S.I. No. 150/2006 - Official Languages Act 2003 (Public Bodies) Regulations 2006
This is the act as published. Later amendments are not folded into the text below: each one is a separate act in this repository and an entry in this law's history.
6 amending acts · 2024-06-04, RESEARCH AND INNOVATION ACT 2024
IONSTRAIMÍ REACHTÚLA
STATUTORY INSTRUMENTS
I.R. Uimh. 150 de 2006
Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006
Official Languages Act 2003 (Public Bodies) Regulations 2006
SI 150 of 2006
Official Languages Act 2003 (Public Bodies) Regulations 2006
I, Éamon Ó Cuív, Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, in exercise of the powers conferred on me by subsection (1)(a) of section 4 of, and paragraphs 1(5) and 3 of the First Schedule to, the Official Languages Act 2003 (No. 32 of 2003) and with the consent of the Minister for Finance in so far as the Regulations are made under subsection (1)(a) of that section and, to the extent that the Regulations relate to the respective functions of the Taoiseach, the Minister for Arts, Sport and Tourism, the Minister for Health and Children, the Minister for Transport, the Minister for Justice, Equality and Law Reform, the Minister for Education and Science, the Minister for Enterprise, Trade and Employment, the Minister for Social and Family Affairs, the Minister for Defence, the Minister for the Environment, Heritage and Local Government, the Minister for Communications, Marine and Natural Resources and the Minister for Finance, with the consent of those Ministers of the Government, hereby make the following Regulations, with respect to which, pursuant to subsection (3) of that section, a draft has been laid before each House of the Oireachtas and a resolution approving of the draft has been passed by each such House:
IR 150 de 2006
Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le fo-alt (1)(a) d'alt 4 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) , agus le míreanna 1(5) agus 3 den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus le toiliú an Aire Airgeadais a mhéid a dhéantar na Rialacháin sin faoi fho-alt 1(a) den alt sin agus, a mhéid a bhaineann na Rialacháin sin le feidhmeanna an Taoisigh, an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an Aire Sláinte agus Leanaí, an Aire Iompair, an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Aire Oideachais agus Eolaíochta, an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, an Aire Gnóthaí Shóisialacha agus Teaghlaigh, an Aire Cosanta, an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus an Aire Airgeadais, faoi seach, le toiliú na nAirí sin, déanaimse, Éamon Ó Cuív, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, leis seo na Rialacháin seo a leanas ar ina leith, de bhun fho-alt (3) den alt sin, a leagadh dréacht faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus a rith gach Teach díobh sin rún ag ceadú an dréachta:
1.
(1) These Regulations may be cited as the Official Languages Act 2003 (Public Bodies) Regulations 2006.
- (2) These Regulations come into operation on 1 May 2006.
2.
The bodies, organisations and groups specified in Schedule 1 to these Regulations are prescribed for the purposes of paragraph 1(5) of the First Schedule to the Official Languages Act 2003 (No. 32 of 2003).
3.
Paragraph 1(2) of the First Schedule to the Official Languages Act 2003 is amended by the deletion of the references to the agencies, boards and State companies specified in Schedule 2 to these Regulations.
(1) Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 is teideal do na Rialacháin seo.
- (2) Tiocfaidh na Rialacháin seo i ngníomh an 1 Bealtaine 2006.
Déantar na comhlachtaí, na heagraíochtaí agus na grúpaí atá sonraithe sa Chéad Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin seo a fhorordú chun críocha mhír 1(5) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) .
Déantar mír 1(2) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú trí na tagairtí do na gníomhaireachtaí, do na boird agus do na cuideachtaí Stáit atá sonraithe sa Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin seo a scriosadh.
