EUROPEAN STABILITY MECHANISM (AMENDMENT) ACT 2014

Type Act
Publication 2014-10-30
Last updated 2021-12-09
State In force
Text Latest available text
PDF Download
articles 54

This is the most recent text the official source publishes. It is not a snapshot of the law as it stood on the date of each change.

2 amending acts · 2021-12-09, revised-IE-2014-act-32@2021-12-09

Act to amend and extend the European Stability Mechanism Act 2012 and to provide for related matters

Reform history JSON API

An Act to amend and extend the European Stability Mechanism Act 2012 and to provide for related matters. [30 th October, 2014]

Be it enacted by the Oireachtas as follows:

1. Interpretation

1. (1) In this Act—

“Board of Governors” means the Board of Governors referred to in Article 4;

“ESM” means the international financial institution established as the European Stability Mechanism by Article 1;

“ESM Member” means a state that is a member of the ESM;

“Principal Act” means the European Stability Mechanism Act 2012;

F1[“Treaty" has the meaning given to it by section 1 (amended by section 3 (a) of the Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021) of the Principal Act.]

  • (2) A reference in this Act to a numbered Article is a reference to the Article so numbered of the Treaty.

2. Amendment of definition of “Treaty” in Principal Act

2. (1) Section 1 of the Principal Act is amended by substituting the following for the definition of “Treaty” —

“ ‘Treaty’ means the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 2 February 2012 between the Euro Area Member States of the European Union as adapted in consequence of the accession of the Republic of Latvia to it on 13 March 2014, the text of which (including the Annexes and in both of the official languages), is set out, as provided by section 2(2) of the European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014, in the Schedule to that Act;”.

3. Provision with respect to particular type of instrument and particular entities

3. The legal incidents and effects that the provisions of the Treaty and the Principal Act comprise shall include the legal incidents and effects arising by virtue or in consequence of—

4. Class of instrument to which section 3 relates

4. The class of instrument referred to in section 3 is an instrument that effects the direct recapitalisation of a financial institution of an ESM member, being an instrument added to the list of financial instruments provided for in Articles 14 to 18 by a decision made by the Board of Governors under Article 19.

5. Application of sections 5, 6 and 7 of Principal Act

5. Sections 5, 6 and 7 of the Principal Act shall apply to the ESM acting through a subsidiary body or sub-entity referred to in section 3(b) as they apply to the ESM otherwise.

6. Short title, collective citation and construction

6. (1) This Act may be cited as the European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014.

SCHEDULE

PART 1 Text of Treaty in the Irish Language

CONRADH

LENA mBUNAÍTEAR AN SÁSRA COBHSAÍOCHTA

EORPACH

IDIR RÍOCHT NA BEILGE, POBLACHT CHÓNAIDHME NA

GEARMÁINE,

POBLACHT NA hEASTÓINE, ÉIRE, AN PHOBLACHT

HEILLÉANACH,

RÍOCHT NA SPÁINNE, POBLACHT NA FRAINCE,

POBLACHT NA hIODÁILE, POBLACHT NA CIPIRE,

POBLACHT NA LAITVIA,

ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG, MÁLTA,

RÍOCHT NA hÍSILTÍRE, POBLACHT NA hOSTAIRE,

POBLACHT NA PORTAINGÉILE, POBLACHT NA

SLÓIVÉINE,

POBLACHT NA SLÓVAICE AGUS POBLACHT NA

FIONLAINNE

TÁ NA PÁIRTITHE CONARTHACHA, Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Málta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice agus Poblacht na Fionlainne (“Ballstáit an limistéir euro” nó “Comhaltaí SCE”);

AR A BHEITH TIOMANTA do chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro a áirithiú;

AG MEABHRÚ DÓIBH Chonclúidí na Comhairle Eorpaí maidir le sásra cobhsaíochta Eorpach a bhunú a glacadh an 25 Márta 2011;

DE BHARR AN MÉID SEO A LEANAS:

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

CAIBIDIL 1

COMHALTAS AGUS CUSPÓIR

AIRTEAGAL 1

Bunú agus comhaltaí

1.

Leis an gConradh seo, déanann na Páirtithe Conarthacha institiúid idirnáisiúnta airgeadais, ar a dtabharfar “an Sásra Cobhsaíochta Eorpach” (“SCE”), a bhunú eatarthu féin.

2.

Is Comhaltaí de SCE na Páirtithe Conarthacha.

AIRTEAGAL 2

Comhaltaí nua

1.

Beidh comhaltas de SCE ar oscailt do na Ballstáit eile den Aontas Eorpach ón tráth a thiocfaidh an cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 140(2) CFAE, i bhfeidhm, ar cinneadh é lena n-aisghairtear an maolú atá ag na Ballstáit sin gan an euro a ghlacadh.

2.

Maidir le Comhaltaí nua de SCE, ligfear isteach iad faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna atá ag Comhaltaí reatha de SCE, i gcomhréir le hAirteagal 44.

3.

Gheobhaidh Comhalta nua a aontaíonn do SCE tar éis a bhunaithe scaireanna in SCE mar mhalairt ar a ranníoc caipitiúil, arna ríomh i gcomhréir leis an treoir ranníoca dá bhforáiltear in Airteagal 11.

AIRTEAGAL 3

Cuspóir

Is é is cuspóir do SCE cistiú a shlógadh agus tacaíocht chobhsaíochta a sholáthar, faoi choinníollacht dhocht, a bheidh cuí don ionstraim cúnaimh airgeadais a roghnófar, chun leasa Comhaltaí de SCE a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe acu nó a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe ag bagairt orthu, má tá na nithe sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine agus a Bhallstát a choimirciú. Chun na críche sin, beidh SCE i dteideal cistí a thiomsú trí ionstraimí airgeadais a eisiúint nó trí theacht ar chomhaontuithe nó ar shocruithe airgeadais nó eile le Comhaltaí de SCE, le hinstitiúidí airgeadais nó le trí ú páirtithe eile.

CAIBIDIL 2

RIALACHAS

AIRTEAGAL 4

Struchtúr agus rialacha vótála

1.

Beidh Bord Rialtóirí agus Bord Stiúrthóirí, maille le Stiúrthóir Bainistíochta agus foireann eile dá chuid féin ag SCE de réir mar a mheasfar is gá.

2.

Déanfar cinntí an Bhoird Rialtóirí agus an Bhoird Stiúrthóirí de thoil a chéile, trí thromlach cáilithe nó trí thromlach simplí, mar a shonraítear sa Chonradh seo. Maidir leis na cinntí uile a dhéanfar, ní mór córam 2/3 de na comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, atá in ionannas do 2/3 ar a laghad de na cearta vótála, a bheith i láthair.

3.

Chun cinneadh de thoil a chéile a ghlacadh, is gá aontoilíocht na gcomhaltaí a ghlacfaidh páirt sa vóta. Ní chuirfidh staonadh ó vótáil bac ar chinneadh a ghlacadh de thoil a chéile.

4.

De mhaolú ar mhír 3, déanfar nós imeachta vótála éigeandála a úsáid i gcásanna ina dtagann an Coimisiún Eorpach agus BCE araon ar an tátal go mbeadh bagairt ann ar inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro má mhainnítear cinneadh a ghlacadh go práinneach chun cúnamh airgeadais, arna shainmhíniú in Airteagail 13 go 18, a dheonú nó a chur chun feidhme. Is gá tromlach cáilithe 85 % de na vótaí a caitheadh le go bhféadfaidh an Bord Rialtóirí agus an Bord Stiúrthóirí cinneadh dá dtagraítear i bpointí (f) agus (g) d’Airteagal 5(6) a ghlacadh de thoil a chéile faoin nós imeachta éigeandála sin.

