Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021
1. Definitions
1. In this Act—
“Act of 2012” means the European Stability Mechanism Act 2012;
“Act of 2014” means the European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014;
“Act of 2015” means the Finance (Miscellaneous Provisions) Act 2015;
“Amending Agreement” means the Agreement amending the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021 between the Euro Area Member States of the European Union, the text of which is, for ease of reference, set out in—
(a) Part 1 of Schedule 1 in the Irish language, and
(b) Part 2 of Schedule 1 in the English language;
“ESM Treaty” means the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 2 February 2012 between the Euro Area Member States of the European Union as adapted in consequence of the accession of the Republic of Latvia to it on 13 March 2014 and as further adapted in consequence of the accession of the Republic of Lithuania to it on 3 February 2015, the text of which (including the Annexes) is, for ease of reference, set out in—
(a) Part 1 of Schedule 2 in the Irish language, and
(b) Part 2 of Schedule 2 in the English language;
“Intergovernmental Agreement” means the Agreement amending the Agreement on the Transfer and Mutualisation of Contributions to the Single Resolution Fund done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021, the text of which is, for ease of reference, set out in—
(a) Part 1 of Schedule 3 in the Irish language, and
(b) Part 2 of Schedule 3 in the English language;
“Minister” means the Minister for Finance.
2. Approval of terms of Amending Agreement
2. The terms of the Amending Agreement are hereby approved.
3. Amendment of Act of 2012
3. The Act of 2012 is amended—
(a) in section 1, by the substitution of the following definition for the definition of “Treaty”:
“ ‘Treaty’ means the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 2 February 2012 between the Euro Area Member States of the European Union as adapted in consequence of the accession of the Republic of Latvia to it on 13 March 2014 and as further adapted in consequence of the accession of the Republic of Lithuania to it on 3 February 2015, as amended by the Agreement amending the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021 between the Euro Area Member States of the European Union.”,
and
(b) in section 3, by the substitution of “€11,119,500,000” for “€11,145,400,000”.
4. Amendment of Act of 2014
4. Section 1(1) of the Act of 2014 is amended by the substitution of the following definition for the definition of “Treaty”:
“‘Treaty’ has the meaning given to it by section 1 (amended by section 3(a) of the Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021) of the Principal Act.”.
5. Approval of terms of Intergovernmental Agreement
5. (1) The terms of the Intergovernmental Agreement are hereby approved.
(2) The Minister shall, as soon as may be after the date from which the Intergovernmental Agreement applies in accordance with Article 5(2) of that Agreement, cause notice of the coming into operation of section 6 on that date to be published—
(a) in Iris Oifigiúil, and
(b) on a website maintained by or on behalf of the Minister or the Government.
6. Amendment of Act of 2015
6. Section 3(1) of the Act of 2015 is amended by the substitution of the following definition for the definition of “Agreement”:
“‘Agreement’ means the Agreement on the Transfer and Mutualisation of Contributions to the Single Resolution Fund done at Brussels on 21 May 2014 as amended by the Agreement amending the Agreement on the Transfer and Mutualisation of Contributions to the Single Resolution Fund done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021;”.
7. Expenses
7. Any expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
8. Short title, commencement, collective citation and construction
8. (1) This Act may be cited as the Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021.
(2) Section 6 shall come into operation on the date from which the Intergovernmental Agreement applies in accordance with Article 5(2) of that Agreement.
(3) The European Stability Mechanism Acts 2012 and 2014 and sections 2, 3 and 4 may be cited together as the European Stability Mechanism Acts 2012 to 2021 and shall be read together as one.