Schedule 1 / Sceideal 1
| Advisory Council for English Language Schools | An Chomhairle um Scoileanna Béarla |
| Affordable Homes Partnership | An Chomhpháirtíocht Tithíochta In- Acmhainne |
| Central Applications Office | An Lár-Oifig Iontrála |
| Civil Defence Board | An Bord Cosanta Sibhialta |
| Commission for Taxi Regulation | An Coimisiún um Rialáil Tacsaithe |
| Cork Airport Authority plc | Údarás Aerfort Chorcaí cpt |
| Digital Hub Development Agency | An Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach |
| Dormant Accounts Fund Disbursement Board | Bord Eisíocaíochtaí Chiste na gCuntas Díomhaoin |
| Dublin Airport Authority plc | Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath cpt |
| Embark Initiative | Tionscnamh Embark |
| Health Service Executive | Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte |
| Irish Research Council for the Humanities and Social Sciences | An Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta |
| Léargas - the Exchange Bureau | Léargas - An Biúró Malartaithe |
| National Council for Special Education | An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta |
| National Crime Council | An Chomhairle Náisiúnta um Choireacht |
| National Economic and Social Development Office | An Oifig Náisiúnta d'Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach |
| National Education Welfare Board | An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais |
| National Treatment Purchase Fund | An Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála |
| Personal Injuries Assessment Board | An Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta |
| Private Residential Tenancies Board | An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha |
| Railway Procurement Agency | An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród |
| Science Foundation Ireland | Fondúireacht Eolaíochta Éireann |
| Shannon Airport Authority plc | Údarás Aerfort na Sionainne cpt |
| Special Residential Services Board | An Bord Seirbhísí Cónaithe Speisialta |
| the Family Support Agency | An Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh |
| the Financial Services Ombudsman's Bureau | Biúró an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais |
| the National Advisory Committee on Drugs | An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Drugaí |
| the National Breast Screening Board | An Bord Náisiúnta Cíoch-Scrúdaithe |
| the National Development Finance Agency | An Ghníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Airgeadais |
| the National Pensions Reserve Fund Commission | Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean |
| the National Tourism Development Authority (Fáilte Ireland) | An tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta |
| the Ombudsman for Children | An tOmbudsman do Leanaí |
| the Pensions Ombudsman | An tOmbudsman do Phinsin |
| the Private Security Authority | An tÚdarás um Shlándáil Phríobháideach |
Schedule 2 / Sceideal 2
| the Eastern Regional Health Authority and an area health board | Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir agus bord sláinte limistéir |
| Advisory Committee on Cultural Relations | Comhar Cultúra Éireann |
| Aer Rianta cpt | Aer Rianta cpt |
| An Bord Glas | An Bord Glas |
| Bord Fáilte Éireann | Bord Fáilte Éireann |
| C.E.R.T. Limited | An Chomhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint (C.E.R.T. Limited) |
| Comhairle na nOspidéal | Comhairle na nOspidéal |
| General Medical Services Payment Board | An Bord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí) |
| Health Service Employers Agency | An Ghníomhaireacht um Fhostóirí Seirbhíse Sláinte |
| Hospital Bodies Administrative Bureau | Biúró Riaracháin na gComhlachtaí Ospidéil |
| Hospitals Trust Board | Bord Iontaobhais na nOspidéal |
| Institiúid Teangeolaíochta Éireann | Institiúid Teangeolaíochta Éireann |
| Irish Fertiliser Industries Ltd. | Tionscail Leasacháin na hÉireann Teoranta |
| Irish Productivity Centre | Airmheán Táirgiúlachta na hÉireann |
| Irish Telecommunications Investments plc | Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann cpt |
| Levy Appeals Tribunal | An Binse Achomhairc Tobhach |
| National Committee for Development Education | An Coiste Náisiúnta um Oideachas Foráis |
| National Rehabilitation Board | An Bord Náisiúnta Athshlánúcháin |
| Temple Bar Renewal Limited | Temple Bar Renewal Limited |
| the Information Society Commission | Coimisiún na Sochaí Faisnéise |
| the National Council for Vocational Awards | Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais |
| --- | --- |
| The Minister for Finance consents to the making of these Regulations under section 4(1)(a) of the Official Languages Act 2003 and to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Airgeadais leis na Rialacháin seo a dhéanamh faoi alt 4(1)(a) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal, | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 24^th day of February 2006. | an 24ú lá seo d'Fheabhra 2006 |
| Brian Cowen | |
| Minister for Finance/ Aire Airgeadais | |