I gcás ina n-úsáidtear an nós imeachta éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déantar aistriú ón gcúlchiste agus/nó ón gcaipiteal íoctha chuig cúlchiste éigeandála chun maolán tiomanta a chruthú chun na priacail a eascraíonn as an tacaíocht airgeadais a dheonaítear faoin nós imeachta éigeandála sin a chumhdach. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh an cúlchiste éigeandála a chealú agus a bhfuil ann a aistriú ar ais chuig an gcúlchiste agus/nó chuig an gcaipiteal íoctha.

5.

Chun cinneadh a ghlacadh trí thromlach cáilithe, is gá ochtó faoin gcéad (80 %) de na vótaí a caitheadh.

6.

Chun cinneadh a ghlacadh trí thromlach simplí, is gá tromlach na vótaí a caitheadh.

7.

Beidh cearta vótála gach Comhalta de SCE, mar a fheidhmeoidh a cheapaí nó ionadaí an cheapaí ar an mBord Rialtóirí nó ar an mBord Stiúrthóirí iad, cothrom le líon na scaireanna a leithroinneadh ar an gComhalta sin i stoc caipitiúil údaraithe SCE mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

8.

Má mhainníonn aon Chomhalta de SCE aon chuid den mhéid atá dlite maidir lena oibleagáidí a íoc i ndáil leis na scaireanna íoctha nó na glaonna caipitil faoi Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 10, nó i ndáil le haisíoc an chúnaimh airgeadais faoi Airteagal 16 nó Airteagal 17, ní bheidh sé de chead ag an gComhalta sin aon chearta vótála dá chuid a fheidhmiú fad a mhairfidh an mhainneachtain sin. Déanfar na tairseacha vótála a athríomh dá réir sin.

AIRTEAGAL 5

An Bord Rialtóirí

1.

Ceapfaidh gach Comhalta de SCE Rialtóir agus Rialtóir malartach. Beidh na ceapacháin sin in-chúlghairthe tráth ar bith. Is comhalta de rialtas an Chomhalta sin de SCE atá freagrach as airgeadas a bheidh ina Rialtóir. Beidh lánchumhacht ag an Rialtóir malartach gníomhú thar ceann an Rialtóra nuair nach bhfuil an Rialtóir i láthair.

2.

Déanfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh i dtaobh an rachaidh Uachtarán an Ghrúpa Euro, dá dtagraítear i bPrótacal (Uimh. 14) maidir leis an nGrúpa Euro atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, i gceannas air nó an dtoghfaidh an Bord Rialtóirí Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach as measc a chuid comhaltaí le haghaidh téarma dhá bhliain. Féadfar an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach a atoghadh. Eagrófar toghchán nua gan mhoill mura bhfuil an fheidhm is gá le haghaidh ainmniúcháin mar Rialtóir ag an sealbhóir oifige a thuilleadh.

3.

Féadfaidh an Comhalta den Choimisiún Eorpach atá i bhfeighil gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus Uachtarán BCE, mar aon le hUachtarán an Ghrúpa Euro (murab é nó í an Cathaoirleach agus mura Rialtóir é nó í), páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí i gcáil breathnóirí.

4.

Maidir le hionadaithe Ballstát nach den limistéar euro a ghlacfaidh páirt ar bhonn ad hoc i gcomhar le SCE in oibríocht tacaíochta cobhsaíochta do Bhallstát den limistéar euro, iarrfar orthu freisin páirt a ghlacadh, i gcáil breathnóirí, i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí nuair a phléifear an tacaíocht chobhsaíochta sin agus an faireachán a dhéanfar uirthi.

5.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí a iarraidh ar dhaoine eile, lena n-áirítear ionadaithe de chuid institiúidí nó eagraíochtaí, amhail CAI, freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe ar bhonn ad hoc.

6.

Déanfaidh an Bord Rialtóirí na cinntí seo a leanas de thoil a chéile:

7.

Déanfaidh an Bord Rialtóirí na cinntí seo a leanas trí thromlach cáilithe:

8.

Is é nó is í an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Rialtóirí agus a bheidh i gceannas ar na cruinnithe sin. Beidh an Leaschathaoirleach i gceannas ar na cruinnithe sin aon uair nach mbeidh an Cathaoirleach in ann páirt a ghlacadh iontu.

9.

Déanfaidh an Bord Rialtóirí a rialacha nóis imeachta agus fodhlíthe SCE a ghlacadh.

AIRTEAGAL 6

An Bord Stiúrthóirí

1.

Ceapfaidh gach Rialtóir Stiúrthóir amháin agus Stiúrthóir malartach amháin as measc daoine a bhfuil ard-inniúlacht acu i gcúrsaí eacnamaíocha agus airgeadais. Is ceapacháin a bheidh in-chúlghairthe tráth ar bith na ceapacháin sin. Beidh lánchumhacht ag na Stiúrthóirí malartacha gníomhú thar ceann an Stiúrthóra nuair nach bhfuil an Stiúrthóir i láthair.

2.

Féadfaidh an Comhalta den Choimisiún Eorpach atá i bhfeighil gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus Uachtarán BCE breathnóir amháin an duine a cheapadh.

3.

Maidir le hionadaithe Ballstát nach den limistéar euro a ghlacfaidh páirt ar bhonn ad hoc i gcomhar le SCE in oibríocht cúnaimh airgeadais le haghaidh Ballstáit den limistéar euro, iarrfar orthu freisin páirt a ghlacadh, i gcáil breathnóirí, i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí nuair a phléifear an cúnamh airgeadais sin agus an faireachán a dhéanfar air.

4.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí a iarraidh ar dhaoine eile, lena n-áirítear ionadaithe de chuid institiúidí nó eagraíochtaí, freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe ar bhonn ad hoc.

5.

Is trí thromlach cáilithe a dhéanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí, mura ndeirtear a mhalairt sa Chonradh seo. Maidir le cinntí a ghlacfar ar bhonn cumhachtaí arna dtarmligean ag an mBord Rialtóirí, is i gcomhréir leis na rialacha vótála iomchuí a leagtar amach in Airteagal 5(6) agus (7) a ghlacfar iad.

6.

Gan dochar do chumhachtaí an Bhoird Rialtóirí mar atá leagtha amach in Airteagal 5, áiritheoidh an Bord Stiúrthóirí go ndéanfar SCE a reáchtáil i gcomhréir leis an gConradh seo agus le fodhlíthe SCE, arna nglacadh ag an mBord Rialtóirí. Déanfaidh an Bord cinntí de réir mar a fhoráiltear sa Chonradh seo nó cinntí a bheidh tarmligthe chuige ag an mBord Rialtóirí.

7.

Déanfar aon fholúntas ar an mBord Stiúrthóirí a líonadh láithreach i gcomhréir le mír 1.

8.

Leagfaidh an Bord Rialtóirí síos na gníomhaíochtaí sin atá ar neamhréir le dualgais Stiúrthóra nó Stiúrthóra mhalartaigh, agus leagfaidh sé síos freisin fodhlíthe SCE agus rialacha nóis imeachta an Bhoird Stiúrthóirí.

AIRTEAGAL 7

An Stiúrthóir Bainistíochta

1.

Ceapfaidh an Bord Rialtóirí an Stiúrthóir Bainistíochta as measc iarrthóirí ag a bhfuil náisiúntacht Comhalta de SCE, taithí iomchuí idirnáisiúnta agus ardleibhéal inniúlachta i gcúrsaí eacnamaíocha agus airgeadais. Fad a shealbhóidh an Stiúrthóir Bainistíochta oifig, ní ceadmhach dó nó di a bheith ina Rialtóir ná ina Stiúrthóir ná ina mhalartach nó ina malartach do cheachtar díobh.

2.

Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Bainistíochta. Féadfar é nó í a athcheapadh uair amháin. Scoirfidh an Stiúrthóir Bainistíochta dá oifig nó dá hoifig a shealbhú, áfach, nuair a chinnfidh an Bord Rialtóirí amhlaidh.

3.

Is é nó is í an Stiúrthóir Bainistíochta a bheidh i gceannas ar chruinnithe an Bhoird Stiúrthóirí agus glacfaidh sé nó sí páirt i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí.

4.

