I.R. Uimh. 681/2003 -Na RialacháinGairmoideachais (Deontais do Scéimeanna Bliantúla na gCoistí), 2002

Type Statutory Instrument
Publication 2003-12-10
Last updated 2013-05-08
State In force superseded text
Text As published
articles 6

This is the act as published. Later amendments are not folded into the text below: each one is a separate act in this repository and an entry in this law's history.

1 amending act · 2013-05-08, Education and Training Boards Act 2013

Reform history JSON API

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930 (Uimh. 29 de 1930), agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, Nollaig ó Díomasaigh, Aire Oideachais agus Eolaíochta, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:

1.

1.

Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeann Bliantúla Coistí), 2002, is teideal do na Rialacháin seo.

2.

2.

Sna Rialacháin seo:

ciallaíonn “an tAcht” an t Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , (Uimh. 29 de 1930);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais agus Eolaíochta;

ciallaíonn “coiste” coiste gairmoideachais;

ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile átha Cliath” an limistéar gairmoideachais arb é contae-bhuirg Bhaile átha Cliath é;

ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire” an limistéar gairmoideachais arbh é buirg Dhún Laoghaire suas go dtí 31 Nollaig, 1993.

3.

3.

Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) , leis na Rialacháin seo.

4.

4.

Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 2002, an ranníoc áitiúl bliantúil a íocfaidh údarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtea r “ab barrachas ranníoca” sna Rialacháin seo) ná dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúch áin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don choiste sin, faoi alt 53 Acht, arb é a bheidh ann:

5.

5.

I gcás na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d“Eanáir, 2002, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise, na deontais seo a leanas a thabhairt faoi alt 53 den Acht”

dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta.

6.

6.

Chun críche aon ríomh a bheidh á dhéanamh de réir na Rialachán seo:

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, 8 lá seo de Nollaig, 2003.
[image omitted]

Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Airgeadais an 10 lá seo de Nollaig, 2003.
[image omitted]

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Ní cuid den ionstraim an nóta seo, ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil airthi é).

Rialaíonn na rialacháin seo ioc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an 1 Eanáir, 2002.

This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.

This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence. Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.