;
(2) i gcás na sonraí atá curtha ag Europol sa chóras faisnéise, ní foláir caoi a thabhairt roimh ré do na Ballstáit lena mbaineann an páirtiú go díreach a seasamh a chur in iúl lena n-áirítear fiú páirtiú na sonraí a dhiúltú;
(3) i gcás na sonraí atá curtha sna comhaid sonraí le haghaidh anailíse atá sainithe in Airteagal 10, beidh a bpáirtiú faoi réir chomhthoil Europol agus na mBallstát atá rannpháirtithe san anailís de réir bhrí Airteagal 10(2) agus chomhthoil an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann páirtiú na sonraí sin go díreach.
Má chuireann Ballstát nó Ballstáit nó Europol in iúl go bhfuil siad i gcoinne an pháirtithe a bhaineann leis na sonraí, cuirfidh Europol in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhfuil sé tar éis an fíorú a dhéanamh gan aon fhaisnéis a thabhairt a léireodh dó go bhfuil nó nach bhfuil aithne air.
Déanfar an ceart chun fíorú a fheidhmiú de réir na nósanna imeachta seo a leanas:
Nuair nach bhforálann an dlí náisiúnta is infheidhme do pháirtiú a bhaineann leis na sonraí nó nuair is iarraidh shimplí ar fhíorú atá i gceist, déanfaidh Europol, i ndlúthchomharaíocht leis na húdaráis náisiúnta i dtrácht, an fíorú agus cuirfidh sé in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhfuil sé tar éis an fíorú a dhéanamh gan aon fhaisnéis a thabhairt a léireodh dó go bhfuil nó nach bhfuil aithne air.
Ina fhreagra ar iarraidh ar fhíorú nó rochtain ar shonraí, cuirfidh Europol in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhféadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig an gComhchomhlacht Maoirseachta mura bhfuil sé sásta lena chinneadh. Féadfaidh an duine a rinne an iarraidh an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchomhlachta Maoirseachta mura mbeidh freagra faighte aige ar a iarraidh laistigh den tréimhse atá leagtha síos san Airteagal seo.
Má dhéanann an duine a rinne an iarraidh achomharc chuig an gComhchomhlacht Maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 24, déanfaidh an Comhchomhlacht í a scrúdú.
Má bhaineann an t-achomharc leis an bpáirtiú a bhaineann le sonraí a chuir Ballstát sa chóras faisnéise, glacfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta a chinneadh i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena ndearnadh an iarraidh. Rachaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta i gcomhairle roimh ré le húdarás náisiúnta inniúil nó cúirt inniúil an Bhallstáit inar thionscain an sonra. Déanfaidh an comhlacht sin an fíorú is gá chun a shuíomh, ach go háirithe, gur glacadh an cinneadh an iarraidh a dhiúltú i gcomhréir le forálacha mhír 3 agus phointe 1 de mhír 4 den Airteagal seo. Sa chás sin, glacfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta an cinneadh, lena n-áirítear fiú an páirtiú a dhiúltú i ndlúthchomharaíocht leis an údarás náisiúnta maoirseachta nó leis an gcúirt inniúil.
Nuair a bhaineann an t-achomharc le páirtiú a bhaineann le sonraí a chuir Europol sa chóras faisnéise nó sonraí atá stóráilte sna comhaid oibre le haghaidh anailíse, ní fhéadfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta, i gcás go bhfuil Europol nó Ballstát i gcónaí ina choinne sin, tar éis dó Europol nó an Ballstát a éisteacht neamhaird a dhéanamh air ach le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí. Mura mbeidh an tromlach sin ann, cuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhfuil sé tar éis an fíorú is gá a dhéanamh, gan aon fhaisnéis a thabhairt dó a léireodh dó go bhfuil nó nach.bhfuil aithne air.
Nuair a bhaineann an t-achomharc le fíorú na sonraí a chuir Ballstát sa chóras faisnéise, déanfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta deimhin de go ndearnadh an fíorú is gá i gceart, i ndlúthchomharaíocht le húdarás náisiúnta maoirseachta an Bhallstáit a chuir na sonraí ann. Cuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta in iúl don duine a rinne an iarraidh go ndearna sé an fíorú, gan aon fhaisnéis a thabhairt dó a léireodh dó go bhfuil nó nach bhfuil aithne air.
Nuair a bhaineann an t-achomharc le sonraí a chuir Europol sa chóras faisnéise nó sonraí atá stóráilte sna comhaid oibre le haghaidh anailíse, déanfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta deimhin de go ndearna Europol an fíorú is gá i gceart. Cuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta in iúl don duine a rinne an iarraidh go ndearna sé an fíorú, gan aon fhaisnéis a thabhairt dó a léireodh dó go bhfuil nó nach bhfuil aithne air.
Beidh na forálacha thuas infheidhme mutatis mutandis ar shonraí neamh-uathphróiseáilte atá ag Europol i bhfoirm comhad, eadhon gach bailiúchán struchtúrtha sonraí pearsanta is inrochtana i gcomhréir le critéir shonracha.
Airteagal 20
Sonraí a cheartú agus a scriosadh
Sonraí atá stóráilte ag Europol, a pháirtigh tríú Stáit nó tríú comhlachtaí leis nó atá aige de thoradh a ghníomhaíochta anailíse, má thagann sé chun solais go bhfuil siad mícheart nó go sáraíonn a n-ionchur nó a stóráil an Coinbhinsiún seo, déanfaidh Europol iad a cheartú nó a scriosadh.
Más Ballstáit a pháirtigh na sonraí go díreach le hEuropol atá mícheart nó a sháraíonn forálacha an Choinbhinsiúin seo, déanfaidh na Ballstáit sin iad a cheartú nó a scriosadh i gcuibhreann le hEuropol. Má tharchuirtear sonraí míchearta ar mhodh iomchuí eile nó más tarchur lochtach is cúis le hearráidí sna sonraí arna soláthar ag na Ballstáit nó má tá an tarchur contrártha d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo nó má thagann na hearráidí toisc go ndearna Europol na sonraí sin a chur sa chóras, a chur san áireamh nó a stóráil go lochtach nó go contrártha d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, déanfaidh Europol iad a cheartú nó iad a scriosadh i gcuibhreann leis na Ballstáit i dtrácht.
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 nó 2, cuirfear sin in iúl gan mhoill do gach faighteoir de na sonraí sin. Déanfaidh an déanach na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh freisin.
Beidh sé de cheart ag gach duine a iarraidh ar Europol na sonraí a bhaineann leis a cheartú nó a scriosadh.
Cuirfidh Europol in iúl don duine a rinne an iarraidh go ndearna sé na sonraí a bhaineann leis a cheartú nó a scriosadh. Mura bhfuil an duine a rinne an iarraidh sásta le freagra Europol nó mura mbeidh freagra faighte aige laistigh de thréimhse trí mhí, féadfaidh sé an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchomhlachta Maoirseachta.
Airteagal 21
Tréimhsí le haghaidh comhaid sonraí a stóráil agus a scriosadh
Ní stórálfaidh Europol sonraí i gcomhaid sonraí ach amháin fad is gá sin chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. Déanfar athbhreithniú an gá leanúint de stóráil tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis na sonraí a ionchur. Is é an t-aonad a rinne an t-ionchur a dhéanfaidh na sonraí atá stóráilte sa chóras faisnéise a athbhreithniú agus a scriosadh. Is é Europol a dhéanfaidh sonraí atá stóráilte i gcomhaid eile sonraí dá chuid a athbhreithniú agus a scriosadh. Déanfaidh Europol na Ballstáit a chur ar an eolas go huathoibríoch trí mhí roimh dhul in éag na dtréimhsí ama chun stóráil sonraí a athbhreithniú.
Le linn an athbhreithnithe, féadfaidh na haonaid dá dtagraítear sa tríú agus sa cheathrú habairtí de mhír 1 thuas cinneadh maidir le leanúint de shonraí a stóráil go dtí an chéad athbhreithniú eile más gá sin fós chun cúraimí Europol a chomhlíonadh. Mura nglactar cinneadh maidir le leanúint de stóráil sonraí, déanfar iad a scriosadh go huathoibríoch.
Ní fhéadfaidh stóráil sonraí pearsanta a bhaineann le daoine aonair dá dtagraítear i bpointe 1 den chéad fhomhír d'Airteagal 10(1) dul thar thrí bliana san iomlán. Tosóidh gach tréimhse as an nua ar an dáta a tharlaíonn teagmhas arb é a thoradh sonraí a bhaineann leis an duine aonair sin a stóráil. Déanfar athbhreithniú bliantúil an gá leanúint de stóráil agus taifeadfar an t-athbhreithniú.
Nuair a dhéanann Ballstát sonraí arna bpáirtiú le hEuropol atá stóráilte i gcomhaid eile sonraí de chuid Europol a scriosadh as a chomhaid náisiúnta sonraí, cuirfidh sé Europol ar an eolas dá réir. I gcásanna den sórt sin, scriosfaidh Europol na sonraí mura bhfuil a thuilleadh suime aige iontu ar bhonn eolais atá níos leithne ná mar atá i seilbh an Bhallstáit a pháirtigh na sonraí. Cuirfidh Europol an Ballstát i dtrácht ar an eolas go bhfuiltear ag leanúint de na sonraí sin a stóráil.