Is é nó is í an Stiúrthóir Bainistíochta a bheidh ina cheann nó ina ceann ar fhoireann SCE. Beidh sé nó sí freagrach as foireann a eagrú, a cheapadh agus a dhífhostú i gcomhréir le rialacha foirne a ghlacfaidh an Bord Stiúrthóirí.

5.

Is é nó is í an Stiúrthóir Bainistíochta ionadaí dlíthiúil SCE agus seolfaidh sé nó sí, faoi stiúir an Bhoird Stiúrthóirí, gnó reatha SCE.

CAIBIDIL 3

CAIPITEAL

AIRTEAGAL 8

Stoc caipitiúil údaraithe

1.

Is é EUR 701 935.3 milliún a bheidh sa stoc caipitiúil údaraithe. Roinnfear é i seacht milliún, naoi míle dhéag, trí chéad caoga a trí scair a mbeidh luach ainmniúil EUR 100 000 an ceann orthu agus a bhféadfar a shuibscríobh de réir na treorach ranníoca tosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus a ríomhtar in Iarscríbhinn I.

2.

Roinnfear an stoc caipitiúil údaraithe i scaireanna íoctha agus i scaireanna inghlaoite. EUR 80 221.2 milliún a bheidh i luach ainmniúil comhiomlán tosaigh iomlán na scaireanna íoctha. Déanfar scaireanna stoic chaipitiúil údaraithe a suibscríobhadh i dtosach a eisiúint ar par. Eiseofar scaireanna eile ar par, mura rud é go gcinnfidh an Bord Rialtóirí iad a eisiúint faoi théarmaí eile in imthosca speisialta.

3.

Ní chuirfear scaireanna stoic chaipitiúil údaraithe faoi eire ná i ngeall ar shlí ar bith ná ní bheidh siad inaistrithe, cé is moite d’aistrithe ar mhaithe le coigeartuithe ar an treoir ranníoca dá bhforáiltear in Airteagal 11 a chur chun feidhme a mhéid is gá lena áirithiú go bhfreagraíonn dáileadh na scaireanna don treoir choigeartaithe.

4.

Gabhann Comhaltaí SCE orthu féin leis seo, go neamh-inchúlghairthe agus gan choinníoll, a ranníoc leis an stoc caipitiúil údaraithe a sholáthar i gcomhréir lena dtreoir ranníoca in Iarscríbhinn I. Freastalóidh siad go tráthúil do na glaonna caipitiúla uile i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach sa Chonradh seo.

5.

Beidh dliteanas gach Comhalta de SCE teoranta, i ngach aon chás, dá sciar den stoc caipitiúil údaraithe ar a phraghas eisiúna. Ní bheidh aon Chomhalta de SCE faoi dhliteanas, de bhíthin a chomhaltais, i leith oibleagáidí de chuid SCE. Ní dhéanfar difear d’oibleagáidí Comhaltaí de SCE ranníoc a dhéanamh leis an stoc caipitiúil údaraithe i gcomhréir leis an gConradh seo más rud é go dtiocfaidh aon Chomhalta den sórt sin chun bheith cáilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ó SCE, nó más rud é go bhfuil cúnamh airgeadais á fháil aige ó SCE.

AIRTEAGAL 9

Glaonna caipitil

1.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí caipiteal údaraithe neamhíoctha a ghlaoch tráth ar bith agus tréimhse chuí a shocrú chun go n-íocfaidh Comhaltaí SCE é.

2.

Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí caipiteal údaraithe neamhíoctha a ghlaoch trí chinneadh tromlaigh shimplí chun leibhéal an chaipitil íoctha a aisiriú má thagann laghdú, trí chaillteanais a iompar, ar mhéid an chaipitil íoctha faoi bhun an leibhéil a bhunaítear in Airteagal 8(2), ar leibhéal é a bhféadfaidh an Bord Rialtóirí é a leasú de réir an nóis imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10, agus tréimhse chuí a shocrú chun go n-íocfaidh Comhaltaí SCE é.

3.

Déanfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta caipiteal údaraithe neamhíoctha a ghlaoch go tráthúil más gá sin chun go seachnóidh SCE mainneachtain ag SCE i leith aon oibleagáide íocaíochta sceidealta nó oibleagáide íocaíochta eile atá dlite do chreidiúnaithe SCE. Cuirfidh an Stiúrthóir Bainistíochta an Bord Stiúrthóirí agus an Bord Rialtóirí ar an eolas maidir le haon ghlaoch den sórt sin. Nuair a bhraitear go bhféadfadh gannchion a bheith ann i gcistí SCE, déanfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta an glaoch nó na glaonna sin ar chaipiteal a luaithe is féidir chun a áirithiú go mbeidh a dhóthain cistí ag SCE chun freastal d’ íocaíochtaí atá dlite do chreidiúnaithe ina n-iomláine ar a ndáta dlite. Gabhann Comhaltaí SCE orthu féin leis seo, go neamh-inchúlghairthe agus gan choinníoll, aon ghlaoch ar chaipiteal a dhéanfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta orthu a íoc ar éileamh a fháil de bhun na míre seo, ar éileamh é atá le híoc laistigh de sheacht lá ón tráth a gheofar é.

4.

Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na téarmaí agus na coinníollacha mionsonraithe a mbeidh feidhm leo maidir le glaonna ar chaipiteal de bhun an Airteagail seo.

AIRTEAGAL 10

Athruithe ar an stoc caipitiúil údaraithe

1.

Déanfaidh an Bord Rialtóirí uasmhéid na hiasachtóireachta ó SCE agus leordhóthanacht stoc caipitiúil údaraithe SCE a athbhreithniú go rialta agus gach cúig bliana ar a laghad. Féadfaidh sé a chinneadh an stoc caipitiúil údaraithe a athrú agus Airteagal 8 agus Iarscríbhinn II a leasú dá réir. Tiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm a luaithe a bheidh fógra tugtha ag Comhaltaí SCE don Taiscí á rá go bhfuil a nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme tugtha i gcrích. Déanfar na scaireanna nua a leithroinnt ar Chomhaltaí SCE i gcomhréir leis an treoir ranníoca dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Iarscríbhinn I.

2.

Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na téarmaí agus na coinníollacha mionsonraithe a mbeidh feidhm leo maidir leis na hathruithe uile ar chaipiteal nó le haon athruithe ar chaipiteal a dhéanfar faoi mhír 1.

3.

Tráth a thiocfaidh Ballstát den Aontas Eorpach chun bheith ina Chomhalta nua de SCE, déanfar stoc caipitiúil údaraithe SCE a mhéadú sa ghnáthchúrsa trí na méideanna faoi seach a bhí i réim an tráth sin a iolrú faoin gcóimheas, laistigh den treoir ranníoca choigeartaithe dá bhforáiltear in Airteagal 11, idir ualú an Chomhalta nua de SCE agus ualú na gComhaltaí láithreacha de SCE.

AIRTEAGAL 11

Treoir ranníoca

1.

Faoi réir mhír 2 agus mhír 3, déanfar an treoir ranníoca le haghaidh shuibscríobh stoc caipitiúil údaraithe SCE a bhunú ar an treoir le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE ag bainc cheannais náisiúnta Chomhaltaí SCE de bhun Airteagal 29 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“Reacht CEBC”) atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus CFAE.

2.

Tá an treoir ranníoca le haghaidh shuibscríobh stoc caipitiúil údaraithe SCE sonraithe in Iarscríbhinn I.

3.

Déanfar an treoir ranníoca le haghaidh shuibscríobh stoc caipitiúil údaraithe SCE a choigeartú:

4.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh nuashonruithe ionchasacha ar an treoir le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcuntas nuair a dhéantar an treoir ranníoca a choigeartú i gcomhréir le mír 3 nó nuair a thagann athrú ar an stoc caipitiúil údaraithe, mar a shonraítear in Airteagal 10(1).

5.

