EUROPOL ACT, 1997

Type Act
Publication 1997-11-24
Last updated 2018-05-24
State Repealed superseded text
Text As published
PDF Download
articles 88

This is the act as published. Later amendments are not folded into the text below: each one is a separate act in this repository and an entry in this law's history.

6 amending acts · 2018-05-24, DATA PROTECTION ACT 2018

Act to give the force of law to the Convention on the establishment of a European Police Office and to provide for related matters

Reform history JSON API
3.

Ar a shon sin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a chinneadh ar thionscnamh ó Bhallstát agus tar éis don Bhord Bainistíochta é a scrúdú, sainmhínithe na bhfoirmeacha coirpeachta atá san Iarscríbhinn a shaibhriú, a leasú nó a chomhlánú. Féadfaidh sé freisin a chinneadh sainmhínithe nua de na foirmeacha coirpeachta sin a chur isteach.

4.

Cuirfidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe in iúl do na Ballstáit uile.

Airteagal 44

Forchoimeádais

Ní bheidh forchoimeádais i leith an Choinbhinsiúin seo incheadaithe.

Airteagal 45

Teacht i bhfeidhm

1.

Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Coinbhinsiún seo a ghlacadh comhlíonta acu.

3.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí a leanann an tréimhse trí mhí tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach ar an dáta a ghlacfaidh an Chomhairle an Gníomh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin.

4.

Gan dochar do mhír 2, ní rachaidh Europol i mbun a ghníomhaíochtaí faoin gCoinbhinsiún seo go dtí go dtiocfaidh an ceann deiridh de na gníomhartha dá bhforáiltear in Airteagail 5(7), 10(1), 24(7), 30(3), 31(1), 35(9), 37 agus 41(1) agus (2) i bhfeidhm.

5.

Nuair a rachaidh Europol i mbun a ghníomhaíochtaí, beidh deireadh le gníomhaíochtaí Aonad Drugaí Europol i gcomhréir le comhghníomhaíocht an 10 Márta 1995 maidir le hAonad Drugaí Europol. I gcomhthráth, tiocfaidh gach trealamh arna mhaoiniú ó chomhbhuiséad Aonad Drugaí Europol, arna fhorbairt nó arna tháirgeadh ag Aonad Drugaí Europol nó arna chur ar láimh dó saor ó tháille ag an Stát ceanncheathrún dá bhuanúsáid, mar aon le cartlann iomlán an Aonaid sin agus a chomhaid sonraí arna riar go neamhspleách aige chun bheith ina maoin ag Europol.

6.

Amhail ón dáta a ghlacfaidh an Chomhairle an Gníomh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo, glacfaidh na Ballstáit, ag gníomhú go leithleach nó go comhpháirteach dóibh, na bearta ullmhúcháin uile faoina ndlí náisiúnta atá riachtanach do thús ghníomhaíochtaí Europol.

Airteagal 46

Aontachas Ballstát nua

1.

Beidh aontachas leis an gCoinbhinsiún seo ar oscailt d'aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2.

Is téacs údarásach téacs an Choinbhinsiúin seo i dteanga an Bhallstáit aontaigh, arna bhunú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

3.

Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an taiscí.

4.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir le Ballstát aontach ar an gcéad lá den mhí tar éis do thréimhse trí mhí a dhul in éag tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Choinbhinsiúin a theacht i bhfeidhm mura mbeadh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse trí mhí sin a dhul in éag.

Airteagal 47

Taiscí

1.

Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Choinbhinsiúin seo.

2.

Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach na fógraí, na hionstraimí nó na cumarsáidí a bhaineann leis an gCoinbhinsiún seo.

Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an séú lá is fiche dTúil sa bhliain míle naoi gcéad nócha a cúig, i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; déanfar an scríbhinn bhunaidh sin a thaisceadh i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

(Sínithe na Lánchumhachtach)

IARSCRÍBHINN

Dá DtagraíTear in Airteagal 2

Liosta de na saghsanna eile tromchúiseacha coirpeachta idirnáisiúnta a bhféadfadh Europol déileáil leo de bhreis orthu siúd dá bhforáiltear cheana in Airteagal 2(2) agus ag urramú chuspóir Europol mar atá sé sonraithe in Airteagal 2(1).

I gcoinne saol duine, i gcoinne na saoirse ó dhíobháil choirp agus na saoirse pearsanta:

— dúnbhású, mórdhíobháil choirp,

— ceannaíocht aindleathach in orgáin agus fíocháin dhaonna,

— fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gialla a ghabháil,

— ciníochas agus seineafóibe.