Ní dhéanfar scriosadh nuair a dhéanfaí dochar do na leasanna is cóir a chosaint de chuid an duine is ábhar do na sonraí. I gcásanna den sórt sin, ní fhéadfar na sonraí a úsáid ach le toiliú an duine is ábhar do na sonraí.
Airteagal 22
Sonraí i gcomhaid pháipéir a stóráil agus a cheartú
Má thagann sé chun solais nach bhfuil gá a thuilleadh le comhad páipéir iomlán nó le sonraí sa chomhad sin arna choinneáil ag Europol chun feidhmeanna Europol a chomhall nó gur sárú ar an gCoinbhinsiún seo na sonraí sin ina n-iomláine, ní foláir an comhad sin nó na sonraí a scriosadh. Fad nach mbeidh an comhad nó na sonraí i dtrácht scriosta iarbhír, cuirfear nóta isteach ag cur cosc ar an gcomhad nó na sonraí a úsáid.
Féadfar gan comhad páipéir a dhíothú má tá forais ann lena dtoimhdiú go ndéanfaí dochar murach sin do leasanna dlisteanacha an duine is ábhar do na sonraí. Sa chás sin cuirfear an nóta céanna isteach ag cur cosc ar an gcomhad páipéir sin a úsáid.
Má thagann sé chun solais go bhfuil sonraí i gcomhaid pháipéir Europol atá mícheart, déanfaidh Europol iad a cheartú.
Féadfaidh gach duine lena mbaineann comhad de chuid Europol an ceart a fheidhmiú i leith Europol go gceartófar nó go ndíothófar comhad páipéir nó go gcuirfear nóta isteach ann. Beidh Airteagail 20(4) agus 24(2) agus (7) infheidhme.
Airteagal 23
Comhlacht náisiúnta maoirseachta
Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht náisiúnta maoirseachta arb é a chúram faireachán neamhspleách a dhéanamh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta faoi seach, ar incheadaitheacht sonraí a ionchur agus a aisghabháil agus aon pháirtiú eile sonraí pearsanta le hEuropol ag an mBallstát i dtrácht agus scrúdú a dhéanamh an sáraítear amhlaidh cearta an duine is ábhar do na sonraí. Beidh rochtain chuige sin ag an gcomhlacht maoirseachta sna haonaid náisiúnta nó trí na hoifigigh liaison ar na sonraí a chuir an Ballstát sa chóras faisnéise agus sa chóras innéacs i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha.
Chun a maoirseacht a fheidhmiú beidh ag na comhlachtaí náisiúnta maoirseachta rochtain ar oifigí agus comhaid na n-oifigeach liaison faoi seach in Europol.
Ina theannta sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme, déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na n-aonad náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus gníomhaíochtaí na n-oifigeach liaison i gcomhréir le pointí 1, 2 agus 3 d'Airteagal 5(3) agus le hAirteagal 5(4) agus (5) a mhéad a bhaineann na gníomhaíochtaí sin le cosaint sonraí pearsanta.
Beidh an ceart ag gach duine aonair a iarraidh ar an gcomhlacht náisiúnta maoirseachta scrúdú a dhéanamh ar incheadaitheacht aon ionchur nó páirtiú i bhfoirm ar bith dá shonraí pearsanta le hEuropol, maille le sonraí a cheadú ag an mBallstát i dtrácht.
Feidhmeofar an ceart sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ar chuig a chomhlacht náisiúnta maoirseachta a dhéantar an iarraidh.
Airteagal 24
An Comhchomhlacht Maoirseachta
Cuirfear comhchomhlacht neamhspleách maoirseachta ar bun arb é a chúram gníomhaíochtaí Europol a athbhreithniú, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, chun a áirithiú nach bhfuil cearta an duine aonair á sárú ag stóráil, próiseáil agus úsáid na sonraí atá stóráilte ag Europol. Ina theannta sin, maoirseoidh an Comhchomhlacht Maoirseachta go bhfuil tarchur sonraí a thionscnaíonn in Europol incheadaitheach. Beidh ar an gComhchomhlacht Maoirseachta líon nach mó ná beirt chomhalta nó ionadaí ó gach ceann de na comhlachtaí náisiúnta maoirseachta, nach mbeidh dá bhrí sin a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a mbeidh aige an ábaltacht is gá agus a cheapfaidh na Ballstáit go ceann cúig bliana. Beidh vóta amháin ag gach toscaireacht.
Ceapfaidh an Comhlacht Maoirseachta cathaoirleach as measc a chomhaltaí.
I bhfeidhmiú a gcumhachtaí, ní ghlacfaidh comhaltaí an Chomhchomhlachta Maoirseachta teagasc ó aon údarás.
Caithfidh Europol cuidiú leis an gComhchomhlacht Maoirs eachta chun feidhmeanna an déanaigh a fheidhmiú. Lena linn sin, ach go háirithe:
(1) soláthróidh sé don chomhlacht sin an fhaisnéis a iarrann sé, tabharfaidh sé rochtain ar gach doiciméad agus comhad páipéir, maille le rochtain ar na sonraí atá stóráilte sa chóras;
(2) tabharfaidh sé saor-rochtain dó tráth ar bith ar a áitribh uile; agus
(3) forghníomhóidh sé cinntí an Chomhchomhlachta Maoirs-eachta maidir le hachomhairc i gcomhréir le forálacha Airteagail 19(7) agus 20(4).
Beidh an Comhchomhlacht Maoirseachta inniúil freisin chun ceisteanna a scrúdú a bhaineann le cur chun feidhme agus léiriú ghníomhaíochtaí Europol maidir le próiseáil agus úsáid sonraí pearsanta, chun ceisteanna a scrúdú a bhaineann le seiceálacha arna gcur i gcrích go neamhspleách ag comhlachtaí náisiúnta maoirseachta na mBallstát nó a bhaineann leis an gceart chun faisnéise a fheidhmiú, maille le tograí comhchuibhithe chun réitigh choiteanna ar fhadhbanna atá ann a tharraingt suas.
Beidh an ceart ag gach duine aonair a iarraidh ar an gComhchomhlacht Maoirseachta a áirithiú go ndearna Europol sonraí pearsanta a stóráil, a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid go dleathach, ceart.
Má thugann an Comhchomhlacht Maoirseachta dá aire aon sáruithe ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo i stóráil, próiseáil nó úsáid sonraí pearsanta, déanfaidh sé pé gearán a mheasann sé is gá le Stiúrthóir Europol agus iarrfaidh sé air a fhreagra a thabhairt laistigh de thréimhse a chinnfidh an Comhchomhlacht. Cuirfidh an Stiúrthóir an Bord Bainistíochta ar an eolas faoin nós imeachta ar fad. I gcás deacrachtaí, cuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta an cheist faoi bhráid an Bhord Bainistíochta.
Tarraingeoidh an Comhchomhlacht Maoirseachta tuarascálacha gníomhaíochta suas go tráthrialta. I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach seolfar iad chuig an gComhairle; beidh deis i dtosach ag an mBord Bainistíochta tuairim a thabhairt a chuirfear i gceangal leis na tuarascálacha.
Déanfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta cinneadh faoina thuarascáil ghníomhaíochta a phoibliú agus, más iomchuí, faoi na rialacha mionsonracha don phoibliú sin.
Glacfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta a rialacha nós imeachta. Beidh siad faoi réir formheas d'aon toil na Comhairle. Bunóidh sé as líon a chomhaltaí coiste ar a mbeidh comhalta ó gach toscaireacht a mbeidh ceart vótála aige. Beidh sé de chúram ar an gcoiste sin na hachomhairc dá bhforáiltear in Airteagail 19(7) agus 20(4) a scrúdú ar gach modh iomchuí. Déanfaidh an coiste sin na páirtithe, arna gcuidiú ag a gcomhairleoir más mian leo sin, a éisteacht arna iarraidh sin dóibh. Is cinntí críochnaitheacha i leith na bpáirtithe uile i dtrácht cinntí arna nglacadh sa chomhthéacs sin.
Ina theannta sin, féadfaidh sé coiste amháin nó níos mó a bhunú.
Rachfar i gcomhairle leis an gComhchomhlacht Maoirseachta faoin gcuid den bhuiséad a bhaineann leis. Cuirfear a thuairim i gceangal leis an dréachtbhuiséad i gceist.
Beidh rúnaíocht de chúnamh aige; cinnfear cúraimí na rúnaíochta sna rialacha nós imeachta.
Airteagal 25
Slándáil sonraí
Glacfaidh Europol na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun cur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo a áirithiú. Ní gá bearta ach amháin nuair atá an iarracht is gá ar comhréir leis an gcuspóir atá ceaptha dóibh i dtaca le cosaint de.