Nuair a dhéantar an treoir ranníoca le haghaidh shuibscríobh stoic chaipitiúil údaraithe SCE a choigeartú, aistreoidh Comhaltaí SCE stoc caipitiúil údaraithe eatarthu féin a mhéid is gá chun a áirithiú go bhfreagraíonn dáileadh an stoic chaipitiúil údaraithe don treoir choigeartaithe.

6.

Déanfar Iarscríbhinn I a leasú ar chinneadh ón mBord Rialtóirí maidir le haon choigeartú dá dtagraítear san Airteagal seo.

7.

Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL 4

OIBRÍOCHTAÍ

AIRTEAGAL 12

Prionsabail

1.

Más rud é go bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine agus a Bhallstát a choimirciú, féadfaidh SCE tacaíocht chobhsaíochta a sholáthar do Chomhalta de SCE, faoi réir coinníollachta doichte, a bheidh cuí don ionstraim cúnaimh airgeadais a roghnófar. Féadfaidh coinníollacht den sórt sin a bheith sa réimse idir clár coigeartuithe maicreacnamaíocha agus urramú leanúnach coinníollacha incháilitheachta réamhbhunaithe.

2.

Gan dochar d’Airteagal 19, féadfar tacaíocht chobhsaíochta SCE a dheonú trí na hionstraimí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 18.

3.

Déanfar, amhail ar an 1 Eanáir 2013, clásail chomhghníomhaíochta a áireamh in urrúis rialtais nua uile an limistéir euro, a ngabhfaidh aibíocht níos faide ná bliain amháin leo, ar bhealach lena n-áirithítear gur toradh dlí comhionann a bheidh ag na clásail sin.

AIRTEAGAL 13

Nós imeachta chun tacaíocht chobhsaíochta a dheonú

1.

Féadfaidh Comhalta de SCE iarraidh ar thacaíocht chobhsaíochta a dhíriú chuig Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí. Léireofar san iarraidh sin an ionstraim nó na hionstraimí cúnaimh airgeadais a bheidh le breithniú. Ar iarraidh den sórt sin a fháil, cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí de chúram ar an gCoimisiún Eorpach, i gcuibhreann le BCE:

2.

Ar bhonn iarraidh an Chomhalta de SCE agus an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh tacaíocht chobhsaíochta a dheonú, i bprionsabal, don Chomhalta de SCE lena mbaineann, i bhfoirm saoráide cúnaimh airgeadais.

3.

Má ghlactar cinneadh de bhun mhír 2, cuirfidh an Bord Rialtóirí de chúram ar an gCoimisiún Eorpach - i gcuibhreann le BCE agus, i ngach cás inar féidir, in éineacht le CAI - meabhrán tuisceana (“MT”) ina ndéanfar mionsonrú ar an gcoinníollacht a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid cúnaimh airgeadais a chaibidil leis an gComhalta de SCE lena mbaineann. Beidh inneachar an MT ag freagairt do dhéine na laigí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu agus don ionstraim cúnaimh airgeadais atá roghnaithe. An tráth céanna, ullmhóidh Stiúrthóir Bainistíochta SCE togra le haghaidh comhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais, lena n-áireofar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha, agus an rogha ionstraimí, a bheidh le glacadh ag an mBord Rialtóirí.

Beidh an MT i gcomhréir go hiomlán le bearta comhordaithe an bheartais eacnamaíoch dá bhforáiltear in CFAE, go háirithe le haon ghníomh de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear aon tuairim, aon fholáireamh, aon mholadh nó aon chinneadh a dhíreofar chuig an gComhalta de SCE lena mbaineann.

4.

Síneoidh an Coimisiún Eorpach an MT thar ceann SCE, faoi réir na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 a chomhlíonadh roimh ré agus faoi réir a fhormheasa roimh ré ag an mBord Rialtóirí.

5.

Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí an comhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais, ina dtabharfar mionsonraí i dtaobh na ngnéithe airgeadais a bhaineann leis an tacaíocht chobhsaíochta atá le deonú agus, i gcás inarb infheidhme, eisíocaíocht an chéad tráinse den chúnamh, a fhormheas.

6.

Bunóidh SCE córas foláirimh chuí chun a áirithiú go bhfaighidh sé go tráthúil aon aisíocaíochtaí atá dlite den Chomhalta de SCE faoin tacaíocht chobhsaíochta.

7.

Cuirfear de chúram ar an gCoimisiún Eorpach - i gcuibhreann le BCE agus, i ngach cás inar féidir, in éineacht le CAI - faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na coinníollachta a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid cúnaimh airgeadais.

AIRTEAGAL 14

Cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE

1.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh cúnamh airgeadais réamhchúraim a dheonú i bhfoirm líne creidmheasa faoi choinníoll réamhchúraim nó i bhfoirm líne creidmheasa faoi choinníollacha breisithe i gcomhréir le hAirteagal 12(1).

2.

Déanfar an choinníollacht a bheidh ag gabháil le cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE a mhionsonrú san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).

3.

Sonrófar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha a bhaineann le cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE i gcomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais réamhchúraim a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.

4.

Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE a chur chun feidhme.

5.

Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh an amhlaidh ba cheart an líne chreidmheasa a choimeád.

6.

Tar éis don Chomhalta de SCE cistí a tharraingt den chéad uair (trí iasacht nó trí cheannach ar an mbunmhargadh), déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach, i gcuibhreann le BCE, i dtaobh an amhlaidh a leanann an líne chreidmheasa de bheith leordhóthanach nó i dtaobh an amhlaidh atá gá le cineál eile cúnaimh airgeadais.

AIRTEAGAL 15

Cúnamh airgeadais le haghaidh athchaipitliú institiúidí airgeadais de chuid Comhalta de SCE

1.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh cúnamh airgeadais a dheonú trí iasachtaí do Chomhalta de SCE go sonrach chun institiúidí airgeadais an Chomhalta sin de SCE a athchaipitliú.

2.

Déanfar an choinníollacht a bheidh ag gabháil le cúnamh airgeadais le haghaidh athchaipitliú institiúidí airgeadais Comhalta de SCE a mhionsonrú san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).

3.

Gan dochar d’Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, déanfar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha a bhaineann le cúnamh airgeadais le haghaidh athchaipitliú institiúidí airgeadais Comhalta de SCE a shonrú i gcomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.

4.

Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun cúnamh airgeadais le haghaidh athchaipitliú institiúidí airgeadais Comhalta de SCE a chur chun feidhme.

5.

I gcás inar infheidhme, déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh eisíocaíocht na dtráinsí den chúnamh airgeadais i ndiaidh an chéad tráinse.

AIRTEAGAL 16

Iasachtaí SCE

1.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh cúnamh airgeadais a dheonú i bhfoirm iasachta do Chomhalta de SCE, i gcomhréir le hAirteagal 12.

2.

Beidh an choinníollacht a bheidh ag gabháil le hiasachtaí SCE ar áireamh i gclár coigeartuithe maicreacnamaíocha a bheidh mionsonraithe san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).

3.

Sonrófar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha a bhaineann le gach iasacht SCE i gcomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.

4.

Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun iasachtaí SCE a chur chun feidhme.

5.

Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh eisíocaíocht na dtráinsí den chúnamh airgeadais i ndiaidh an chéad tráinse.

AIRTEAGAL 17

Saoráid tacaíochta bunmhargaidh

1.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh socrú a dhéanamh bannaí de chuid Comhalta de SCE a cheannach ar an mbunmhargadh, i gcomhréir le hAirteagal 12 agus é mar chuspóir leis costas-éifeachtúlacht an chúnaimh airgeadais a uasmhéadú.

2.

Déanfar an choinníollacht a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid tacaíochta bunmhargaidh a mhionsonrú san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).

3.

Sonrófar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha faoina ndéanfar na bannaí a cheannach sa chomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.

4.

Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun an tsaoráid tacaíochta bunmhargaidh a chur chun feidhme.

5.

Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh eisíocaíocht an chúnaimh airgeadais le Ballstát is tairbhí trí oibríochtaí ar an mbunmhargadh.