I gcoinne maoine, i gcoinne sealúchas poiblí lena n-áirítear calaois:

— goid eagraithe,

— ceannaíocht aindleathach in earraí cultúrtha, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,

— caimiléireacht agus calaois,

— cambheartaíocht agus sracadh,

— góchumadh agus píoráideacht táirgí,

— brionnú doiciméad riarthach agus ceannaíocht iontu,

— brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,

— coirpeacht ríomhaire,

— corbadh.

Trádáil neamhdhlíthiúil agus dochar don chomhshaol:

— ceannaíocht aindleathach in airm, muinisean agus pléascaigh,

— ceannaíocht aindleathach i speicis ainmhithe i mbaol,

— ceannaíocht aindleathach i speicis agus cineálacha plandaí i mbaol,

— coirpeacht chomhshaoil,

— ceannaíocht aindleathach i substaintí hormónacha agus fástionscnóirí eile.

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(2), beidh sé le tuiscint, má chuirtear de chúram ar Europol déileáil le haon cheann de na saghsanna coirpeachta atá liostaithe thuas, go mbeidh sé inniúil freisin chun déileáil leis na gníomhaíochtaí gaolmhara sciúrtha airgid agus leis na cionta coiriúla gaolmhara.

Maidir leis na saghsanna coirpeachta atá liostaithe in Airteagal 2(2) de réir bhrí an Choinbhinsiúin seo:

— ciallaíonn ‘coirpeacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha’ na cionta coiriúla atá liostaithe in Airteagal 7(1) den Choinbhinsiún um Chosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach, a síníodh i Vín agus Nua-Eabhrac ar an 3 Márta 1980, agus a bhaineann leis na substaintí núicléacha agus/nó radaighníomhacha atá sainithe in Airteagal 197 de Chonradh CEFA agus i dTreoir 80/836/Euratom an 15 Iúil 1980 faoi seach,

— ciallaíonn ‘smugláil neamhdhlíthiúil imirceach’ gníomhaíochtaí a bheartaítear d'aon toisc chun a éascú, le haghaidh brabúis, do dhaoine iontráil, cónaí nó obair a dhéanamh ar chríocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh atá contrártha do na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme sna Ballstáit,

— ciallaíonn ‘ceannaíocht i ndaoine’ duine a chur faoi smacht iarbhír agus neamhdhleathach daoine eile trí fhoréigean nó bagairtí a úsáid nó trí ghaol údaráis a mhí-úsáid nó trí inlíochtaí d'fhonn gabháil le dúshaothrú meirdreachais, foirmeacha dúsh-aothraithe chollaí agus ionsaí ar mhionaoisigh nó tráchtáil i ndáil le leanaí a thréigean,

— ciallaíonn ‘coirpeacht a bhaineann le gáinneáil mhótarfheithiclí goidte’ mótarfheithiclí, leoraithe, leathleantóirí, ualaí leoraithe nó leathleantóirí, busanna, gluaisrothair, carbháin agus feithiclí talmhaíochta, feithiclí oibre, agus páirteanna spártha d'fheithiclí den sórt sin a ghoid nó a mhídhílsiú, agus réada den sórt sin a ghlacadh agus a cheilt,

— ciallaíonn ‘sciúradh neamhdhlíthiúil airgid’ na cionta coiriúla atá liostaithe in Airteagal 6(1) go (3) de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú a dhéanamh ar na Faltais ó Choirpeacht, a síníodh in Strasbourg ar an 8 Samhain 1990.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla na saghsanna coirpeachta dá dtagraítear in Airteagal 2 agus san Iarscríbhinn seo a mheasúnú i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann siad.

FIFTH SCHEDULE The Text in The Irish Language of the 1996 Protocol

AN PRÓTACAL

arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le léiriú, trí réamhrialúar an gCoinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gCoinbhinsiún:

Airteagal 1

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal seo, chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú, dá ngairtear ‘Coinbhinsiún Europol’ anseo feasta.

Airteagal 2

1.

Féadfaidh aon Bhallstát, trí dhearbhú a dhéanamh tráth sínithe an Phrótacail seo nó aon tráth eile ina dhiaidh sin, glacadh le dlínse Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar Choinbhinsiún Europol faoi na coinníollacha atá sonraithe i bpointe (a) de mhír 2 nó i bpointe (b) de mhír 2.