Maidir le huathphróiseáil sonraí ag Europol, cuirfidh gach Ballstát agus Europol bearta chun feidhme atá ceaptha chun:
(1) rochtain daoine neamhúdaraithe a shéanadh ar threalamh próiseála sonraí a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil (rialúchán rochtana ar threalamh);
(2) cosc a chur le léamh, cóipeáil, bunathrú nó baint amach neamhúdaraithe meáin sonraí (rialúchán meán sonraí);
(3) cosc a chur le hionchur neamhúdaraithe sonraí agus ceadú, bunathrú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte (rialúchán stórála);
(4) cosc a chur le húsáid córais uathphróiseála sonraí ag daoine neamhúdaraithe a úsáideann trealamh cumarsáide sonraí (rialúchán úsáidirí);
(5) a áirithiú nach bhfuil rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála sonraí a úsáid ach ar shonraí atá folaithe ag a n-údarú rochtana (rialúchán rochtana ar shonraí);
(6) a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cad iad na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu trí threalamh cumarsáide sonraí a úsáid (rialúchán cumarsáide);
(7) a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh iardain cad iad na sonraí pearsanta atá ionchurtha i gcórais uathphróiseála sonraí agus cathain a ionchuireadh na sonraí agus cé a d'ionchuir iad (rialúchán ionchuir);
(8) cose a chur le léamh, cóipeáil, bunathrú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn sonraí pearsanta a aistriú nó le linn meáin sonraí a iompar (rialúchán iompair);
(9) a áirithiú go bhféadfar, i gcás briseadh, na córais arna suiteáil a aiseag láithreach (athshlánú); agus
(10) a áirithiú go bhfeidhmíonn feidhmeanna an chórais gan locht, go dtaifeadtar láithreach aon lochtanna sna feidhmeanna (iontaofacht) agus nach ndéantar na sonraí arna stóráil a lot trí mhí fheidhmiú an chórais (sláine).
TEIDEAL V
Airteagal 26
Inniúlacht dhlítheanach
Beidh pearsantacht dhlítheanach ag Europol.
Beidh ag Europol i ngach Ballstát an inniúlacht dhlítheanach agus chonarthach is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoi dhlí an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.
Cumhachtófar d'Europol comhaontú ceanncheathrún a thabhairt i gcrích le Ríocht na hÍsiltíre agus na comhaontuithe riachtanacha rúndachta de bhun Airteagal 18(6), maille le comhaontuithe eile faoi chuimsiú na rialacha arna leagan síos d'aon toil ag an gComhairle ar bhonn an Choinbhinsiúin seo agus Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a thabhairt i gcrích le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4).
Airteagal 27
Orgáin Europol
Is iad orgáin Europol:
(1) an Bord Bainistíochta;
(2) an Stiúrthóir;
(3) an Rialtóir Airgeadais;
(4) an Coiste Airgeadais.
Airteagal 28
An Bord Bainistíochta
Beidh Bord Bainistíochta ag Europol. Seo a leanas feidhmeanna an Bhord Bainistíochta:
(1) beidh sé rannpháirteach i gcuspóir Europol a leathnú (Airteagal 2(2));
(2) déanfaidh sé cearta agus oibleagáidí na n-oifigeach liaison i leith Europol a shainiú d'aon toil (Airteagal 5);
(3) cinnfidh sé d'aon toil líon na n-oifigeach liaison a fhéadfaidh na Ballstáit a chur chuig Europol (Airteagal 5);
(4) ullmhóidh sé na rialacha cur chun feidhme maidir leis na comhaid sonraí (Airteagal 10);
(5) beidh sé rannpháirteach i rialacha a ghlacadh ag rialú chaidreamh Europol le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4) (Airteagail 10,18 agus 42);
(6) cinnfidh sé, d'aontoil, na rialacha mionsonraithe maidir leis an gcóras innéacs a dhearadh (Airteagal 11);
(7) formheasfaidh sé trí thromlach dhá thrian orduithe ag oscailt comhaid sonraí (Airteagal 12);
(8) féadfaidh sé tuairimí a thabhairt ar bharúlacha agus tuarascálacha an Chomhchomhlachta Maoirseachta (Airteagal 24);
(9) scrúdóidh sé na fadhbanna a chuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta faoina bhráid (Airteagal 24(5));
(10) socróidh sé sonraí an nós imeachta chun a sheiceáil go bhfuil na hiarrataí faoi chuimsiú an chórais faisnéise incheadaithe (Airteagal 16);
(11) beidh sé rannpháirteach sa Stiúrthóir agus sna Leas-Stiúrthóirí a cheapadh agus a dhífhostú (Airteagal 29);
(12) maoirseoidh sé comhlíonadh cuí dhualgais an Stiúrthóra (Airteagail 7 agus 29);
(13) beidh sé rannpháirteach sna rialacháin foirne a ghlacadh (Airteagal 30);
(14) beidh sé rannpháirteach i gcomhaontuithe maidir le rúndacht a ullmhú agus le forálacha maidir le cosaint rúndachta a ghlacadh (Airteagail 18 agus 31);
(15) beidh sé rannpháirteach sa bhuiséad, lena n-áirítear an plean bunaíochta, a bhunú, san iniúchóireacht agus san urscaoileadh atá le tabhairt don Stiúrthóir (Airteagail 35 agus 36);
(16) formheasfaidh sé d'aon toil an plean maoinithe cúig bliana (Airteagal 35);
(17) ceapfaidh sé d'aon toil an Rialtóir Airgeadais agus maoirseoidh sé a riarachán (Airteagal 35);
(18) beidh sé rannpháirteach sa rialachán airgeadais a ghlacadh (Airteagal 35);
(19) formheasfaidh sé d'aon toil an comhaontú ceanncheathrún arna thabhairt i gcrích (Airteagal 37);
(20) glacfaidh sé d'aon toil na rialacha ar imréiteach slándála fhoireann Europol;
(21) gníomhóidh sé trí thromlach dhá thrian i ndíospóidí idir Ballstát agus Europol agus idir Ballstáit a bhaineann le cúiteamh arna dhéanamh de bhun an dliteanais maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí (Airteagal 38);
(22) beidh sé rannpháirteach in aon leasú ar an gCoinbhinsiún seo (Airteagal 43);
(23) beidh sé freagrach as aon chúraimí eile a chuireann an Chomhairle air, faoi chuimsiú forálacha chun an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme.
Beidh ar an mBord Bainistíochta ionadaí amháin ó gach Ballstát. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta.
Féadfaidh malartach gach comhalta den Bhord Bainistíochta a ionadú; má tá an comhalta as láthair, féadfaidh an malartach a cheart vótála a fheidhmiú.
Tabharfar cuireadh do Choimisiún na gComhphobal Eorpach freastal ar chruinnithe den Bhord Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála aige. Ar a shon sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh teacht le chéile gan ionadaí ón gCoimisiún.
Beidh na comhaltaí nó na malartaigh i dteideal saineolaithe óna mBallstáit faoi seach a bheith ina gcuideachta agus comhairle a fháil uathu ag cruinnithe den Bhord Bainistíochta.
Is é ionadaí an Bhallstáit atá ag sealbhú Uachtaránacht na Comhairle a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta.
Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta d'aon toil.
Ní bac ar an mBord Bainistíochta do ghlacadh cinntí ar gá aon-toilíocht dóibh comhaltaí a staonadh ó vótáil.
Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain.
Glacfaidh an Bord Bainistíochta d'aon toil gach bliain:
(1) tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí Europol i rith na bliana roimhe sin;
(2) tuarascáil ar ghníomhaíochtaí todhchaí Europol a chuireann riachtanais oibríochtúla na mBallstát agus na hiarmhairtí ar bhuiséad agus líon foirne Europol san áireamh.
Cuirfear na tuarascálacha sin faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Airteagal 29
Stiúrthóir
Beidh Stiúrthóir a cheapfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta, i gceannas ar Europol go ceann tréimhse ceithre bliana. Féadfar a cheapachán a athnuachan uair amháin.
Beidh de chúnamh ag an Stiúrthóir Leas-Stiúrthóirí a socróidh an Chomhairle a líon agus a cheapfar go ceann tréimhse ceithre bliana i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i mír 1; féadfar a gceapachán a athnuachan uair amháin. Saineoidh an Stiúrthóir a gcuid cúraimí níos mionchruinne.
Beidh an Stiúrthóir freagrach as:
(1) na cúraimí a chuirtear ar Europol a chomhlíonadh;
(2) cúrsai riaracháin ó lá go lá;
(3) bainistíocht pearsanra;
(4) cinntí ón mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme go cuí;
(5) an dréachtbhuiséad, an dréachtphlean bunaíochta agus an dréachtphlean maoinithe cúig bliana a ullmhú agus buiséad Europol a chur i ngníomh;
(6) gach cúram eile a chuirtear air sa Choinbhinsiún seo nó ag an mBord Bainistíochta.
Beidh an Stiúrthóir freagrach as a riarachán os comhair an Bhord Bainistíochta. Glacfaidh sé páirt ina chuid cruinnithe.
Is é an Stiúrthóir ionadaí dlíthiúil Europol.
Féadfar an Stiúrthóir agus na Leas-Stiúrthóirí a dhífhostú trí chinneadh ón gComhairle a ghlacfar trí thromlach dhá thrian de vótai na mBallstát, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta.