SCHEDULE 1
PART 1 Text of Amending Agreement in the Irish Language
COMHAONTÚ
LENA LEASAÍTEAR AN CONRADH
LENA mBUNAÍTEAR AN SÁSRA COBHSAÍOCHTA EORPACH
IDIR RÍOCHT NA BEILGE, POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
POBLACHT NA hEASTÓINE, ÉIRE, AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,
RÍOCHT NA SPÁINNE, POBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA hIODÁILE, POBLACHT NA CIPIRE, POBLACHT NA LAITVIA,
POBLACHT NA LIOTUÁINE, ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG, POBLACHT
MHÁLTA, RÍOCHT NA hÍSILTÍRE, POBLACHT NA hOSTAIRE,
POBLACHT NA PORTAINGÉILE, POBLACHT NA SLÓIVÉINE,
POBLACHT NA SLÓVAICE AGUS POBLACHT NA FIONLAINNE
BROLLACH
TÁ NA PÁIRTITHE CONARTHACHA, Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice agus Poblacht na Fionlainne (“Ballstáit an limistéir euro” nó na “Sínitheoirí”);
AG AITHINT DÓIBH an comhaontú chun cistiú a shlógadh agus maoiniú a chur ar fáil faoin gcúlstop chun críocha úsáid an Chiste Réitigh Aonair (“CRA”), atá faoi úinéireacht an Bhoird Réitigh Aonair (“BRA”) a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010[^1];
AG AITHINT DÓIBH phríomhról an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (“SCE”) sa bhainistiú géarchéime, ról a fheidhmíonn sé trí thacaíocht chobhsaíochta a chur ar fáil go tráthúil agus go héifeachtach do Bhallstáit an limistéir euro;
TAR ÉIS DÓIBH TEACHT AR CHOMHAONTÚ maidir le pacáiste cuimsitheach chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú tuilleadh;
AGUS É MAR AIDHM ACU an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a fhorbairt tuilleadh chun athléimneacht agus acmhainní réitigh géarchéime an limistéir euro a neartú, agus leanúint de dhlí an Aontais Eorpaigh a lánurramú lena linn sin;
AG CUIMHNEAMH DÓIBH gur dhearbhaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ag Cruinniú Mullaigh Euro an 29 Meitheamh 2018 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, go gcuirfeadh SCE an cúlstop coiteann ar fáil do CRA agus go neartófaí é ar bhonn na n-eilimintí a leagtar amach i litir Uachtarán an Ghrúpa Euro dar dáta an 25 Meitheamh 2018;
AG CUIMHNEAMH DÓIBH FREISIN gur fhormhuinigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ag Cruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, le téarmaí tagartha an chúlstop choitinn sin maille le bileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, agus gur thug Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ag Cruinniú Mullaigh Euro an 21 Meitheamh 2019 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, dá n-aire an comhaontú leathan ar thángthas air maidir le leasú an Chonartha lena mBunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach,
TAR ÉIS COMHAONTÚ mar a leanas:
AIRTEAGAL 1
Leasuithe ar an gConradh lena mBunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach
Leasaítear an Conradh lena mBunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach mar a leanas:
A. Leasaítear an brollach mar a leanas:
(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (4):
“(4) Is é an chéad bheart cosanta ba cheart a bheith ann fós i gcoinne géarchéimeanna muiníne a dhéanfadh difear do chobhsaíocht an limistéir euro, urramú docht chreat dlí an Aontais Eorpaigh, urramú docht an chreata chomhtháite um fhaireachas buiséadach agus maicreacnamaíoch, go háirithe an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, urramú docht an chreata um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus na rialacha maidir le rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh.”.
(2) Cuirtear isteach na haithrisí seo a leanas:
“(5a) Ag Cruinniú Mullaigh Euro an 29 Meitheamh 2018 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, dhearbhaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu go soláthródh SCE an cúlstop coiteann don Chiste Réitigh Aonair (‘CRA’) agus go neartófaí é ar bhonn na n-eilimintí a leagtar amach i litir Uachtarán an Ghrúpa Euro dar dáta an 25 Meitheamh 2018. Ag Cruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, d’fhormhuinigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu le téarmaí tagartha an chúlstop choitinn sin atá le cur ar fáil ag SCE, maille le bileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE. Foráiltear, sa bhileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, go mbunófar an cúlstop coiteann i gcomhair CRA faoi dheireadh na hidirthréimhse, ar a dhéanaí. Foráiltear freisin, sa bhileog téarmaí maidir le hathchóiriú an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, go méadófar éifeachtacht na n-ionstraimí cúnaimh airgeadais réamhchúraim i gcomhair Comhaltaí de SCE a bhfuil bunstaid a ngeilleagair ar fónamh, a bhféadfadh turraing dhíobhálach a bheadh thar a smacht difear a dhéanamh dóibh. I gcomhréir leis an gcomhsheasamh maidir leis an gcomhar sa todhchaí idir an Coimisiún Eorpach agus SCE, atá mar iarscríbhinn a ghabhann leis an mbileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE maidir leis an measúnú incháilitheachta faoin líne chreidmheasa réamhchúraim, ag brath ar raon beacht na gcritéar incháilitheachta, gabhfaidh an Coimisiún Eorpach agus SCE orthu a róil féin faoi seach i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh, leis an gConradh seo agus le treoirlínte SCE. Foráiltear freisin, sa bhileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, go gcuirfear corrlach breise i bhfeidhm i gcás nach ndéanfadh Comhalta de SCE, ar deonaíodh cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE dó, an choinníollacht a ghabhann leis an gcúnamh sin a chomhlíonadh tar éis dó cistí a tharraingt, ach amháin i gcás inarb é is cúis leis an neamh-chomhlíonadh sin imthosca a bhí thar smacht an rialtais. Thairis sin, sa bhileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, daingnítear go bhfuil an choinníollacht fós ina prionsabal bunúsach de chuid an Chonartha seo agus de chuid ionstraimí uile SCE, ach go gcaithfear na téarmaí beachta a chur in oiriúint do gach ionstraim ar leith.