2.

Féadfaidh Ballstát a dhéanann dearbhú faoi mhír 1 a shonrú:

  • (a) go bhféadfaidh aon eheann de chúirteanna nó binsí an Bhallstáit sin nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh a bhreitheanna a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaítear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a bhaineann le léiriú ar Choinbhinsiún Europol má mheasann sé gur gá breith ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt;

nó

  • (b) go bhféadfaidh aon eheann de chúirteanna nó binsí an Bhallstáit sin a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaítear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a bhaineann le léiriú ar Choinbhinsiún Europol má mheasann sé gur gá breith ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt.

Airteagal 3

1.

Beidh an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais sin infheidhme.

2.

I gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, beidh gach Ballstát, bíodh nó ná bíodh dearbhú de bhun Airteagal 2 déanta aige, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh do Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i gcásanna a thagann chun cinn faoi Airteagal 1.

Airteagal 4

1.

Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu, agus cuirfidh siad in iúl dó freisin aon dearbhú arna dhéanamh de bhun Airteagal 2.

3.

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm 90 lá tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach tráth na Comhairle do ghlacadh an Ghnímh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin. Ar a shon sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar a luaithe san am céanna le Coinbhinsiún Europol.

Airteagal 5

1.

Beidh aontachas leis an bPrótacal seo ar oscailt d'aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2.

Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an taiscí.

3.

Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Bhallstáit aontaigh, arna bhunú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

4.

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm maidir le Ballstát aontach 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá thuasluaite a dhul in éag.

Airteagal 6

Aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach agus a aontaíonn do Choinbhinsiún Europol i gcomhréir le hAirteagal 46 de, glacfaidh sé le forálacha an Phrótacail seo.

Airteagal 7

1.

Féadfaidh gach Ballstát is Ardpháirtí Conarthach leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Cuirfear gach togra do leasú chuig an taiscí agus cuirfidh seisean in iúl don Chomhairle é.

2.

Glacfaidh an Chomhairle leasuithe ar an bPrótacal seo agus molfaidh si iad lena nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

3.

Tiocfaidh na leasuithe arna nglacadh amhlaidh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4.

Airteagal 8

1.

Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.

2.

Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach fógraí, ionstraimí agus cumarsáidí a bhaineann leis an bPrótacal seo.

Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.

Arna dhéanamh i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.

(Sínithe na Lánchumhachtach)

SIXTH SCHEDULE The text in the Irish Language of the 1997 Protocol

AN PRÓTACAL

arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 41(3) de Choinbhinsiún Europol, maidir le pribhléidí agus díolúintí Europol, chomhaltaí a orgán agus Leas-Stiúrthóirí agus fhostaithe Europol

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Phrótacal seo, Ballstáit an Aontais Eorpaigh

AG TAGAIRT do Ghníomh ón gComhairle an 19 Meitheamh 1997

DE BHRÍ go mbeidh, de bhun Airteagal 41(1) den Choinbhinsiún ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol), ag Europol, comhaltaí a orgán agus Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le Prótacal ag leagan síos na rialacha atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit uile,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críoch an Phrótacail seo:

  • (a) ciallaíonn ‘an Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol);
  • (b) ciallaíonn ‘Europol’ an Oifig Eorpach Póilíní;
  • (c) ciallaíonn ‘orgáin Europol’ an Bord Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 den Choinbhinsiún, an Rialtóir Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35(7) den Choinbhinsiún, agus an Coiste Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35(8) den Choinbhinsiún;
  • (d) ciallaíonn ‘an Bord’ an Bord Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 den Choinbhinsiún;
  • (e) ciallaíonn ‘an Stiúrthóir’ Stiúrthóir Europol dá dtagraítear in Airteagal 29 den Choinbhinsiún;
  • (f) ciallaíonn ‘an fhoireann’ Stiúrthóir, Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol dá dtagraítear in Airteagal 30 den Choinbhinsiún amach ón bhfoireann áitiúil dá dtagraítear in Airteagal 3 de na Rialacháin Foirne;
  • (g) ciallaíonn ‘cartlann Europol’ gach taifead, comhfhreagras, doiciméad, lámhscríbhinn, sonra ríomhaire agus meán, grianghraf, scannán, taifead amhairc agus fuaime is le hEuropol nó atá á shealbhú aige nó is le haon bhall dá fhoireann nó atá á shealbhú aige, agus aon ábhar eile dá shamhail atá ina chuid de chartlann Europol i dtuairim d'aon toil an Bhoird agus an Stiúrthóra.