AIRTEAGAL 18

Saoráid tacaíochta margaidh thánaistigh

1.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh socrú a dhéanamh le haghaidh oibríochtaí ar an margadh tánaisteach maidir le bannaí Comhalta de SCE i gcomhréir le hAirteagal 12(1).

2.

Maidir le cinntí faoi idirghabhálacha ar an margadh tánaisteach chun aghaidh a thabhairt ar aicídiú, déanfar iad ar bhonn anailíse ó BCE lena n-aithnítear gurb ann do dhálaí eisceachtúla sa mhargadh airgeadais agus do phriacail do chobhsaíocht airgeadais.

3.

Déanfar an choinníollacht a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid tacaíochta margaidh thánaistigh a mhionsonrú san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).

4.

Sonrófar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha faoina bhfuil na hoibríochtaí ar an margadh tánaisteach le déanamh i gcomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.

5.

Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun an tsaoráid tacaíochta margaidh thánaistigh a chur chun feidhme.

6.

Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta, maidir le hoibríochtaí a thionscnamh ar an margadh tánaisteach.

AIRTEAGAL 19

Athbhreithniú ar liosta na n-ionstraimí cúnaimh airgeadais

Féadfaidh an Bord Rialtóirí athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na n-ionstraimí cúnaimh airgeadais dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 18 agus cinneadh a dhéanamh athruithe a dhéanamh ar an liosta sin.

AIRTEAGAL 20

Beartas praghsála

1.

Le linn dó tacaíocht chobhsaíochta a dheonú, beidh sé mar chuspóir ag SCE a chostais maoinithe agus oibriúcháin a chumhdach go hiomlán agus cuirfidh sé corrlach cuí san áireamh.

2.

I gcás gach ionstraime cúnaimh airgeadais, déanfar an phraghsáil a mhionsonrú i dtreoirlíne praghsála, ar treoirlíne í a ghlacfaidh an Bord Rialtóirí.

3.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí an beartas praghsála a athbhreithniú.

AIRTEAGAL 21

Oibríochtaí iasachtaíochta

1.

Cumhachtófar do SCE iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil ó bhainc, ó institiúidí airgeadais nó ó dhaoine nó ó institiúidí eile ar mhaithe lena chuspóir a chomhlíonadh.

2.

Cinnfidh an Stiúrthóir Bainistíochta na módúlachtaí maidir leis na hoibríochtaí iasachtaíochta i gcomhréir le treoirlínte mionsonraithe atá le glacadh ag an mBord Stiúrthóirí.

3.

Bainfidh SCE leas as uirlisí cuí bainistíochta priacail agus déanfaidh an Bord Stiúrthóirí athbhreithniú ar na huirlisí sin go rialta.

CAIBIDIL 5

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS

AIRTEAGAL 22

Beartas infheistíochta

1.

Cuirfidh an Stiúrthóir Bainistíochta beartas stuama infheistíochta chun feidhme le haghaidh SCE chun an chreidmheasacht is airde a áirithiú do SCE, i gcomhréir le treoirlínte atá le glacadh, agus le hathbhreithniú go rialta, ag an mBord Stiúrthóirí. Beidh SCE i dteideal sciar den toradh ar a phunann infheistíochta a úsáid chun a chostais oibriúcháin agus riaracháin a chumhdach.

2.

Comhlíonfaidh oibríochtaí SCE prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus priacail.

AIRTEAGAL 23

Beartas díbhinne

1.

Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí a chinneadh, trí thromlach simplí, díbhinn a dháileadh ar Chomhaltaí SCE i gcás inar mó méid an chaipitil íoctha agus an chúlchiste ná an leibhéal is gá chun go ndéanfaidh SCE acmhainn iasachtóireachta a choimeád agus i gcás nach bhfuil gá leis na fáltais ón infheistíocht chun gannchion íocaíochta le creidiúnaithe a sheachaint. Déantar díbhinní a dháileadh pro rata de réir na ranníocaí leis an gcaipiteal íoctha, agus cuirfear an luathíocaíocht is féidir a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 41(3), san áireamh.

2.

Fad nach bhfuil cúnamh airgeadais tugtha ag SCE d’aon chomhalta dá chuid, tabharfar na fáltais ó infheistiú chaipiteal íoctha SCE ar ais do Chomhaltaí SCE de réir a ranníocaí faoi seach leis an gcaipiteal íoctha, tar éis asbhaintí i leith costas oibriúcháin, ar choinníoll go bhfuil an acmhainn iarbhír iasachtóireachta sprice ar fáil go hiomlán.

3.

Cuirfidh an Stiúrthóir Bainistíochta an beartas díbhinne le haghaidh SCE chun feidhme i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfaidh an Bord Stiúrthóirí.

AIRTEAGAL 24

Cúlchiste agus cistí eile

1.

Bunóidh an Bord Rialtóirí cúlchiste agus, i gcás gur cuí, cistí eile.

2.

Gan dochar d’Airteagal 23, cuirfear i leataobh i gcúlchiste an glanioncam a chruthaigh oibríochtaí SCE agus na fáltais ó na smachtbhannaí airgeadais a fuarthas ó Chomhaltaí SCE faoin nós imeachta faireachais iltaobhaigh, faoin nós imeachta um easnamh iomarcach agus faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bunaíodh faoi CFAE.

3.

Déanfar acmhainní an chúlchiste a infheistiú i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfaidh an Bord Stiúrthóirí.

4.

Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí cibé rialacha is gá chun cistí eile a bhunú, a riaradh agus a úsáid.

AIRTEAGAL 25

Caillteanais a chumhdach

1.

Maidir le caillteanais a eascraíonn le linn oibríochtaí SCE, déanfar iad a mhuirearú:

2.

Má mhainníonn Comhalta de SCE an íocaíocht faoi ghlaoch ar chaipiteal de bhun Airteagal 9(2) nó (3) a dhéanamh, cuirfear glaoch athmheasta méadaithe ar chaipiteal chuig Comhaltaí uile SCE chun a áirithiú go bhfaighidh SCE méid iomlán an chaipitil íoctha is gá. Déanfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh ar ghníomhaíocht chuí chun a áirithiú go nglanfaidh an Comhalta de SCE lena mbaineann a fhiacha le SCE laistigh de thréimhse réasúnta ama. Beidh an Bord Rialtóirí i dteideal a cheangal go n-íocfar ús mainneachtana ar an méid atá thar téarma.

3.

A luaithe a bheidh a fhiacha le SCE dá dtagraítear i mír 2 glanta ag Comhalta de SCE, aisíocfar an farasbarr caipitil le Comhaltaí eile SCE i gcomhréir le rialacha a ghlacfaidh an Bord Rialtóirí.

AIRTEAGAL 26

Buiséad

Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí buiséad SCE a fhormheas gach bliain.

AIRTEAGAL 27

Cuntais bhliantúla

1.

Is é an Bord Rialtóirí a dhéanfaidh cuntais bhliantúla SCE a fhormheas.

2.

Foilseoidh SCE tuarascáil bhliantúil ina mbeidh ráiteas iniúchta ar a chuntais agus cuirfidh sé timpeall chuig Comhaltaí SCE ráiteas achomair ráithiúil ar a staid airgeadais agus ráiteas sochair agus dochair ina dtaispeánfar na torthaí a bhí ar a chuid oibríochtaí.

AIRTEAGAL 28

Iniúchóireacht inmheánach

Bunófar feidhm iniúchóireachta inmheánaí i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

AIRTEAGAL 29

Iniúchóireacht sheachtrach

Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna bhformheas ag an mBord Rialtóirí agus a bheidh freagrach as na ráitis airgeadais bhliantúla a dheimhniú, cuntais SCE a iniúchadh. Beidh lánchumhacht ag na hiniúchóirí seachtracha leabhair agus cuntais uile SCE a scrúdú agus faisnéis iomlán a fháil maidir lena hidirbhearta.