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, leanfaidh céadtéarma oifige an Stiúrthóra go ceann cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo, céadtéarma oifige an chéad Leas-Stiúrthóra go ceann ceithre bliana agus céadtéarma oifige an dara Leas-Stiúrthóir go ceann trí bliana.
Airteagal 30
Foireann
Beidh cuspóirí agus cúraimí Europol mar stiúir ag an Stiúrthóir, na Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol ina gcuid gníomhaíochtaí agus ní fhéadfaidh siad teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas, údarás, eagraíocht ná duine lasmuigh d'Europol mura bhforáiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún seo agus gan dochar do Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Beidh an Stiúrthóir i gceannas ar Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol. Fostóidh sé agus dífhostóidh sé fostaithe. Agus fostaithe á roghnú aige, tabharfaidh sé aird, de bhreis ar oiriúnacht phearsanta agus cáilíochtaí gairmiúla, ar an ngá ionadaíocht leormhaith a áirithiú do náisiúnaigh na mBallstát uile agus teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Leagfar síos rialacha mionsonraithe i rialacháin foirne a ghlacfaidh an Chomhairle d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta.
Airteagal 31
Rúndacht
Glacfaidh Europol agus na Ballstáit bearta iomchuí chun faisnéis a chosaint atá faoi réir riachtanas na rúndachta a ndéantar í a fháil nó a mhalartú faoi chuimsiú Europol ar bhonn an Choinbhinsiúin seo. Chuige sin, déanfaidh an Chomhairle rialacha iomchuí maidir le rúndacht a ghlacadh d'aon toil a luaithe atá siad ullmhaithe ag an mBord Bainistíochta agus curtha faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Nuair a chuireann Europol gníomhaíocht íogair de chúram ar dhaoine, gabhfaidh na Ballstáit orthu féin criathrú slándála a chur i gcrích, arna iarraidh sin do Stiúrthóir Europol, ar a gcuid náisiúnach féin i gcomhréir lena bhforálacha náisiúnta agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile chuige sin. Ní dhéanfaidh an t-údarás atá inniúil faoi na forálacha náisiúnta Europol a chur ar an eolas ach amháin faoi thorthaí an chriathraithe slándála a bheidh ceangailteach ar Europol.
Ní fhéadfaidh aon Bhallstát ná Europol daoine a cheapadh le haghaidh próiseáil sonraí ag Europol mura mbeidh oiliúint speisialta orthu agus mura mbeifear tar éis criathrú slándála a dhéanamh orthu.
Airteagal 32
Oibleagáid discréide agus rúndachta
Staonfaidh orgáin Europol, a gcomhaltaí, na Leas-Stiúrthóirí, fostaithe Europol agus na hoifigigh liaison ó aon ghníomhaíocht agus ó aon tuairim a nochtadh a d'fhágfadh máchail ar íomhá Europol nó a dhéanfadh dochar dá ghníomhaíocht.
Beidh de cheangal ar orgáin Europol, a gcomhaltaí, na Leas-Stiúrthóirí, fostaithe Europol agus na hoifigigh liaison, maille le gach duine eile atá faoi oibleagáid shainráite discréide nó rúndachta, gan fíorais ná faisnéis a nochtadh a bhfaigheann siad fios orthu i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna nó faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí d'aon duine neamhúdaraithe ná don phobal. Ní bheidh sé seo infheidhme ar fhíorais ná faisnéis nach gá a choimeád faoi rún de bharr a neamhthábhachta. Leanfaidh an oibleagáid discréide agus rúndachta fiú tar éis dóibh scor dá bhfeidhmeanna, dá bhfostaíocht nó dá ngníomhaíochtaí. Tabharfaidh Europol fógra faoin oibleagáid shonrach atá leagtha síos sa chéad abairt maille le fainic maidir le hiarmhairtí dlíthiúla aon sáraithe; tarraingeofar suas taifead i scríbhinn den fhógra sin.
Ní fhéadfaidh orgáin Europol, a gcomhaltaí, na Leas-Stiúrthóirí, fostaithe Europol, na hoifigigh liaison ná daoine eile atá faoin oibleagáid dá bhforáiltear i mír 2, fianaise a thabhairt ná ráiteas a dhéanamh le linn imeachtaí breithiúnacha nó neamhbhreithiúnacha ar aon fhíorais nó faisnéis a bhfuair siad fios orthu i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna nó faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí, gan an cheist a chur faoi bhráid an Stiúrthóra nó, más é an Stiúrthóir atá i dtreis, faoi bhráid an Bhord Bainistíochta.
Rachaidh an Stiúrthóir nó an Bord Bainistíochta, de réir mar is iomchuí, i gcomhairle leis an údarás breithiúnach nó le haon chomhlacht inniúil eile d'fhonn na bearta a ghlacadh is gá faoin dlí náisiúnta is infheidhme ar an gcomhlacht i dtrácht chun na rialacha mionsonracha maidir le fianaise a thabhairt a leasú ar mhaithe le rúndacht na faisnéise a áirithiú nó, más féidir sin faoin dlí náisiúnta, chun an páirtiú a bhaineann leis an bhfaisnéis a dhiúltú a mhéad is gá sin chun leasanna príomhordúla Europol nó Ballstáit a chosaint.
Má fhoráiltear i ndlí an Bhallstáit gur féidir diúltú fianaise a thabhairt, ní foláir do na daoine a n-iarrtar orthu fianaise a thabhairt cead a fháil fianaise a thabhairt. Is é an Stiúrthóir a thabharfaidh an cead; i gcás gurb é an Stiúrthóir a n-iarrtar air fianaise a thabhairt, is é an Bord Bainistíochta a thabharfaidh an cead. Nuair a iarrtar ar oifigeach liaison fianaise a thabhairt ar fhaisnéis a fhaigheann sé ó Europol, tabharfar an cead sin tar éis comhaontú a fháil ón mBallstát atá freagrach as an oifigeach i dtrácht.
Ina theannta sin, nuair is léir go gcuimseoidh an fhianaise faisnéis agus eolas a pháirtigh Ballstát nó a bhaineann go soiléir le Ballstát, ní foláir tuairim an Bhallstáit sin a fháil roimh an gcead a thabhairt.
Ní fhéadfar diúltú an cead a thabhairt chun fianaise a thabhairt ach a mhéad is gá sin ar mhaithe le cosaint na n-ardleasanna is gá a chosaint de chuid Europol nó an Bhallstáit nó na mBallstát i dtrácht.
Leanfaidh an oibleagáid sin fiú tar éis dóibh scor dá bhfeidhmeanna, dá bhfostaíocht nó dá ngníomhaíocht.
Roinnfidh gach Ballstát le haon sárú ar an oibleagáid discréide nó rúndachta atá leagtha síos i míreanna 2 agus 3 mar shárú ar a dhlí um rúin oifigiúla nó ghairmiúla nó a chuid forálacha maidir le hábhar rúndachta a chosaint.
Más iomchuí, bunóidh gach Ballstát ar dháta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm ar a dhéanaí na rialacha dlí náisiúnta nó na forálacha is gá d'fhonn sárú ar an oibleagáid discréide a ionchúiseamh nó an rúndacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a chosaint. Áiritheoidh sé go mbeidh na rialacha agus na forálacha sin infheidhme freisin ar a oifigigh féin a bhíonn i dteagmháil le hEuropol faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí.
Airteagal 33
Teangacha
Tíolacfar tuarascálacha agus gach páipéar agus doiciméadú eile a chuirtear faoi bhráid an Bhord Bainistíochta i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh; is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh teangacha oibre an Bhord Bainistíochta.
Is é lárionad aistriúcháin institiúidí an Aontais Eorpaigh a sholáthróidh na haistriúcháin is gá d'obair Europol.
Airteagal 34
Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas
Seolfaidh Uachtaránacht na Comhairle tuarascáil speisialta ar obair Europol chuig Parlaimint na hEorpa gach bliain. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa tráth aon leasaithe ar an gCoinbhinsiún seo.
I dtaca le Parlaimint na hEorpa, tabharfaidh Uachtaránacht na Comhairle, nó a hionadaí arna ainmniú ag an Uachtaránacht, aird ar na hoibleagáidí discréide agus rúndachta.
Beidh na hoibleagáidí dá bhforáiltear san Airteagal seo gan dochar do chearta na bparlaimintí náisiúnta, d'Airteagal K.6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus do na prionsabail ghinearálta is infheidhme ar an gcaidreamh le Parlaimint na hEorpa de bhun Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Airteagal 35
Buiséad
Déanfar meastacháin ar ioncam agus caiteachas uile Europol, lena n-áirítear costais uile an Chomhchomhlachta Maoirseachta agus na rúnaíochta arna bunú aige de bhun Airteagal 24, a tharraingt suas do gach bliain airgeadais agus déanfar na míreanna sin a iontráil sa bhuiséad; cuirfear plean bunaíochta i gceangal leis an mbuiséad. Tosóidh an bhliain airgeadais ar an 1 Eanáir agus críochnóidh si ar an 31 Nollaig.
Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad a bheith ar comhardú.
Bunófar plean maoinithe cúig bliana mar aon leis an mbuiséad.