Airteagal 2

Díolúine ó phróis dlí agus díolúine ó chuardach, urghabháil, foréileamh, coigistiú agus aon sórt eile cur isteach

1.

Beidh ag Europol díolúine ó phróis dlí i leith an dliteanais maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí dá dtagraítear in Airteagal 38(1) den Choinbhinsiún.

2.

Beidh maoin, cistí agus sócmhainní Europol, cibé áit ar chríocha na mBallstát agus ag cibé duine a mbeidh siad, díolmhaithe ó chuardach, urghabháil, foréileamh, coigistiú agus aon sórt eile cur isteach.

Airteagal 3

Dosháraitheacht na cartlainne

Beidh cartlann Europol, cibé áit ar chríocha na mBallstát agus ag cibé duine a mbeidh sí, dosháraithe.

Airteagal 4

Saoirseacht ó chánacha agus dleachtanna

1.

Laistigh de raon feidhme a ghníomhaíochtaí oifigiúla, beidh Europol, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

2.

Beidh Europol saortha ó chánacha indíreacha agus dleachtanna a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe agus dochorraithe agus seirbhísí arna bhfáil le haghaidh a úsáide oifigiúla agus a mbeidh caiteachas suntasach ag roinnt leo. Féadfar an tsaoirseacht a dheonú i bhfoirm aisíocaíochta.

3.

Earraí arna gceannach faoin Airteagal seo atá saortha ó cháin bhreisluacha nó dleachtanna máil, ní dhéanfar iad a dhíol, ná a dhiúscairt ar dhóigh eile, ach amháin i gcomhréir leis na coinníollacha arna gcomhaontú leis an mBallstát a dheonaigh an tsaoirseacht.

4.

Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith cánacha agus dleachtanna is táillí as seirbhísí sonracha arna soláthar.

Airteagal 5

Sócmhainní airgeadais a bheith saor ó shrianta

Gan é a bheith faoi réir aon rialuithe airgeadais, rialachán, ceanglas fógra i leith idirbheart airgeadais, ná mortchairde d'aon saghas, féadfaidh Europol, faoi shaoirse:

  • (a) aon airgead reatha a cheannach trí bhealaí údaraithe, a shealbhú agus a dhiúscairt;
  • (b) cuntais a bheith aige in aon airgead reatha.

Airteagal 6

Saoráidí agus díolúintí i leith cumarsáide

1.

Ceadóidh Ballstáit d'Europol cumarsáid a dhéanamh faoi shaoirse, gan ghá le cead speisialta, chun gach críoch oifigiúil, agus cosnóidh siad ceart Europol chuige sin. Beidh ag Europol an ceart cóid a úsáid agus comhfhreagras oifigiúil agus cumarsáidí oifigiúla eile a sheachadadh agus a ghlacadh trí theachtaire nó i málaí séalaithe a bheidh faoi réir na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna atá ag teachtairí agus málaí taidhleoireachta.

2.

A mhéad a bheidh i gcomhréir le Coinbhinsiún Teileachumarsáide Idirnáisiúnta an 6 Samhain 1982, beidh ag Europol, le haghaidh a chumarsáidí oifigiúla, cóir nach lú fabhar ná an chóir a thugann Ballstáit d'aon eagraíocht idirnáisiúnta nó rialtas, lena n-áirítear misin taidhleoireachta na rialtas sin, i dtaca le tosaíochtaí maidir le cumarsáidí tríd an bpost, trí chábla, teileagraf, teiléacs, raidió, teilifís, teileafón, facs, saitilít, nó aon mheán eile.

Airteagal 7

Iontráil, fanacht agus imeacht

Éascóidh Ballstáit, más gá, iontráil, fanacht agus imeacht na ndaoine atá liostaithe in Airteagal 8 chun críoch gnó oifigiúil. Ní choiscfidh sin an ceanglas fianaise réasúnta a thabhairt chun a shuíomh go dtagann daoine a éilíonn an chóir dá bhforáiltear san Airteagal seo faoi na haicmí atá tuairiscithe in Airteagal 8.

Airteagal 8

Pribhléidí agus díolúintí comhaltaí d'orgáin Europol agus comhaltaí d'fhoireann Europol

1.