AIRTEAGAL 30

Bord Iniúchóirí

1.

Beidh cúig chomhalta arna gceapadh ag an mBord Rialtóirí, mar gheall ar a n-inniúlacht i gcúrsaí iniúchóireachta agus airgeadais, ar an mBord Iniúchóirí agus beidh dhá chomhalta ó institiúidí uachtaracha iniúchóireachta Chomhaltaí SCE - agus uainíocht eatarthu - agus comhalta amháin ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina measc.

2.

Beidh comhaltaí an Bhoird Iniúchóirí neamhspleách. Ní dhéanfaidh siad teagaisc a iarraidh ar chomhlachtaí rialaithe SCE, ar Chomhaltaí SCE ná ar aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, ná a ghlacadh uathu.

3.

Déanfaidh an Bord Iniúchóirí iniúchtaí neamhspleácha a tharraingt suas. Déanfaidh sé cigireacht ar chuntais SCE agus fíoróidh sé go bhfuil na cuntais oibriúcháin agus an clár comhardaithe in ord. Beidh rochtain iomlán aige ar aon doiciméad de chuid SCE is gá chun a chúraimí a chur i gcrích.

4.

Féadfaidh an Bord Iniúchóirí, tráth ar bith, an Bord Stiúrthóirí a chur ar an eolas faoina fhionnachtana. Déanfaidh sé tuarascáil a tharraingt suas, ar bhonn bliantúil, ar tuarascáil í a chuirfear faoi bhráid an Bhoird Rialtóirí.

5.

Cuirfidh an Bord Rialtóirí an tuarascáil bhliantúil ar fáil do na parlaimintí náisiúnta agus d’institiúidí uachtaracha iniúchóireachta Chomhaltaí SCE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

6.

Déanfar aon ní a bhaineann leis an Airteagal seo a mhionsonrú i bhfodhlíthe SCE.

CAIBIDIL 6

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 31

Suíomh

1.

Is i Lucsamburg a bheidh suíomh agus príomhoifig SCE.

2.

Féadfaidh SCE oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil.

AIRTEAGAL 32

Stádas dlíthiúil, pribhléidí agus díolúintí

1.

Chun a chumasú do SCE a chuspóir a chomhall, déanfar an stádas dlíthiúil agus na pribhléidí agus díolúintí a leagtar amach san Airteagal seo a thabhairt do SCE i gcríoch gach Comhalta de SCE. Déanfaidh SCE gach iarracht aitheantas a fháil dá stádas dlíthiúil agus dá phribhléidí agus díolúintí i gcríocha eile ina gcomhlíonann sé feidhmeanna nó ina bhfuil sócmhainní aige.

2.

Beidh lánphearsantacht dhlítheanach ag SCE. Beidh láninniúlacht dhlítheanach aige chun:

3.

Beidh ag SCE, a mhaoin, a chistiú agus a shócmhainní, cibé áit a mbeidh siad suite agus cibé duine ag a mbeidh siad, díolúine ó gach sórt próisis bhreithiúnaigh ach amháin a mhéid a bheidh SCE tar éis a dhíolúine a tharscaoileadh go sainráite chun críocha aon imeachtaí nó faoi théarmaí aon chonartha, lena n-áirítear doiciméid na n-ionstraimí maoinithe.

4.

Beidh díolúine ó chuardach, ó fhoréileamh, ó choigistiú, ó dhíshealbhú nó aon sórt eile urghabhála, gabhála nó foriaimh trí ghníomhú feidhmiúcháin, gníomhú breithiúnach, gníomhú riaracháin nó gníomhú reachtach ag maoin, cistiú agus sócmhainní SCE, cibé áit a mbeidh siad suite agus cibé duine ag a mbeidh siad.

5.

Beidh cartlanna SCE agus na doiciméid uile ar le SCE iad nó atá ina sheilbh aige dosháraithe.

6.

Beidh áitreabh SCE dosháraithe.

7.

Gheobhaidh cumarsáidí oifigiúla SCE an chóir chéanna ó gach Comhalta de SCE agus ó gach stát a bhfuil aitheantas tugtha aige do stádas dlíthiúil agus do phribhléidí agus díolúintí SCE agus a fhaigheann cumarsáidí oifigiúla Comhalta de SCE.

8.

A mhéid is gá sin chun na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Chonradh seo a dhéanamh, beidh maoin, cistiú agus sócmhainní uile SCE saor ó shrianta, ó rialacháin, ó rialuithe agus ó mhortchairde de chineál ar bith.

9.

Beidh SCE díolmhaithe ó aon cheanglas údarú nó ceadúnas a fháil mar institiúid chreidmheasa, mar sholáthróir seirbhísí infheistíochta nó mar eintiteas údaraithe, ceadúnaithe nó rialaithe eile faoi dhlíthe gach ceann de Chomhaltaí SCE.

AIRTEAGAL 33

Foireann SCE

Leagfaidh an Bord Stiúrthóirí síos na coinníollacha fostaíochta do Stiúrthóir Bainistíochta agus d’fhoireann eile SCE.

AIRTEAGAL 34

Rúndacht ghairmiúil

Ní dhéanfaidh Comhaltaí ná iarChomhaltaí an Bhoird Rialtóirí ná an Bhoird Stiúrthóirí ná aon daoine eile a oibríonn nó a d’oibrigh do SCE nó i dtaca le SCE faisnéis atá faoi réir rúndachta gairmiúla a nochtadh. Beidh de cheangal orthu, fiú amháin tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan faisnéis a nochtadh is de chineál atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

AIRTEAGAL 35

Díolúintí daoine

1.

Ar mhaithe le leas SCE, beidh Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí, na Rialtóirí, na Rialtóirí malartacha, na Stiúrthóirí, na Stiúrthóirí malartacha, mar aon leis an Stiúrthóir Bainistíochta agus na daoine eile den fhoireann díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a dhéanfaidh siad ina gcáil oifigiúil agus beidh dosháraitheacht acu maidir lena bpáipéir agus lena ndoiciméid oifigiúla.

2.

Féadfaidh an Bord Rialtóirí aon cheann de na díolúintí a thugtar faoin Airteagal seo i leith Chathaoirleach an Bhoird Rialtóirí, Rialtóra, Rialtóra mhalartaigh, Stiúrthóra, Stiúrthóra mhalartaigh nó an Stiúrthóra Bainistíochta a tharscaoileadh a mhéid, agus ar cibé coinníollacha, a chinnfidh sé.

3.

Féadfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta aon díolúine den sórt sin a tharscaoileadh i leith aon duine d’fhoireann SCE, seachas é féin nó í féin.

4.

Déanfaidh gach Comhalta de SCE an ghníomhaíocht is gá go pras chun éifeacht a thabhairt don Airteagal seo faoi théarmaí a dhlí féin agus cuirfidh sé SCE ar an eolas maidir leis an méid sin dá réir sin.

AIRTEAGAL 36

Díolúine ó chánachas

1.

Faoi chuimsiú raon feidhme a ghníomhaíochtaí oifigiúla, beidh SCE, a shócmhainní, a ioncam, a mhaoin agus a oibríochtaí agus a idirbhearta arna n-údarú leis an gConradh seo díolmhaithe ó gach cáin dhíreach.

2.

Déanfaidh Comhaltaí SCE, i ngach cás inar féidir sin, na bearta is cuí chun méid na gcánacha neamhdhíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann SCE, le haghaidh a úsáide oifigiúla, ceannacháin shubstaintiúla a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas.

3.

Ní dheonófar díolúine ar bith i leith cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí le haghaidh seirbhísí fóntais phoiblí.

4.

Beidh earraí a allmhaireoidh SCE agus is gá chun a ghníomhaíochtaí oifigiúla a fheidhmiú díolmhaithe ó na dleachtanna agus na cánacha uile ar allmhairí agus ó na toirmisc agus na srianta uile ar allmhairí.

5.