Maoineofar an buiséad as ranníocaíochtaí na mBallstát agus aon fho-ioncam eile. Cinnfear ranníocaíocht gach Ballstáit de réir choibhneas a olltáirgeachta náisiúnta le suim iomlán olltáirgeachtaí náisiúnta na mBallstát don bhliain roimh an mbliain ina mbunaítear an buiséad. Chun críocha na míre seo, ciallóidh ‘olltáirgeacht náisiúnta’ olltáirgeacht náisiúnta mar atá si sainithe i dTreoir ón gComhairle 89/130/CEE, Euratom an 13 Feabhra 1989 maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta ag margadhphraghsanna a chomhchuibhiú.
Faoin 31 Márta gach bliain ar a dhéanaí, bunóidh an Stiúrthóir an dréachtbhuiséad agus an dréachtphlean bunaíochta don bhliain airgeadais ina dhiaidh agus, tar éis don Choiste Airgeadais iad a scrúdú, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhord Bainistíochta iad mar aon leis an dréachtphlean maoinithe cúig bliana.
Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh ar an bplean maoinithe cúig bliana. Gníomhóidh sé d'aon toil.
Tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta, déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, buiséad Europol a ghlacadh ar a dhéanaí faoin 30 Meitheamh den bhliain roimh an mbliain airgeadais. Gníomhóidh si d'aon toil. Glacfar buiséid fhorlíontacha agus cheartaitheacha ar an modh céanna. Béarfaidh glacadh an bhuiséid ag an gComhairle oibleagáid ar gach Ballstát na ranníocaíochtaí atá dlite uaidh a chur ar fáil in am trátha.
Cuirfidh an Stiúrthóir an buiséad i ngníomh i gcomhréir leis an rialachán airgeadais dá bhforáiltear i mír 9.
Ceapfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó d'aon toil, rialtóir airgeadais; déanfaidh an rialtóir airgeadais faireachán ar cheangaltas agus eisíocaíochtaí an chaiteachais agus ar bhunú agus bailiú an ioncaim agus beidh sé freagrach don Bhord Bainistíochta. Féadfaidh an rialachán airgeadais foráil d'fhaireachán ex-post ag an rialtóir airgeadais i gcás míreanna áirithe ioncaim nó caiteachais.
Beidh ar an gCoiste Airgeadais ionadaí buiséadach amháin ó gach Ballstát. Beidh de chúram air pléití ar chúrsaí buiséadacha agus airgeadais a ullmhú.
Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an rialachán airgeadais a ghlacadh d'aon toil, ag sonrú go háirithe na rialacha mionsonraithe chun an buiséad a bhunú, a leasú agus a chur i ngníomh agus chun faireachán a dhéanamh ar a chur i ngníomh agus an dóigh ina n-íocfaidh na Ballstáit a gcuid ranníocaíochtaí.
Airteagal 36
Iniúchóireacht
Beidh na cuntais i leith gach ioncaim agus caiteachais arna n-iontráil sa bhuiséad mar aon leis an gclár comhardaithe ag taispeáint shócmhainní agus dhliteanais Europol faoi réir iniúchóireacht bhliantúil i gcomhréir leis an rialachán airgeadais. Chuige sin, tíolacfaidh an Stiúrthóir tuarascáil ar na cuntais bhliantúla ar a dhéanaí faoin 31 Bealtaine den bhliain ina dhiaidh.
Is comhchoiste iniúchóireachta ar a mbeidh triúr comhalta arna gceapadh ag Cúirt Iniúchóireachta na gComhphobal Eorpach ar thogra óna hUachtarán a dhéanfaidh an iniúchóireacht. Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí sin; déanfaidh siad uainíocht ar a chéile ionas go ngabhfar ionad gach comhalta a bheidh tar éis bheith ar an gcoiste iniúchóireachta ar feadh trí bliana. Gan dochar d'fhorálacha an dara habairt, i gcéad-chomhdhéanamh an chomhchoiste iniúchóireachta tar éis d'Europol tús a chur lena fheidhmeanna a fheidhmiú, is é téarma oifige na gcomhaltaí a roghnófar trí chrannchur:
— an chéad chomhalta, dhá bhliain,
— an dara comhalta, trí bliana, agus
— an tríú comhalta, ceithre bliana.
Déanfar costais na hiniúchóireachta más ann dóibh a fhritháireamh i gcoinne an bhuiséid dá bhforáiltear in Airteagal 35.
Cuirfidh an comhchoiste iniúchóireachta tuarascáil iniúchóireachta ar chuntais na bliana roimhe faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach; roimhe sin, tabharfar caoi don Stiúrthóir agus don Rialtóir Airgeadais a gcuid tuairimí a thabhairt ar an tuarascáil iniúchóireachta agus déanfar an tuarascáil a phlé sa Bhord Bainistíochta.
Soláthróidh Stiúrthóir Europol do chomhaltaí an chomhchoiste iniúchóireachta gach faisnéis agus gach cúnamh is gá dóibh chun a gcúram a chomhall.
Is é an Chomhairle a thabharfaidh urscaoileadh don Stiúrthóir maidir leis an mbuiséad don bhliain i gceist a chur i ngníomh tar éis di an tuarascáil ar na cuntais bhliantúla a scrúdú.
Leagfar rialacha mionsonraithe don iniúchóireacht síos sa Rialachán Airgeadais.
Airteagal 37
Comhaontú ceanncheathrún
Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar d'Europol sa Stát ceanncheathrún agus maidir leis na saoráidí atá le soláthar ag an Stát sin maille leis na rialacha sonracha is infheidhme, i Stát ceanncheathrún Europol, ar chomhaltaí a orgáin, ar a Leas-Stiúrthóirí, ar a fhoireann agus ar bhaill teaghlaigh, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir Europol agus Ríocht na hÍsiltíre a thabharfar i gcrích tar éis formheas d'aon toil a fháil ón mBord Bainistíochta.
TEIDEAL VI
Airteagal 38
Dliteanas maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí
Beidh gach Ballstát faoi dhliteanas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta i leith aon damáiste a tharla do dhuine de bharr sonraí míchearta ó thaobh dlí nó fíorais a rinne Europol a stóráil nó a phróiseáil. Is é an Ballstát amháin inar tharla an teagmhas díobhálach a fhéadfaidh bheith ina ábhar do chaingean chúitimh ag an duine éagóraithe a rachaidh ar iontaoibh na gcúirteanna ag a bhfuil dlínse de bhun dhlí náisiúnta an Bhallstáit i dtrácht. Ní fhéadfaidh Ballstát a agairt gur sheol Ballstát eile sonraí míchearta chuige chun é féin a urscaoileadh ón dliteanas atá air faoina dhlí náisiúnta i leith an duine éagóraithe.
Más toradh na sonraí míchearta sin ó thaobh dlí nó fíorais ar shonraí a pháirtigh Ballstát amháin nó roinnt Ballstát go hearráideach nó trí mhainneachtain sna hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún seo nó a rinne Europol a stóráil nó a phróiseáil ar dhóigh neamhúdaraithe nó mhícheart, dlitear d'Europol nó de na Ballstáit sin na suimeanna arna n-íoc mar chúiteamh a aisíoc, arna iarraidh sin, murar bhain an Ballstát ar ar a chríoch a tharla an teagmhas díobhálach úsáid as na sonraí de shárú ar an gCoinbhinsiún seo.
Ní mór aon easaontas idir an Ballstát sin agus Europol nó Ballstát eile maidir le prionsabal nó méid na híocaíochta sin a chur faoi bhráid an Bhord Bainistíochta a ghníomhóidh trí thromlach dhá thrian.
Airteagal 39
Dliteanais eile
Beidh dliteanas conarthach Europol faoi rialú ag an dlí is infheidhme ar an gconradh i gceist.
I gcás dliteanas neamhchonarthach, is é Europol, gan spleáchas d'aon dliteanas de bhun Airteagal 38, a shlánóidh aon damáiste arbh iad a chuid orgán, a Leas-Stiúrthóirí nó a chuid fostaithe ba chúis leis i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, a mhéad is féidir an damáiste sin a chur ina leith. Ní eisiafaidh an fhoráil sin roimhe seo an ceart leorghníomhartha eile bunaithe ar reachtaíocht náisiúnta na mBallstát.
Beidh sé de cheart ag an duine éagóraithe a éileamh go staonfaidh Europol ó chaingean nó go scoirfidh sé di.
Déanfar cúirteanna náisiúnta na mBallstát a bhfuil dlínse acu chun na díospóidí ina mbeidh dliteanas Europol i gceist dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh ag féachaint d'fhorálacha ábhartha Choinbhinsiún na Bruiséile an 27 Meán Fómhair 1968 ar Dhlínse agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, mar atá arna leasú iardain leis na Coinbhinsiúin aontachais.
Airteagal 40
Díospóidí a réiteach
Ní foláir don Chomhairle aon díospóidí idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo, a phlé mar chéad chéim i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d'fhonn teacht ar réiteach.
Mura mbeidh réiteach ar na díospóidí sin faighte laistigh de thréimhse sé mhí, cinnfidh na Ballstáit is páirtithe sa díospóid, trí chomhaontú eatarthu féin, na rialacha mionsonraithe faoina ndéanfar na díospóidí i gceist a réiteach.