Beidh ag comhaltaí d'orgáin Europol agus comhaltaí d'fhoireann Europol na díolúintí seo a leanas:

  • (a) gan dochar d'Airteagal 32, agus a mhéad is infheidhme, d'Airteagal 40(3) den Choinbhinsiún, díolúine ó phróis dlí d'aon saghas i leith a bhfocal labhartha nó scríofa agus gníomhartha a rinne siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla; leanfaidh an díolúine sin d'ainneoin go bhféadfaidh na daoine sin bheith tar éis scor de bheith ina gcomhaltaí d'orgán de chuid Europol nó ina gcomhaltaí d'fhoireann Europol;
  • (b) dosháraitheacht a bpáipéar agus a ndoiciméad oifigiúil uile agus a n-ábhar oifigiúil eile.
2.

Comhaltaí d'fhoireann Europol a bhfuil a dtuarastail agus a n-éadálacha inchurtha faoi cháin chun tairbhe d'Europol mar atá luaite in Airteagal 10, beidh acu díolúine ó cháin ioncaim i dtaca le tuarastail agus éadálacha arna n-íoc ag Europol. Ar a shon sin, féadfar na tuarastail agus na héadálacha sin a chur san áireamh, agus méid na cánach is iníoctha ar ioncam ó fhoinsí eile á mheas. Ní bheidh an mhír seo infheidhme ar phinsin agus blianachtaí arna n-íoc le hiarchomhaltaí d'fhoireann Europol agus lena gcleith-iúnaithe.

3.

Beidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach infheidhme ar chomhaltaí d'fhoireann Europol.

Airteagal 9

Saoirseachtaí ó dhíolúintí

Ní chuirfear an díolúine arna deonú do dhuine atá luaite in Airteagal 8 i mbaint le caingean dlí arna tionscnamh ag tríú páirtí i leith damáistí, lena n-áirítear díobháil do dhuine nó bás duine, de dheasca tionóisce bóthair a raibh an duine sin ciontach inti.

Airteagal 10

Cánacha

1.

Faoi réir na gcoinníollacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos ag Europol agus arna gcomhaontú ag an mBord, beidh comhaltaí d'fhoireann Europol arna bhfostú go ceann íostréimhse bliana inchurtha faoi cháin chun tairbhe d'Europol ar thuarastail agus éadálacha arna n-íoc ag Europol leo.

2.

Gach bliain, cuirfear in iúl do na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí chomhaltaí fhoireann Europol atá luaite san Airteagal seo, maille le hainmneacha aon phearsanra eile arna chonrú chun obair a dhéanamh ag Europol. Eiseoidh Europol do gach duine díobh deimhniú bliantúil ina luafar mórmhéid agus glanmhéid luach saothair d'aon chineál arna íoc ag Europol don bhliain i gceist, lena n-áirítear mionsonraí agus cineál na n-íocaíochtaí agus aon mhéideanna arna gcoimeád siar ag an bhfoinse.

3.

Ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme ar phinsin agus blianachtaí arna n-íoc le hiarchomhaltaí d'fhoireann Europol agus lena gcleithiúnaithe.

Airteagal 11

An pearsanra a chosaint

Arna iarraidh sin don Stiúrthóir, déanfaidh na Ballstáit gach beart réasúnach i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, chun an tsábháilteacht agus an chosaint is gá a áirithiú do na daoine atá luaite sa Phrótacal seo a bhfuil a slándáil i mbaol de bharr a gcuid seirbhísí d'Europol.

Airteagal 12

Díolúintí a tharscaoileadh

1.

Is chun leasa Europol a dheonófar na pribhléidí agus na díolúintí faoi fhorálacha an Phrótacail seo agus ní chun leas pearsanta na ndaoine féin. Beidh de dhualgas ar Europol agus ar na daoine go léir a mbeidh na pribhléidí agus na díolúintí sin acu dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhlíonadh ar gach slí eile.

2.

Beidh de cheangal ar an Stiúrthóir díolúine Europol agus aon chomhaltaí d'fhoireann Europol a tharscaoileadh i gcásanna ina mbeadh an díolúine sin ina bac ar chúrsa an cheartais agus inar féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna Europol. Beidh oibleagáid dá samhail ar an mBord i leith an Stiúrthóra, an Rialtóra Airgeadais agus chomhaltaí an Choiste Airgeadais. Is iad na Ballstáit faoi seach a bheidh inniúil chun na díolúintí a tharscaoileadh i leith chomhaltaí an Bhoird.