Beidh foireann SCE inchurtha faoi cháin inmheánach, chun tairbhe do SCE, ar thuarastail agus ar dhíolaíochtaí a íocfaidh SCE, faoi réir rialacha a ghlacfaidh an Bord Rialtóirí. Ón dáta a chuirfear an cháin sin i bhfeidhm, beidh tuarastail agus díolaíochtaí den sórt sin díolmhaithe ó cháin ioncaim náisiúnta.

6.

Ní thoibheofar cánachas d’aon saghas ar aon oibleagáid ná urrús a eiseoidh SCE, lena n- áirítear aon ús nó díbhinn orthu, cibé duine a shealbhóidh iad:

AIRTEAGAL 37

Léiriú agus réiteach díospóide

1.

Aon cheist a eascróidh idir aon Chomhalta de SCE agus SCE, nó idir Comhaltaí de SCE, maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm fhorálacha an Chonartha seo agus fhodhlíthe SCE, cuirfear faoi bhráid an Bhoird Stiúrthóirí í le cinneadh a dhéanamh uirthi.

2.

Déanfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh faoi aon díospóid a eascróidh idir Comhalta de SCE agus SCE, nó idir Comhaltaí de SCE, i dtaobh léiriú agus chur i bhfeidhm an Chonartha seo, lena n-áirítear aon díospóid faoi chomhoiriúnacht na gcinntí a ghlac SCE leis an gConradh seo. Déanfar vótaí chomhalta nó chomhaltaí Bhord Rialtóirí an Chomhalta nó na gComhaltaí de SCE lena mbaineann a fhionraí nuair a bheidh vótáil ar siúl ag an mBord Rialtóirí ar an gcinneadh sin agus déanfar an tairseach vótála is gá chun an cinneadh a ghlacadh a athríomh dá réir.

3.

Má dhéanann Comhalta de SCE an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 a chonspóid, cuirfear an díospóid faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar na páirtithe sa nós imeachta, agus déanfaidh na páirtithe sin na bearta is gá chun an breithiúnas a chomhlíonadh laistigh de thréimhse a chinnfidh an Chúirt sin.

AIRTEAGAL 38

Comhar idirnáisiúnta

D’fhonn a chuspóirí a chur ar aghaidh, beidh SCE i dteideal comhoibriú, faoi chuimsiú théarmaí an Chonartha seo, le CAI, le haon Stát atá ag soláthar cúnamh airgeadais ar bhonn ad hoc do Chomhalta de SCE agus le haon eagraíocht nó le haon eintiteas idirnáisiúnta ar a bhfuil sainfhreagrachtaí i réimsí gaolmhara.

CAIBIDIL 7

SOCRUITHE IDIRTHRÉIMHSEACHA

AIRTEAGAL 39

Comhréireacht le hiasachtóireacht SaorCAE

Le linn na céime idirthréimhsí a mhairfidh ó theacht i bhfeidhm an Chonartha seo go dtí díscaoileadh iomlán SaorCAE, ní rachaidh an iasachtóireacht chomhdhlúite ó SCE agus ó SaorCAE thar EUR 500 000 milliún, gan dochar don athbhreithniú tráthrialta ar leordhóthanacht uasmhéid na hiasachtóireachta i gcomhréir le hAirteagal 10. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí treoirlínte mionsonraithe maidir leis an modh ar a ríomhfar an acmhainn tiomantais don todhchaí chun a áirithiú nach dtéitear thar an uasteorainn iasachtóireachta comhdhlúite.

AIRTEAGAL 40

Tacaíochtaí SaorCAE a aistriú

1.

De mhaolú ar Airteagal 13, féadfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh a dhéanamh go ndéanfaidh SCE tiomantais SaorCAE maidir le cúnamh airgeadais a sholáthar do Chomhalta de SCE faoina chomhaontú leis an gcomhalta sin a ghlacadh air féin a mhéid a bhaineann na tiomantais sin leis na codanna neamheisíoctha agus neamhchistithe de na saoráidí iasachta.

2.

Féadfaidh SCE, má údaraíonn a Bhord Rialtóirí an méid sin, cearta SaorCAE a fháil agus oibleagáidí SaorCAE a ghlacadh air féin, go háirithe maidir lena cearta agus lena hoibleagáidí uile, nó le cuid díobh, atá ar marthain faoina saoráidí iasachta láithreacha agus i ndáil leo.

3.

Glacfaidh an Bord Rialtóirí na módúlachtaí mionsonraithe is gá chun éifeacht a thabhairt d’aistriú na n-oibleagáidí ó SaorCAE go dtí SCE dá dtagraítear i mír 1, agus d’aon aistriú ceart agus aistriú oibleagáidí mar a thuairiscítear i mír 2.

AIRTEAGAL 41

An caipiteal tosaigh a íoc

1.

Gan dochar do mhír 2, déanfar scaireanna íoctha an méid a shuibscríobh gach Comhalta de SCE i dtosach a íoc i bhfoirm cúig thráthchuid bhliantúla de 20% den mhéid iomlán an ceann. Íocfaidh gach Comhalta de SCE an chéad tráthchuid laistigh de chúig lá dhéag tar éis an dáta a thiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm. Beidh na ceithre thráthchuid eile iníoctha cothrom bliana, dhá bhliain, trí bliana agus ceithre bliana faoi seach ón dáta a íocfar an chéad tráthchuid.

2.

Le linn na tréimhse cúig bliana ina n-íocfar caipiteal i dtráthchodanna, déanfaidh Comhaltaí SCE íocaíocht na scaireanna íoctha a luathú, go tráthúil roimh an dáta eisiúna d’fhonn cóimheas íosta 15% idir caipiteal íoctha agus méid neamhíoctha eisiúintí SCE a choimeád agus acmhainn chomhcheangailte íosta iasachtóireachta EUR 500 000 milliún ó SCE agus SaorCAE a ráthú.

3.

Féadfaidh Comhalta de SCE a chinneadh a scair de chaipiteal íoctha a íoc níos luaithe.

AIRTEAGAL 42

Ceartú sealadach ar an treoir ranníoca

1.

Tráth a bhunaithe, déanfaidh Comhaltaí SCE an stoc caipitiúil údaraithe a shuibscríobh ar bhonn na treorach ranníoca tosaigh a shonraítear in Iarscríbhinn I. Beidh an ceartú sealadach atá ar áireamh sa treoir ranníoca tosaigh sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse dhá bhliain déag tar éis an dáta a ghlacfaidh an Comhalta de SCE i dtrácht an euro.

2.

I gcás gur lú olltáirgeacht intíre (OTI) Comhalta nua de SCE in aghaidh an duine ar mhargadhphraghsanna in euro sa bhliain díreach roimh a aontachas do SCE ná 75% de mheán-olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh in aghaidh an duine ar mhargadhphraghsanna, bainfidh a threoir ranníoca le haghaidh shuibscríobh stoc caipitiúil údaraithe SCE, arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10, tairbhe as ceartú sealadach agus is ionann é agus suim:

Cothromófar na céatadáin dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) suas nó síos go dtí an t-iolraí is gaire de 0,0001 faoin gcéad. Is iad na téarmaí staidrimh a fhoilseoidh Eurostat na téarmaí a bheidh i bhfeidhm.

3.

Beidh feidhm ag an gceartú sealadach dá dtagraítear i mír 2 ar feadh tréimhse dhá bhliain déag ón dáta a ghlacfaidh an Comhalta de SCE i dtrácht an euro.

4.

De thoradh an cheartaithe shealadaigh ar an treoir, déanfar an sciar iomchuí de scaireanna a leithroinneadh ar Chomhalta de SCE de bhun mhír 2 a leithroinnt arís i measc na gComhaltaí sin de SCE nach bhfuil ag baint tairbhe as ceartú sealadach ar bhonn a scairshealbhaíochta in BCE, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 29 de Reacht CEBC, a bhí ann díreach sular eisíodh scaireanna don Chomhalta aontach de SCE.

AIRTEAGAL 43

Na chéad cheapacháin

1.