| The Taoiseach consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to his functions as a Minister of the Government. | Toilíonn an Taoiseach leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad lena fheidhmeanna mar Aire den Rialtas. |
| GIVEN under the Official Seal of the Taoiseach, | ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Taoisigh |
| this 24^th day of February 2006 | an 24ú lá seo d'Fheabhra 2006 |
| Bertie Ahern | |
| Taoiseach | |
| The Minister for Arts, Sport and Tourism consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal, | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 1^st day of March 2006. | an 1ú lá seo de Mhárta 2006 |
| John O Donoghue | |
| Minister for Arts, Sport and Tourism / Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta | |
| The Minister for Health and Children consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Sláinte agus Leanaí leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 1^st day of March 2006 | an 1ú lá seo de Mhárta 2006 |
| Mary Harney | |
| Minister for Health and Children / Aire Sláinte agus Leanaí | |
| The Minister for Transport consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Iompair leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal, | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 1^st day of March 2006 | an 1ú lá seo de Mhárta 2006 |
| Martin Cullen | |
| Minister for Transport / Aire Iompair | |
| The Minister for Justice, Equality and Law Reform consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 1^st day of March 2006 | an 1ú lá seo de Mhárta 2006 |
| Micheál Mac Dubhghaill | |
| Minister for Justice, Equality and Law Reform / Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí | |
| The Minister for Education and Science consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Oideachais agus Eolaíochta leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal, | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 1^st day of March 2006 | an 1ú lá seo de Mhárta 2006 |
| Mary Hanafin | |
| Minister for Education and Science / Aire Oideachais agus Eolaíochta | |
| The Minister for Enterprise, Trade and Employment consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 1^st day of March 2006 | an 1ú lá seo de Mhárta 2006 |
| Micheál Martin | |
| Minister for Enterprise, Trade and Employment / Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta | |
| The Minister for Social and Family Affairs consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal, | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 1^st day of March 2006 | an 1ú lá seo de Mhárta 2006 |
| Séamus Brennan | |
| Minister for Social and Family Affairs / Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh | |
| The Minister for Defence consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Cosanta leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 23^rd day of March 2006 | an 23ú lá seo de Mhárta 2006 |
| Willie O Dea | |
| Minister for Defence / Aire Cosanta | |
| The Minister for the Environment, Heritage and Local Government consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal, | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 28^th day of February 2006. | an 28ú lá seo d'Fheabhra 2006 |
| Dick Roche | |
| Minister for the Environment, Heritage and Local Government / Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil | |
| The Minister for Communications, Marine and Natural Resources consents to the making of these Regulations to the extent that they relate to the functions of that Minister of the Government. | Toilíonn an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha leis na Rialacháin seo a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire sin den Rialtas. |
| GIVEN under my Official Seal | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 6^th day of March 2006 | an 6ú lá seo de Mhárta 2006 |
| Noel Dempsey | |
| Minister for Communications, Marine and Natural Resources / Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha | |
| GIVEN under my Official Seal, | ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil |
| this 4^th day of April 2006. | an 4ú lá seo d'Aibreán 2006 |
| Éamon Ó Cuív | |
| Minister for Community, Rural and Gaeltachta Affairs / Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta |
Nóta Míniúcháin
(Ní chuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)
Tugann na Rialacháin seo tuilleadh comhlachtaí poiblí faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus scriosann siad ón gCéad Sceideal ainmneacha comhlachtaí poiblí atá scortha de bheith ar marthain nó de bheith ag oibriú ó ritheadh an tAcht.
Explanatory Note
(This note is not part of the Instrument and does not purport to be a legal interpretation.)
These Regulations bring additional public bodies within the scope of the Official Languages Act 2003 and delete from the first Schedule to the Act the names of public bodies that have ceased to exist or to operate since it was passed.
This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.
This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence.
Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.