3.

Nuair a tharscaoiltear díolúine Europol mar atá luaite in Airteagal 2(2), déanfar na cuardaigh agus na hurghabhálacha arna n-ordú ag údaráis bhreithiúnacha na mBallstát i láthair an Stiúrthóra nó toscaire arna cheapadh aige, i gcomhlíonadh na rialacha rúndachta arna leagan síos sa Choinbhinsiún nó dá bhua.

4.

Comhoibreoidh Europol i gcónaí le húdaráis iomchuí na mBallstát chun riar rianúil an cheartais a éascú agus coiscfidh sé aon mhí-úsáid de na pribhléidí agus de na díolúintí arna ndeonú faoi fhorálacha an Phrótacail seo.

5.

Má mheasann údarás nó comhlacht breithiúnach inniúil de chuid Ballstáit go ndearnadh pribhléid nó díolúine arna deonú ag an bPrótacal seo a mhíúsáid, rachaidh an comhlacht atá freagrach as an díolúine a tharscaoileadh de bhun mhír 2 i gcomhairle, arna iarraidh sin, leis na húdaráis iomchuí chun a shuíomh ar tharla aon mhí-úsáid den sórt sin. Mura dtagann toradh atá sásúil don dá thaobh as na comhairliúcháin sin, déanfar an t-ábhar a réiteach i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 13.

Airteagal 13

Díospóidí a réiteach

1.

Díospóidí maidir le diúltú díolúine de chuid Europol nó duine a mbeidh aige, de bhun a phoist oifigiúil, díolúine mar atá luaite in Airteagal 8 (1) a tharscaoileadh, déanfaidh an Chomhairle iad a phlé i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d'fhonn teacht ar réiteach.

2.

Nuair nach ndéantar na díospóidí sin a réiteach, cinnfidh an Chomhairle d'aon toil na rialacha mionsonraithe faoina ndéanfar iad a réiteach.

Airteagal 14

Forchoimeádais

Ní fhéadfaidh an Prótacal seo a bheith faoi réir forchoimeádas.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

1.

Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil a rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu.

3.

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an mBallstát is ball den Aontas Eorpach ar dháta na Comhairle do ghlacadh an Ghnímh ag dréachtú an Phrótacail seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin.

Airteagal 16

Aontachas

1.

Beidh an Prótacal seo ar oscailt d'aontachas aon Stát a thiocfaidh chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2.

Taiscfear ionstraimí aontachais leis an taiscí.

3.

Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

4.

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stát a aontaíonn dó 90 lá tar éis dháta a ionstraime aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá thuasluaite a dhul in éag.

Airteagal 17

Meastóireacht

1.

Faoi cheann dhá bhliain tar éis don Phrótacal seo teacht i bhfeidhm, déanfar meastóireacht air faoi mhaoirsiú an Bhoird Bhainistíochta.

2.

Ní dheonófar díolúine de bhun phointe (a) d'Airteagal 8 (1) ach i leith gníomhartha oifigiúla nach foláir a ghabháil de láimh i gcomhall na bhfeidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 3 denChoinbhinsiún sa leagan a síníodh ar an 26 Iúil 1995. Roimh gach leasú nó leathnú ar na feidhmeanna in Airteagal 3 den Choinbhinsiún, déanfar athbhreithniú i gcomhréir leis an gcéad mhír, go háirithe i ndáil le pointe (a) d'Airteagal 8 (1) agus le Airteagal 13.

Airteagal 18

Leasuithe

1.

Féadfaidh gach Ballstát is Ardpháirtí Conarthach sa Phrótacal seo leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Cuirfear gach togra do leasú chuig an taiscí agus cuirfidh seisean ar aghaidh chuig an gComhairle é.

2.

Bunóidh an Chomhairle leasuithe d'aon toil agus molfaidh sí iad lena nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

3.

Tiocfaidh na leasuithe arna mbunú amhlaidh i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha Airteagal 15.

4.

Cuirfidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe in iúl do na Ballstáit uile.

Airteagal 19

Taiscí

1.

Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.

2.

Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach na fógraí, na hionstraimí agus na cumarsáidí a bhaineann leis an bPrótacal seo.

Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an naoú lá déag de Mheitheamh sa bhliain míle naoi gcéad nócha a seacht, i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; déanfar an scríbhinn bhunaidh sin a thaisceadh i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Sínithe na Lánchumhachtach

This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.

This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence. Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.