(5b) Sa chomhsheasamh maidir leis an gcomhar sa todhchaí idir SCE agus an Coimisiún Eorpach, leagtar amach an comhaontú maidir le módúlachtaí nua an chomhair laistigh de chláir chúnaimh airgeadais agus lasmuigh díobh. Tá cuspóirí comhchoiteanna ag an gCoimisiún Eorpach agus ag SCE agus feidhmeoidh siad cúraimí sonracha a bhaineann leis an mbainistiú géarchéime ar son an limistéir euro ar bhonn dhlí an Aontais Eorpaigh agus an Chonartha seo. Dá bhrí sin, oibreoidh an dá institiúid go dlúth le chéile ar bhearta bainistithe géarchéime SCE lena ngabhfaidh rialachas éifeachtúil a shaothróidh an chobhsaíocht airgeadais trí shaineolas a chéile a chomhlánú. Áirithíonn an Coimisiún Eorpach an chomhsheasmhacht le dlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe leis an gcreat um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. Déanann SCE a chuid anailíse agus measúnaithe trí pheirspictíocht iasachtóra. Déanfar an comhsheasamh maidir leis an gcomhar sa todhchaí a ionchorprú go hiomlán i meabhrán comhair, mar a leagtar amach in Airteagal 13(8), nuair a thiocfaidh na leasuithe ar an gConradh seo i bhfeidhm.”.
(3) In aithris (7), cuirtear an abairt seo a leanas léi:
“Tugann Comhaltaí SCE aitheantas don idirphlé atá ar siúl idir an Stiúrthóir Bainistíochta agus Parlaimint na hEorpa.”.
(4) In aithris (8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:
“Maidir le haon Bhallstát den limistéar euro a iarrfaidh cúnamh airgeadais ar SCE, beifear ag súil go ndéanfaidh sé, i ngach cás inarb iomchuí, iarraidh chomhchosúil a dhíriú chuig CAI.”.
(5) Cuirtear isteach an aithris seo a leanas:
“(9a) Ballstáit den Aontas Eorpach nach bhfuil an euro mar airgeadra acu agus a bhfuil dlúthchomhar bunaithe acu leis an mBanc Ceannais Eorpach (‘BCE’) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa[^2], beifear ag súil go gcuirfidh siad línte creidmheasa comhthreomhara ar fáil, i gcomhar le SCE, i gcomhair CRA. Beidh na Ballstáit sin rannpháirteach, ar théarmaí coibhéiseacha, sa chúlstop coiteann (‘Ballstáit Rannpháirteacha’). Ba cheart a iarraidh ar ionadaithe na mBallstát Rannpháirteach freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe den Bhord Rialtóirí agus den Bhord Stiúrthóirí ina bpléifear ábhair a bhaineann leis an gcúlstop coiteann agus ba cheart an rochtain ar fhaisnéis a bheidh acu sin agus ag ionadaithe eile a bheith comhionann. Ba cheart socruithe iomchuí a chur ar bun i gcomhair comhroinnt faisnéise agus comhordú tráthúil idir SCE agus na Ballstáit Rannpháirteacha. Ba cheart é a bheith indéanta a iarraidh ar ionadaithe de chuid an Bhoird Réitigh Aonair (‘BRA’) freastal, i gcáil breathnóirí, ar bhonn ad hoc, ar chruinnithe den Bhord Rialtóirí agus den Bhord Stiúrthóirí ina bpléifear an maoiniú faoin gcúlstop.”.
(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (10):
“(10) An 20 Meitheamh 2011, thug ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh údarú do na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh seo a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar BCE na cúraimí dá bhforáiltear sa Chonradh seo a chomhlíonadh. Admhaítear nach bhfuil san áireamh, sna dualgais a thugtar don Choimisiún Eorpach agus do BCE leis an gConradh seo, aon chumhachtaí chun cinntí dá gcuid féin a dhéanamh agus gur ar SCE agus air sin amháin a chuirfear ceangal leis na cúraimí a fhorghníomhú an dá institiúid sin ar bhonn an Chonartha seo.”.