Beidh na forálacha maidir le hachomhairc dá bhforáiltear sna rialacháin a bhaineann le coinníollacha fostaíochta is infheidhme ar fhostaithe sealadacha agus cúntacha na gComhphobal Eorpach infheidhme mutatis mutandis ar fhoireann Europol.
Airteagal 41
Pribhléidí agus díolúintí
Beidh ag Europol, ag comhaltaí a orgán, agus ag Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le Prótacal ag leagan síos na rialacha atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit uile.
Comhaontóidh Ríocht na hÍsiltíre agus na Ballstáit eile sna téarmaí céanna go mbeidh ag oifigigh liaison ar iasacht ó Bhallstáit eile maille le baill a dteaghlaigh na pribhléidí agus díolúintí is gá chun cúraimí na n-oifigeach liaison laistigh d'Europol a chomhlíonadh go cuí.
Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Prótacal dá dtagraítear i mír 1 agus glacfaidh na Ballstáit é i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
TEIDEAL VII
Airteagal 42
Caidreamh le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí
A mhéad is fónta chun na feidhmeanna atá sainithe in Airteagal 3 a chomhall, déanfaidh Europol caidreamh comhair a bhunú agus a chothabháil le tríú comhlachtaí de réir bhrí phointí 1 go 3 d'Airteagal 10(4). Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha ag rialú an chaidrimh sin a bhunú d'aon toil. Beidh an fhoráil seo gan dochar d'Airteagal 10(4) agus (5) agus d'Airteagal 18(2); ní dhéanfar sonraí pearsanta a mhalartú ach amháin i gcomhréir le forálacha Theidil II go IV den Choinbhinsiún seo.
A mhéad is gá chun na feidhmeanna atá sainithe in Airteagal 3 a chomhall, féadfaidh Europol caidreamh a bhunú agus a chothabháil freisin le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí phointí 4, 5, 6 agus 7 d'Airteagal 10(4). Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta, rialacha a bhunú ag rialú an chaidrimh dá dtagraítear sa chéad abairt. Beidh an tríú habairt de mhír 1 infheidhme mutatis mutandis.
Airteagal 43
An Coinbhinsiún a leasú
I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thionscnamh ó Bhallstát agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, cinneadh d'aon toil, faoi chuimsiú phointe 9 d'Airteagal K.l den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le haon leasuithe ar an gCoinbhinsiún seo a mholfaidh sí do na Ballstáit lena nglacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 45(2) den Choinbhinsiún seo.
Ar a shon sin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a chinneadh ar thionscnamh ó Bhallstát agus tar éis don Bhord Bainistíochta é a scrúdú, sainmhínithe na bhfoirmeacha coirpeachta atá san Iarscríbhinn a shaibhriú, a leasú nó a chomhlánú. Féadfaidh sé freisin a chinneadh sainmhínithe nua de na foirmeacha coirpeachta sin a chur isteach.
Cuirfidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe in iúl do na Ballstáit uile.
Airteagal 44
Forchoimeádais
Ní bheidh forchoimeádais i leith an Choinbhinsiúin seo incheadaithe.
Airteagal 45
Teacht i bhfeidhm
Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Coinbhinsiún seo a ghlacadh comhlíonta acu.
Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí a leanann an tréimhse trí mhí tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach ar an dáta a ghlacfaidh an Chomhairle an Gníomh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin.
Gan dochar do mhír 2, ní rachaidh Europol i mbun a ghníomhaíochtaí faoin gCoinbhinsiún seo go dtí go dtiocfaidh an ceann deiridh de na gníomhartha dá bhforáiltear in Airteagail 5(7), 10(1), 24(7), 30(3), 31(1), 35(9), 37 agus 41(1) agus (2) i bhfeidhm.
Nuair a rachaidh Europol i mbun a ghníomhaíochtaí, beidh deireadh le gníomhaíochtaí Aonad Drugaí Europol i gcomhréir le comhghníomhaíocht an 10 Márta 1995 maidir le hAonad Drugaí Europol. I gcomhthráth, tiocfaidh gach trealamh arna mhaoiniú ó chomhbhuiséad Aonad Drugaí Europol, arna fhorbairt nó arna tháirgeadh ag Aonad Drugaí Europol nó arna chur ar láimh dó saor ó tháille ag an Stát ceanncheathrún dá bhuanúsáid, mar aon le cartlann iomlán an Aonaid sin agus a chomhaid sonraí arna riar go neamhspleách aige chun bheith ina maoin ag Europol.
Amhail ón dáta a ghlacfaidh an Chomhairle an Gníomh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo, glacfaidh na Ballstáit, ag gníomhú go leithleach nó go comhpháirteach dóibh, na bearta ullmhúcháin uile faoina ndlí náisiúnta atá riachtanach do thús ghníomhaíochtaí Europol.
Airteagal 46
Aontachas Ballstát nua
Beidh aontachas leis an gCoinbhinsiún seo ar oscailt d'aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.
Is téacs údarásach téacs an Choinbhinsiúin seo i dteanga an Bhallstáit aontaigh, arna bhunú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an taiscí.
Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir le Ballstát aontach ar an gcéad lá den mhí tar éis do thréimhse trí mhí a dhul in éag tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Choinbhinsiúin a theacht i bhfeidhm mura mbeadh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse trí mhí sin a dhul in éag.
Airteagal 47
Taiscí
Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Choinbhinsiúin seo.
Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach na fógraí, na hionstraimí nó na cumarsáidí a bhaineann leis an gCoinbhinsiún seo.
Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an séú lá is fiche dTúil sa bhliain míle naoi gcéad nócha a cúig, i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; déanfar an scríbhinn bhunaidh sin a thaisceadh i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
(Sínithe na Lánchumhachtach)
IARSCRÍBHINN
Liosta de na saghsanna eile tromchúiseacha coirpeachta idirnáisiúnta a bhféadfadh Europol déileáil leo de bhreis orthu siúd dá bhforáiltear cheana in Airteagal 2(2) agus ag urramú chuspóir Europol mar atá sé sonraithe in Airteagal 2(1).
I gcoinne saol duine, i gcoinne na saoirse ó dhíobháil choirp agus na saoirse pearsanta:
— dúnbhású, mórdhíobháil choirp,
— ceannaíocht aindleathach in orgáin agus fíocháin dhaonna,
— fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gialla a ghabháil,
— ciníochas agus seineafóibe.
I gcoinne maoine, i gcoinne sealúchas poiblí lena n-áirítear calaois:
— goid eagraithe,
— ceannaíocht aindleathach in earraí cultúrtha, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,
— caimiléireacht agus calaois,
— cambheartaíocht agus sracadh,
— góchumadh agus píoráideacht táirgí,
— brionnú doiciméad riarthach agus ceannaíocht iontu,
— brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,
— coirpeacht ríomhaire,
— corbadh.
Trádáil neamhdhlíthiúil agus dochar don chomhshaol:
— ceannaíocht aindleathach in airm, muinisean agus pléascaigh,
— ceannaíocht aindleathach i speicis ainmhithe i mbaol,
— ceannaíocht aindleathach i speicis agus cineálacha plandaí i mbaol,
— coirpeacht chomhshaoil,
— ceannaíocht aindleathach i substaintí hormónacha agus fástionscnóirí eile.
Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(2), beidh sé le tuiscint, má chuirtear de chúram ar Europol déileáil le haon cheann de na saghsanna coirpeachta atá liostaithe thuas, go mbeidh sé inniúil freisin chun déileáil leis na gníomhaíochtaí gaolmhara sciúrtha airgid agus leis na cionta coiriúla gaolmhara.
Maidir leis na saghsanna coirpeachta atá liostaithe in Airteagal 2(2) de réir bhrí an Choinbhinsiúin seo:
— ciallaíonn ‘coirpeacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha’ na cionta coiriúla atá liostaithe in Airteagal 7(1) den Choinbhinsiún um Chosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach, a síníodh i Vín agus Nua-Eabhrac ar an 3 Márta 1980, agus a bhaineann leis na substaintí núicléacha agus/nó radaighníomhacha atá sainithe in Airteagal 197 de Chonradh CEFA agus i dTreoir 80/836/Euratom an 15 Iúil 1980 faoi seach,
— ciallaíonn ‘smugláil neamhdhlíthiúil imirceach’ gníomhaíochtaí a bheartaítear d'aon toisc chun a éascú, le haghaidh brabúis, do dhaoine iontráil, cónaí nó obair a dhéanamh ar chríocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh atá contrártha do na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme sna Ballstáit,
— ciallaíonn ‘ceannaíocht i ndaoine’ duine a chur faoi smacht iarbhír agus neamhdhleathach daoine eile trí fhoréigean nó bagairtí a úsáid nó trí ghaol údaráis a mhí-úsáid nó trí inlíochtaí d'fhonn gabháil le dúshaothrú meirdreachais, foirmeacha dúsh-aothraithe chollaí agus ionsaí ar mhionaoisigh nó tráchtáil i ndáil le leanaí a thréigean,
— ciallaíonn ‘coirpeacht a bhaineann le gáinneáil mhótarfheithiclí goidte’ mótarfheithiclí, leoraithe, leathleantóirí, ualaí leoraithe nó leathleantóirí, busanna, gluaisrothair, carbháin agus feithiclí talmhaíochta, feithiclí oibre, agus páirteanna spártha d'fheithiclí den sórt sin a ghoid nó a mhídhílsiú, agus réada den sórt sin a ghlacadh agus a cheilt,
— ciallaíonn ‘sciúradh neamhdhlíthiúil airgid’ na cionta coiriúla atá liostaithe in Airteagal 6(1) go (3) de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú a dhéanamh ar na Faltais ó Choirpeacht, a síníodh in Strasbourg ar an 8 Samhain 1990.
Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla na saghsanna coirpeachta dá dtagraítear in Airteagal 2 agus san Iarscríbhinn seo a mheasúnú i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann siad.
FIFTH SCHEDULE The Text in The Irish Language of the 1996 Protocol
AN PRÓTACAL
arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le léiriú, trí réamhrialúar an gCoinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gCoinbhinsiún:
Airteagal 1
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal seo, chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú, dá ngairtear ‘Coinbhinsiún Europol’ anseo feasta.
Airteagal 2
Féadfaidh aon Bhallstát, trí dhearbhú a dhéanamh tráth sínithe an Phrótacail seo nó aon tráth eile ina dhiaidh sin, glacadh le dlínse Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar Choinbhinsiún Europol faoi na coinníollacha atá sonraithe i bpointe (a) de mhír 2 nó i bpointe (b) de mhír 2.
Féadfaidh Ballstát a dhéanann dearbhú faoi mhír 1 a shonrú:
(a) go bhféadfaidh aon eheann de chúirteanna nó binsí an Bhallstáit sin nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh a bhreitheanna a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaítear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a bhaineann le léiriú ar Choinbhinsiún Europol má mheasann sé gur gá breith ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt;
nó
(b) go bhféadfaidh aon eheann de chúirteanna nó binsí an Bhallstáit sin a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaítear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a bhaineann le léiriú ar Choinbhinsiún Europol má mheasann sé gur gá breith ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt.
Airteagal 3
Beidh an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais sin infheidhme.
I gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, beidh gach Ballstát, bíodh nó ná bíodh dearbhú de bhun Airteagal 2 déanta aige, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh do Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i gcásanna a thagann chun cinn faoi Airteagal 1.
Airteagal 4
Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu, agus cuirfidh siad in iúl dó freisin aon dearbhú arna dhéanamh de bhun Airteagal 2.
Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm 90 lá tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach tráth na Comhairle do ghlacadh an Ghnímh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin. Ar a shon sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar a luaithe san am céanna le Coinbhinsiún Europol.
Airteagal 5
Beidh aontachas leis an bPrótacal seo ar oscailt d'aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.
Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an taiscí.
Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Bhallstáit aontaigh, arna bhunú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm maidir le Ballstát aontach 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá thuasluaite a dhul in éag.
Airteagal 6
Aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach agus a aontaíonn do Choinbhinsiún Europol i gcomhréir le hAirteagal 46 de, glacfaidh sé le forálacha an Phrótacail seo.
Airteagal 7
Féadfaidh gach Ballstát is Ardpháirtí Conarthach leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Cuirfear gach togra do leasú chuig an taiscí agus cuirfidh seisean in iúl don Chomhairle é.
Glacfaidh an Chomhairle leasuithe ar an bPrótacal seo agus molfaidh si iad lena nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
Tiocfaidh na leasuithe arna nglacadh amhlaidh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4.
Airteagal 8
Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.
Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach fógraí, ionstraimí agus cumarsáidí a bhaineann leis an bPrótacal seo.
Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.
Arna dhéanamh i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.
(Sínithe na Lánchumhachtach)
SIXTH SCHEDULE The text in the Irish Language of the 1997 Protocol
AN PRÓTACAL
arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 41(3) de Choinbhinsiún Europol, maidir le pribhléidí agus díolúintí Europol, chomhaltaí a orgán agus Leas-Stiúrthóirí agus fhostaithe Europol
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Phrótacal seo, Ballstáit an Aontais Eorpaigh
AG TAGAIRT do Ghníomh ón gComhairle an 19 Meitheamh 1997
DE BHRÍ go mbeidh, de bhun Airteagal 41(1) den Choinbhinsiún ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol), ag Europol, comhaltaí a orgán agus Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le Prótacal ag leagan síos na rialacha atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit uile,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críoch an Phrótacail seo:
(a) ciallaíonn ‘an Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol);
(b) ciallaíonn ‘Europol’ an Oifig Eorpach Póilíní;
(c) ciallaíonn ‘orgáin Europol’ an Bord Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 den Choinbhinsiún, an Rialtóir Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35(7) den Choinbhinsiún, agus an Coiste Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35(8) den Choinbhinsiún;
(d) ciallaíonn ‘an Bord’ an Bord Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 den Choinbhinsiún;
(e) ciallaíonn ‘an Stiúrthóir’ Stiúrthóir Europol dá dtagraítear in Airteagal 29 den Choinbhinsiún;
(f) ciallaíonn ‘an fhoireann’ Stiúrthóir, Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol dá dtagraítear in Airteagal 30 den Choinbhinsiún amach ón bhfoireann áitiúil dá dtagraítear in Airteagal 3 de na Rialacháin Foirne;
(g) ciallaíonn ‘cartlann Europol’ gach taifead, comhfhreagras, doiciméad, lámhscríbhinn, sonra ríomhaire agus meán, grianghraf, scannán, taifead amhairc agus fuaime is le hEuropol nó atá á shealbhú aige nó is le haon bhall dá fhoireann nó atá á shealbhú aige, agus aon ábhar eile dá shamhail atá ina chuid de chartlann Europol i dtuairim d'aon toil an Bhoird agus an Stiúrthóra.
Airteagal 2
Díolúine ó phróis dlí agus díolúine ó chuardach, urghabháil, foréileamh, coigistiú agus aon sórt eile cur isteach
Beidh ag Europol díolúine ó phróis dlí i leith an dliteanais maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí dá dtagraítear in Airteagal 38(1) den Choinbhinsiún.
Beidh maoin, cistí agus sócmhainní Europol, cibé áit ar chríocha na mBallstát agus ag cibé duine a mbeidh siad, díolmhaithe ó chuardach, urghabháil, foréileamh, coigistiú agus aon sórt eile cur isteach.
Airteagal 3
Dosháraitheacht na cartlainne
Beidh cartlann Europol, cibé áit ar chríocha na mBallstát agus ag cibé duine a mbeidh sí, dosháraithe.
Airteagal 4
Saoirseacht ó chánacha agus dleachtanna
Laistigh de raon feidhme a ghníomhaíochtaí oifigiúla, beidh Europol, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.
Beidh Europol saortha ó chánacha indíreacha agus dleachtanna a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe agus dochorraithe agus seirbhísí arna bhfáil le haghaidh a úsáide oifigiúla agus a mbeidh caiteachas suntasach ag roinnt leo. Féadfar an tsaoirseacht a dheonú i bhfoirm aisíocaíochta.
Earraí arna gceannach faoin Airteagal seo atá saortha ó cháin bhreisluacha nó dleachtanna máil, ní dhéanfar iad a dhíol, ná a dhiúscairt ar dhóigh eile, ach amháin i gcomhréir leis na coinníollacha arna gcomhaontú leis an mBallstát a dheonaigh an tsaoirseacht.
Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith cánacha agus dleachtanna is táillí as seirbhísí sonracha arna soláthar.
Airteagal 5
Sócmhainní airgeadais a bheith saor ó shrianta
Gan é a bheith faoi réir aon rialuithe airgeadais, rialachán, ceanglas fógra i leith idirbheart airgeadais, ná mortchairde d'aon saghas, féadfaidh Europol, faoi shaoirse:
(a) aon airgead reatha a cheannach trí bhealaí údaraithe, a shealbhú agus a dhiúscairt;
(b) cuntais a bheith aige in aon airgead reatha.
Airteagal 6
Saoráidí agus díolúintí i leith cumarsáide
Ceadóidh Ballstáit d'Europol cumarsáid a dhéanamh faoi shaoirse, gan ghá le cead speisialta, chun gach críoch oifigiúil, agus cosnóidh siad ceart Europol chuige sin. Beidh ag Europol an ceart cóid a úsáid agus comhfhreagras oifigiúil agus cumarsáidí oifigiúla eile a sheachadadh agus a ghlacadh trí theachtaire nó i málaí séalaithe a bheidh faoi réir na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna atá ag teachtairí agus málaí taidhleoireachta.
A mhéad a bheidh i gcomhréir le Coinbhinsiún Teileachumarsáide Idirnáisiúnta an 6 Samhain 1982, beidh ag Europol, le haghaidh a chumarsáidí oifigiúla, cóir nach lú fabhar ná an chóir a thugann Ballstáit d'aon eagraíocht idirnáisiúnta nó rialtas, lena n-áirítear misin taidhleoireachta na rialtas sin, i dtaca le tosaíochtaí maidir le cumarsáidí tríd an bpost, trí chábla, teileagraf, teiléacs, raidió, teilifís, teileafón, facs, saitilít, nó aon mheán eile.