Ainmneoidh gach Comhalta de SCE a Rialtóir agus a Rialtóir malartach laistigh de dhá sheachtain ó theacht i bhfeidhm an Chonartha seo.

2.

Ceapfaidh an Bord Rialtóirí an Stiúrthóir Bainistíochta agus ceapfaidh gach Rialtóir faoi seach Stiúrthóir agus Stiúrthóir malartach laistigh de dhá mhí ó theacht i bhfeidhm an Chonartha seo.

CAIBIDIL 8

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 44

Aontachas

Beidh an Conradh seo ar oscailt le haghaidh aontachais Ballstát eile den Aontas Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 2 ar iarratas ar chomhaltas a chomhdóidh aon Bhallstát den sórt sin den Aontas Eorpach le SCE tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh an cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairtear an maolú atá ag an mBallstát sin gan an euro a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 140(2) CFAE. Déanfaidh an Bord Rialtóirí iarratas ar aontachas an Chomhalta nua de SCE agus na téarmaí teicniúla mionsonraithe a bhaineann leis a fhormheas, chomh maith leis na hoiriúnuithe a bheidh le déanamh ar an gConradh seo de thoradh díreach an aontachais. Tar éis don Bhord Rialtóirí an t-iarratas ar chomhaltas a fhormheas, déanfaidh comhaltaí nua de SCE an t-aontachas tráth a thaiscfear na hionstraimí aontachais leis an Taiscí, agus cuirfidh an Taiscí fógra faoin méid sin chuig na Comhaltaí eile de SCE.

AIRTEAGAL 45

Na hIarscríbhinní

Is cuid dhílis den Chonradh seo na hIarscríbhinní seo a leanas a ghabhann leis:

AIRTEAGAL 46

Taisceadh

Déanfar an Conradh seo a thaisceadh le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (“an Taiscí ”), agus cuirfidh an Taiscí cóipeanna deimhnithe chuig gach sínitheoir.

AIRTEAGAL 47

Daingniú, formheas nó glacadh

1.

Beidh an Conradh seo faoi réir a dhaingnithe, a fhormheasa nó a ghlactha ag na sínitheoirí. Déanfar ionstraimí daingniúcháin, formheasa nó glactha a thaisceadh leis an Taiscí.

2.

Cuirfidh an Taiscí fógra chuig na sínitheoirí eile maidir le gach taisceadh agus an dáta a dhéantar é.

AIRTEAGAL 48

Teacht i bhFeidhm

1.

Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm an dáta a dhéanfaidh na sínitheoirí, a bhfuil a suibscríbhinní tosaigh in ionannas le 90 % ar a laghad d’iomlán na suibscríobhanna atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, ionstraimí daingniúcháin, formheasa nó glactha a thaisceadh. I gcás gur cuí, déanfar an liosta de Chomhaltaí SCE a choigeartú; déanfar an treoir in Iarscríbhinn I a athríomh ansin agus déanfar iomlán an stoic chaipitiúil údaraithe in Airteagal 8(1) agus in Iarscríbhinn II agus luach ainmniúil comhiomlán tosaigh iomlán na scaireanna íoctha in Airteagal 8(2) a laghdú dá réir.

2.

Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm, i gcás gach sínitheora a thaiscfidh a ionstraim daingniúcháin, formheasa nó glactha dá éis sin, an lá tar éis dháta an taiscthe.

3.

I gcás gach Stáit a aontaíonn don Chonradh seo i gcomhréir le hAirteagal 44, tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis don Stát a ionstraim aontachais a thaisceadh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an dara lá d’Fheabhra sa bhliain dhá mhíle a dó dhéag i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin, agus taiscfear é i gcartlann an Taiscí agus cuirfidh an Taiscí cóip chuídheimhnithe chuig gach ceann de na Páirtithe Conarthacha.

Tráth aontachas Phoblacht na Laitvia, beidh comhúdarás ag an téacs Laitvise a thaiscfear i gcartlann an Taiscí agus cuirfidh an Taiscí cóip chuídheimhnithe chuig gach ceann de na Páirtithe Conarthacha.

IARSCRÍBHINN I

Treoir Ranníoca SCE

An Comhalta de SCE Treoir SCE (%) Ríocht na Beilge 3.4675
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine 27.0716
Poblacht na hEastóine 0.1855
Éire 1.5878
An Phoblacht Heilléanach 2.8089
Ríocht na Spáinne 11.8709
Poblacht na Fraince 20.3297
Poblacht na hIodáile 17.8643
Poblacht na Cipire 0.1957
Poblacht na Laitvia 0.2757
Ard-Diúcacht Lucsamburg 0.2497
Málta 0.0729
Ríocht na hÍsiltíre 5.7012
Poblacht na hOstaire 2.7757
Poblacht na Portaingéile 2.5023
Poblacht na Slóivéine 0.4264
Poblacht na Slóvaice 0.8217
Poblacht na Fionlainne 1.7924
An tIomlán 100.0

Slánaítear na figiúirí thuasluaite go dtí ceithre ionad dheachúla.

IARSCRÍBHINN II

Suibscríobhanna leis an stoic caipitiúil údaraithe

An Comhalta de SCE Líon na scaireanna Suibscríobh caipitiúil (EUR)
Ríocht na Beilge 243 397 24 339 700 000
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine 1 900 248 190 024 800 000
Poblacht na hEastóine 13 020 1 302 000 000
Éire 111 454 11 145 400 000
An Phoblacht Heilléanach 197 169 19 716 900 000
Ríocht na Spáinne 833 259 83 325 900 000
Poblacht na Fraince 1 427 013 142 701 300 000
Poblacht na hIodáile 1 253 959 125 395 900 000
Poblacht na Cipire 13 734 1 373 400 000
Poblacht na Laitvia 19 353 1 935 300 000
Ard-Diúcacht Lucsamburg 17 528 1 752 800 000
Málta 5 117 511 700 000
Ríocht na hÍsiltíre 400 190 40 019 000 000
Poblacht na hOstaire 194 838 19 483 800 000
Poblacht na Portaingéile 175 644 17 564 400 000
Poblacht na Slóivéine 29 932 2 993 200 000
Poblacht na Slóvaice 57 680 5 768 000 000
Poblacht na Fionlainne 125 818 12 581 800 000
An tIomlán 7 019 353 701 935 300 000

PART 2 Text of Treaty in the English Language

TREATY

ESTABLISHING THE EUROPEAN STABILITY MECHANISM

BETWEEN THE KINGDOM OF BELGIUM, THE FEDERAL

REPUBLIC OF GERMANY,

THE REPUBLIC OF ESTONIA, IRELAND, THE HELLENIC

REPUBLIC,

THE KINGDOM OF SPAIN, THE FRENCH REPUBLIC,

THE ITALIAN REPUBLIC, THE REPUBLIC OF CYPRUS,

THE REPUBLIC OF LATVIA,

THE GRAND DUCHY OF LUXEMBOURG, MALTA,

THE KINGDOM OF THE NETHERLANDS, THE REPUBLIC

OF AUSTRIA,

THE PORTUGUESE REPUBLIC, THE REPUBLIC OF

SLOVENIA,

THE SLOVAK REPUBLIC AND THE REPUBLIC OF

FINLAND

THE CONTRACTING PARTIES, the Kingdom of Belgium, the Federal Republic of Germany, the Republic of Estonia, Ireland, the Hellenic Republic, the Kingdom of Spain, the French Republic, the Italian Republic, the Republic of Cyprus, the Republic of Latvia, the Grand Duchy of Luxembourg, Malta, the Kingdom of the Netherlands, the Republic of Austria, the Portuguese Republic, the Republic of Slovenia, the Slovak Republic and the Republic of Finland (the “euro area Member States” or “ESM Members”);

COMMITTED TO ensuring the financial stability of the euro area;

RECALLING the Conclusions of the European Council adopted on 25 March 2011 on the establishment of a European stability mechanism;

WHEREAS:

This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.

This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence. Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.