(7) In aithris (11), cuirtear na habairtí seo a leanas léi:
“Tar éis thabhairt isteach na CCGanna sin amhail ón 1 Eanáir 2013, tá Comhaltaí SCE tiomanta do CCGanna a thabhairt isteach lena ndéanfar foráil le haghaidh vótáil chomhiomlán uile-shraitheach (‘CCGanna uile-shraitheachta’) faoi 2022. Déanfar na módúlachtaí dlí mionsonraithe a chomhaontú laistigh den Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, agus lena linn sin tabharfar ceanglais bhunreachtúla náisiúnta san áireamh, chun go gcuirfidh Comhaltaí uile SCE na CCGanna uile-shraitheachta chun feidhme i leith urrúis rialtais nua sa limistéar euro ar dhóigh a áiritheoidh gur comhionann a bheidh toradh dlí na CCGanna sin.”.
(8) Cuirtear isteach na haithrisí seo a leanas:
“(11a) Arna iarraidh sin do Chomhalta de SCE agus i gcás inarb iomchuí, féadfaidh SCE idirphlé a éascú idir an Comhalta sin de SCE agus a infheisteoirí príobháideacha ar bhonn deonach neamhfhoirmiúil neamhcheangailteach sealadach rúnda.
(11b) Is do Chomhaltaí de SCE a meastar go bhfuil a bhfiachas inbhuanaithe agus a ndeimhnítear gurb acmhainn dóibh an aisíocaíocht le SCE, agus dóibhsean amháin, ba cheart do SCE tacaíocht chobhsaíochta a dheonú. Is ar bhonn trédhearcach sothuartha a dhéanfar measúnú ar inbhuanaitheacht fiachais agus ar acmhainn aisíocaíochta, cé gurb amhlaidh, lena linn sin, go mbeidh fairsinge go leor ann le haghaidh an dea-bhreithiúnais. Is iad a dhéanfaidh na measúnaithe sin an Coimisiún Eorpach i gcuibhreann le BCE, agus SCE agus i ngach cás inarb iomchuí agus indéanta in éineacht le CAI i gcomhréir leis an gConradh seo, le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an meabhrán comhair arna dhéanamh de bhun Airteagal 13(8). I gcás nach n-eascraíonn dearcadh comhchoiteann as an gcomhoibriú, déanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú foriomlán ar inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí, agus déanfaidh SCE measúnú ar acmhainn an Chomhalta de SCE lena mbaineann aisíocaíocht a dhéanamh le SCE.”.
(9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (12):
“(12) I gcásanna eisceachtúla, déanfar foirm rannpháirtíochta ag an earnáil phríobháideach, ar foirm iomchuí chomhréireach í atá i gcomhréir le cleachtas CAI, a bhreithniú i gcásanna ina ndeonaítear tacaíocht chobhsaíochta agus coinníollacht ag gabháil léi i bhfoirm clár coigeartuithe maicreacnamaíocha.”.
(10) In aithris (13), cuirtear an abairt seo a leanas léi:
“Beidh stádas mar chreidiúnaí tosaíochta ag iasachtaí cúlstop a thabharfaidh SCE do BRA, ar bhealach atá comhchosúil leis an mbealach ina bhfuil an stádas sin ag iasachtaí eile a thugann SCE.”.
(11) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 14:
“(14) Tacóidh Ballstáit an limistéir euro le deonú stádais choibhéisigh mar chreidiúnaí do SCE agus do Stáit eile a thabharfaidh iasachtaí déthaobhacha i gcomhar le SCE, agus áireofar air sin é sin a dhéanamh i ndáil le hiasachtaí cúlstop do BRA.”.
(12) Cuirtear isteach na haithrisí seo a leanas:
“(15a) Leagtar amach le hAirteagal 2(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) go ndéanfaidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh comhordú ar a mbeartais eacnamaíocha laistigh de shocruithe dá bhforáiltear in CFAE. I gcomhréir le hAirteagal 5(1) CFAE agus le hAirteagal 121 CFAE, tá Ballstáit an Aontais Eorpaigh chun comhordú a dhéanamh, laistigh de Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ar a gcuid beartas eacnamaíoch. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag SCE chun críoch comhordaithe beartas eacnamaíoch i measc Comhaltaí de SCE, óir déantar foráil le dlí an Aontais Eorpaigh maidir leis na socruithe is gá chuige sin. Urramaíonn SCE na cumhachtaí a thugtar, le dlí an Aontais Eorpaigh, d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais.
This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.