Airteagal 7
Iontráil, fanacht agus imeacht
Éascóidh Ballstáit, más gá, iontráil, fanacht agus imeacht na ndaoine atá liostaithe in Airteagal 8 chun críoch gnó oifigiúil. Ní choiscfidh sin an ceanglas fianaise réasúnta a thabhairt chun a shuíomh go dtagann daoine a éilíonn an chóir dá bhforáiltear san Airteagal seo faoi na haicmí atá tuairiscithe in Airteagal 8.
Airteagal 8
Pribhléidí agus díolúintí comhaltaí d'orgáin Europol agus comhaltaí d'fhoireann Europol
Beidh ag comhaltaí d'orgáin Europol agus comhaltaí d'fhoireann Europol na díolúintí seo a leanas:
(a) gan dochar d'Airteagal 32, agus a mhéad is infheidhme, d'Airteagal 40(3) den Choinbhinsiún, díolúine ó phróis dlí d'aon saghas i leith a bhfocal labhartha nó scríofa agus gníomhartha a rinne siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla; leanfaidh an díolúine sin d'ainneoin go bhféadfaidh na daoine sin bheith tar éis scor de bheith ina gcomhaltaí d'orgán de chuid Europol nó ina gcomhaltaí d'fhoireann Europol;
(b) dosháraitheacht a bpáipéar agus a ndoiciméad oifigiúil uile agus a n-ábhar oifigiúil eile.
Comhaltaí d'fhoireann Europol a bhfuil a dtuarastail agus a n-éadálacha inchurtha faoi cháin chun tairbhe d'Europol mar atá luaite in Airteagal 10, beidh acu díolúine ó cháin ioncaim i dtaca le tuarastail agus éadálacha arna n-íoc ag Europol. Ar a shon sin, féadfar na tuarastail agus na héadálacha sin a chur san áireamh, agus méid na cánach is iníoctha ar ioncam ó fhoinsí eile á mheas. Ní bheidh an mhír seo infheidhme ar phinsin agus blianachtaí arna n-íoc le hiarchomhaltaí d'fhoireann Europol agus lena gcleith-iúnaithe.
Beidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach infheidhme ar chomhaltaí d'fhoireann Europol.
Airteagal 9
Saoirseachtaí ó dhíolúintí
Ní chuirfear an díolúine arna deonú do dhuine atá luaite in Airteagal 8 i mbaint le caingean dlí arna tionscnamh ag tríú páirtí i leith damáistí, lena n-áirítear díobháil do dhuine nó bás duine, de dheasca tionóisce bóthair a raibh an duine sin ciontach inti.
Airteagal 10
Cánacha
Faoi réir na gcoinníollacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos ag Europol agus arna gcomhaontú ag an mBord, beidh comhaltaí d'fhoireann Europol arna bhfostú go ceann íostréimhse bliana inchurtha faoi cháin chun tairbhe d'Europol ar thuarastail agus éadálacha arna n-íoc ag Europol leo.
Gach bliain, cuirfear in iúl do na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí chomhaltaí fhoireann Europol atá luaite san Airteagal seo, maille le hainmneacha aon phearsanra eile arna chonrú chun obair a dhéanamh ag Europol. Eiseoidh Europol do gach duine díobh deimhniú bliantúil ina luafar mórmhéid agus glanmhéid luach saothair d'aon chineál arna íoc ag Europol don bhliain i gceist, lena n-áirítear mionsonraí agus cineál na n-íocaíochtaí agus aon mhéideanna arna gcoimeád siar ag an bhfoinse.
Ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme ar phinsin agus blianachtaí arna n-íoc le hiarchomhaltaí d'fhoireann Europol agus lena gcleithiúnaithe.
Airteagal 11
An pearsanra a chosaint
Arna iarraidh sin don Stiúrthóir, déanfaidh na Ballstáit gach beart réasúnach i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, chun an tsábháilteacht agus an chosaint is gá a áirithiú do na daoine atá luaite sa Phrótacal seo a bhfuil a slándáil i mbaol de bharr a gcuid seirbhísí d'Europol.
Airteagal 12
Díolúintí a tharscaoileadh
Is chun leasa Europol a dheonófar na pribhléidí agus na díolúintí faoi fhorálacha an Phrótacail seo agus ní chun leas pearsanta na ndaoine féin. Beidh de dhualgas ar Europol agus ar na daoine go léir a mbeidh na pribhléidí agus na díolúintí sin acu dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhlíonadh ar gach slí eile.
Beidh de cheangal ar an Stiúrthóir díolúine Europol agus aon chomhaltaí d'fhoireann Europol a tharscaoileadh i gcásanna ina mbeadh an díolúine sin ina bac ar chúrsa an cheartais agus inar féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna Europol. Beidh oibleagáid dá samhail ar an mBord i leith an Stiúrthóra, an Rialtóra Airgeadais agus chomhaltaí an Choiste Airgeadais. Is iad na Ballstáit faoi seach a bheidh inniúil chun na díolúintí a tharscaoileadh i leith chomhaltaí an Bhoird.
Nuair a tharscaoiltear díolúine Europol mar atá luaite in Airteagal 2(2), déanfar na cuardaigh agus na hurghabhálacha arna n-ordú ag údaráis bhreithiúnacha na mBallstát i láthair an Stiúrthóra nó toscaire arna cheapadh aige, i gcomhlíonadh na rialacha rúndachta arna leagan síos sa Choinbhinsiún nó dá bhua.
Comhoibreoidh Europol i gcónaí le húdaráis iomchuí na mBallstát chun riar rianúil an cheartais a éascú agus coiscfidh sé aon mhí-úsáid de na pribhléidí agus de na díolúintí arna ndeonú faoi fhorálacha an Phrótacail seo.
Má mheasann údarás nó comhlacht breithiúnach inniúil de chuid Ballstáit go ndearnadh pribhléid nó díolúine arna deonú ag an bPrótacal seo a mhíúsáid, rachaidh an comhlacht atá freagrach as an díolúine a tharscaoileadh de bhun mhír 2 i gcomhairle, arna iarraidh sin, leis na húdaráis iomchuí chun a shuíomh ar tharla aon mhí-úsáid den sórt sin. Mura dtagann toradh atá sásúil don dá thaobh as na comhairliúcháin sin, déanfar an t-ábhar a réiteach i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 13.
Airteagal 13
Díospóidí a réiteach
Díospóidí maidir le diúltú díolúine de chuid Europol nó duine a mbeidh aige, de bhun a phoist oifigiúil, díolúine mar atá luaite in Airteagal 8 (1) a tharscaoileadh, déanfaidh an Chomhairle iad a phlé i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d'fhonn teacht ar réiteach.
Nuair nach ndéantar na díospóidí sin a réiteach, cinnfidh an Chomhairle d'aon toil na rialacha mionsonraithe faoina ndéanfar iad a réiteach.
Airteagal 14
Forchoimeádais
Ní fhéadfaidh an Prótacal seo a bheith faoi réir forchoimeádas.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil a rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu.
Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an mBallstát is ball den Aontas Eorpach ar dháta na Comhairle do ghlacadh an Ghnímh ag dréachtú an Phrótacail seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin.
Airteagal 16
Aontachas
Beidh an Prótacal seo ar oscailt d'aontachas aon Stát a thiocfaidh chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.
Taiscfear ionstraimí aontachais leis an taiscí.
Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stát a aontaíonn dó 90 lá tar éis dháta a ionstraime aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá thuasluaite a dhul in éag.
Airteagal 17
Meastóireacht
Faoi cheann dhá bhliain tar éis don Phrótacal seo teacht i bhfeidhm, déanfar meastóireacht air faoi mhaoirsiú an Bhoird Bhainistíochta.
Ní dheonófar díolúine de bhun phointe (a) d'Airteagal 8 (1) ach i leith gníomhartha oifigiúla nach foláir a ghabháil de láimh i gcomhall na bhfeidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 3 denChoinbhinsiún sa leagan a síníodh ar an 26 Iúil 1995. Roimh gach leasú nó leathnú ar na feidhmeanna in Airteagal 3 den Choinbhinsiún, déanfar athbhreithniú i gcomhréir leis an gcéad mhír, go háirithe i ndáil le pointe (a) d'Airteagal 8 (1) agus le Airteagal 13.
Airteagal 18
Leasuithe
Féadfaidh gach Ballstát is Ardpháirtí Conarthach sa Phrótacal seo leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Cuirfear gach togra do leasú chuig an taiscí agus cuirfidh seisean ar aghaidh chuig an gComhairle é.
Bunóidh an Chomhairle leasuithe d'aon toil agus molfaidh sí iad lena nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
Tiocfaidh na leasuithe arna mbunú amhlaidh i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha Airteagal 15.
Cuirfidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe in iúl do na Ballstáit uile.
Airteagal 19
Taiscí
Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.
Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach na fógraí, na hionstraimí agus na cumarsáidí a bhaineann leis an bPrótacal seo.
Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an naoú lá déag de Mheitheamh sa bhliain míle naoi gcéad nócha a seacht, i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; déanfar an scríbhinn bhunaidh sin a thaisceadh i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Sínithe na Lánchumhachtach
This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.
This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence.
Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.